Saol brónach é. Ba é an focal éadóchasach céanna i gcónaí é. Duine de Bhráithre Ord Phádraig -na Patrician Brothers. Chastaí dom é ar thailte mhainistir an oird sin sa mBaile Fionn i gcontae Laoise. D’abraínn leis nach raibh an saol ródhona. ‘Bhuel,’ a d’abraíodh sé ‘tá mise buan ar buairt gach lá’.
Is dóigh go dtuigim dó níos fearr anois ná a thuig mé dó an uair sin. Gaeilgeoir paiteanta a bhí ann as tuaisceart Chorcaí. Ní théadh sé ar ais feasta go dtí a áit dúchais. Ní rachadh, ná aríst go brách. Ar chaoi éigin, bhíodh sé ag siúl thart go réchúiseach i gcónaí. Ag smaointeoireacht.
San am sin bhíodh faisean agam a bheith ag rith corrphíosa. Bhí spás i dtailte Choláiste Bhaile Fhinn, 620 acra de thalamh maith torthúil ach bhí an áit ligthe síos, fálta sreinge lúbtha, agus geataí ag déanamh meirge. Mar sin a bhí sé ag brath faoi chontae Chorcaí freisin; scéal fada an tsaoil agus coisméig dhrogallach mar thionlacan ag na smaointe.
Sílim go dtaitníodh an comhrá Gaeilge leis ach bhíodh allas liomsa! Ach, an fear bocht – bhí sé ‘buan ar buairt gach lá’. B’fhéidir go raibh comhrá teallaigh a chomrádaithe ag cur tuilleadh bróin ar a chroí.
Bhí an chaint thart sa gceantar nach fada eile a bheadh na bráithre ann. Bhí ré Bhaile Fhinn thart mar choláiste cónaithe do bhuachaillí, agus ceapadh gurb é an deireadh céanna a bheadh leis an scoil lae gan mórán achair. Bhíodar sa gceantar a raibh imní orthu go dtiocfadh an lá nuair nach ligfí daoine isteach ar thailte na mainistreach. Thagaidís as na ceantracha máguaird, as bailte móra ar nós Phort Laoise, Móinteach Mílic agus Maighean Rátha ag caitheamh píosa de thráthnóna, cuid acu ag ‘iascach’ ar an loch – loch a bhí gann ar iasc.
Loch í – tá sí ann fós – a baineadh go híochtar i ngleann a bhí sna machairí amach ar aghaidh an tí mhóir. Ceaptar gurb í an loch is mó den chineál sin in Éirinn í: baineadh í fód i ndiaidh fóid as talamh chontae Laoise. B’iontach mar a d’éirigh le maithe móra na seanaimsire, ag cur slacht agus cruth galánta ar na heastáit, agus ag tógáil tithe móra Angla-Éireannacha.
Ar ndóigh, níorbh iadsan a chaill an t-allas leis.
Ba mhinic liom cuairt a thabhairt ar an mBaile Fionn, san áit arb as mo bhean chéile, Susan. Ní ligfinn an deis tharam sna blianta sin nó go dtéinn suas chuig an eastát le ghabháil ag rith timpeall an locha. Chastaí orm an bráthair Corcaíoch, agus é ‘buan ar buairt gach lá’. Ach bliain nó dhó théis na Mílaoise cheannaigh milliúnaí as Meiriceá, Fred Khrebiel, an teach mór, an talamh, agus gach a raibh ann.
Dúnadh na geataí.
Ní fhaca mé an bráthair ní ba mhó. Aistríodh an beagán de na bráithre a bhí fanta amach as an áit. Múnlaíodh óstán a chosain €10 milliún. Sin 20 bliain ó shin. Cosnaíonn seomra ann tuairim is €1,000 san oíche.
Tharla tragóid i gceann de na seomraí sin a bhí ina chúis le triail dúnmharaithe le gairid. Mharaigh fear óg darb ainm Henry McGowan a athair, John.
Cás uafásach truamhéalach a bhí ann. Bhí an fear óg buailte go han-dona ag meascán den scitsifréine agus den chineál ísle brí a fhágann duine gan tapa scaití, agus go hardréimeach, mínádúrtha uaireanta eile. Bhí a athair tagtha as Meiriceá le cúnamh a thabhairt do Henry.
Bhí an t-athair, John ag súil go mbeadh sé in ann sólás a thabhairt dá mhac ar feadh na hoíche san óstán galánta atá ar thailte Bhaile Fhinn anois. Rachaidís chuig an ospidéal lár arna mhárach.
Ní mar sin a bheadh.
Mharaigh an an fear óg a athair, John McGowan (66) an oíche sin. Dúradh sa gCúirt nach raibh smacht ná stiúir ag an bhfear óg ar a intinn. Scéal tragóideach.
Shamhlaigh mé tailte mhainistir Bhaile Fhinn aríst agus na páirceanna móra glasa. Chuimhnigh mé ar fhear óg a bhíodh ag rith timpeall an locha. D’airigh mé glór séimh an bhráthar agus an leagan a bhí aige ar chúrsaí an chine dhaonna – ‘saol brónach’.
Go cinnte, bíonn sé mar sin, scaití.
Pádraig
Sea, gach éinne agus a anachain féin aige/aici, mo léan.