‘An Bhrasaíl an mhaighdean a theastaíonn ó chuile adharcach ón iasacht’ – Bolsonaro

Agus polasaithe na Brasaíle maidir le caomhnú cheantar na hAmasóine á gcáineadh go hidirnáisiúnta, tá úsáid á baint ag an uachtarán Bolsonaro as seanreitric náisiúnach na ‘maighdine i mbaol’.

‘An Bhrasaíl an mhaighdean a theastaíonn ó chuile adharcach ón iasacht’ – Bolsonaro

‘Is í an Bhrasaíl an mhaighdean a theastaíonn ó chuile adharcach ón iasacht’, a dúirt uachtarán na tíre, Jair Bolsonaro, an lá cheana agus é ag tagairt d’iarrachtaí thíortha Eorpacha a ladar a chur isteach i riaradh cheantar na hAmasóine.

Is éard a bhí ag déanamh tinnis don uachtarán, nach bhfuil cáil an tsofhriotail air, ná an brú mór atá á chur ar an mBrasaíl faoi láthair ag tíortha san Eoraip, an Iorua agus an Ghearmáin go háirithe, srian a choinneáil leis an dífhoraoisiú i gceantar na hAmasóine.

An tseachtain seo caite, chas ambasadóirí na hIorua agus na Gearmáine sa Bhrasaíl le haire timpeallachta na tíre sin, Ricardo Salles, chun athruithe suntasacha atá an Bhrasaíl ag iarraidh a chur i bhfeidhm ar Chiste na hAmasóine a phlé. Eagraíocht idirnáisiúnta í an Ciste seo a bunaíodh in 2008 d’fhonn srian a choinneáil ar an dífhoraoisiú i gceantar na hAmasóine. Tá gar do €800 milliún sa chiste faoi láthair agus is iad an Iorua agus an Ghearmáin is mó a chuireann airgead ar fáil dó. Teastaíonn ó rialtas Bolsonaro rialacha na scéime a athrú ionas go bhféadfaí an t-airgead sa chiste a úsáid chun cúiteamh a íoc le húinéirí talún a mbeadh orthu talamh a ghéilleadh do limistéir chaomhnaithe. Tá an Iorua agus an Ghearmáin glan ina choinne sin agus tá sé ráite ag aire timpeallachta na hIorua, Ola Elvestuen, go bhféadfadh deireadh a theacht le Ciste na hAmasóine mar gheall ar an aighneas.

Idir an dá linn, ba mhór an imní a léiríodh san Eoraip faoin gcomhaontú nua trádála idir an Aontas Eorpach agus Mercosur a chuirfeadh deireadh leis na srianta ar iompórtáil mairteola ón mBrasaíl – rud a bhféadfadh a thuilleadh dífhoraoisithe fós a bheith mar thoradh air, dar le go leor.

Ní haon ionadh é go mbainfeadh Jair Bolsonaro úsáid as cliché náisiúnach na ‘maighdine i mbaol’ chun tuairim mhuintir na Brasaíle a ghríosú i gcoinne dhreamanna ón iasacht a bheadh ag iarraidh a ladar a chur isteach i riaradh cheantar na hAmasóine, nó, níos measa fós, an ceantar sin a ‘ghoid’. Seanreitric í sin agus meirg uirthi. ‘An le muintir na Brasaíle ceantar na hAmasóine in aigne na nEorpach?’ a d’fhiafraigh Bolsonaro d’iriseoirí Brasaíleacha an tseachtain seo caite. ‘Ní hea. Ní hea. […] Teastaíonn ón gCéad Domhan an ceantar sin a riaradh.’

Pointe leochaileach í ceist na hAmasóine sa Bhrasaíl. Tuigeann formhór mhuintir na Brasaíle tábhacht an cheantair mar ‘scamhóga an domhain’, ach ag an am céanna, santaíonn siad an dul chun cinn céanna a rinne tíortha sa chéad domhain nár thug aire dá gcuid foraoiseacha féin. Agus tuigeann Jair Bolsonaro an méid sin.

Tar éis dó filleadh ó chruinniú mullaigh an G20 in Osaka na Seapáine, áit ar cháin Angela Merkel na Gearmáine agus Emmanuel Macron na Fraince polasaithe timpeallachta na Brasaíle go géar, dúirt Jair Bolsonaro nach bhfuil ‘údarás ar bith’ ag muintir na hEorpa chun léachtaí a thabhairt don Bhrasaíl faoi chúrsaí timpeallachta, ós rud é ‘nár chaomhnaigh an Eoraip a cuid foraoiseacha féin’.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil cuid den fhírinne ansin. Go deimhin leagadh cuid d’fhoraoiseacha na hEorpa chun na longa a thógáil a rinne creach ar an mBrasaíl nuair ba choilíneacht de chuid na Portaingéile í. Is féidir breathnú ar Chiste na hAmasóine mar iarracht cuid d’éagóir na staire a chur ina ceart agus ba mhór an trua dá dtiocfadh deireadh leis, óir tá ceantar na hAmasóine i mbaol níos mó ná riamh. Agus ardú 88 faoin gcéad ar an dífhoraoisiú, i mí an Mheithimh glanadh limistéar chomh mór le contae Bhaile Átha Cliath in imeacht míosa amháin. Agus an méid sin crann á leagan, ní fada go mbeidh sé deacair ‘maighdean’ a thabhairt ar cheantar na hAmasóine.

Fág freagra ar '‘An Bhrasaíl an mhaighdean a theastaíonn ó chuile adharcach ón iasacht’ – Bolsonaro'

  • Eoghan Ó Néill

    Ceart ag Bolsonaro i dtaobh glanadh na gcrann sa tír seo (11% agus Sitka is mó ann). Tá sé riachtanach go gcasfadh 50% de talamh atá Disadvantaged go coillte measctha chun gearradh siar ar an CH4 agus fostaíocht a chuthu. Ach na scámhógaí a scrios thall sa Bhreasil – má tharlaíonn tá ár bport seinnte!