An bhfuil sé ciníoch pleanáil teanga a dhéanamh le Gaelachas na Gaeltachta a chinntiú?

Níl sé ciníoch ar bhealach ar bith a rá gur cheart bainistiú a dhéanamh ar an inimirce nó teorainn a chur leis an líon daoine a ligfí isteach

An bhfuil sé ciníoch pleanáil teanga a dhéanamh le Gaelachas na Gaeltachta a chinntiú?

Comhdháil Aontú, an páirtí nua a bhunaigh an Teachta Dála Peadar Tóibín. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie.

An ionann labhairt amach faoi dheacrachtaí a d’fhéadfadh a beith ag baint leis an inimirce agus rian den chiníochas a thaispeáint? An ciníochas féin é tagairt do mhíshuaimhneas ar bith a bhaineann le tithíocht nó seirbhísí poiblí má luaitear inimircigh sa chaint?

Tá na ceisteanna sin buailte go mór orainn ó chomhdháil Aontú, an páirtí nua a bhunaigh an Teachta Dála Peadar Tóibín, tar éis dó éirí as Sinn Féin.

Agus Tóibín faoi agallamh san Irish Times, dúirt sé, i measc rudaí eile, gur tháinig 90,000 duine go hÉirinn anuraidh, 25,000 díobh arbh Éireannaigh a bhí ag filleadh abhaile iad agus 65,000 duine nach raibh baint acu leis an tír seo roimhe sin. Ach níor tógadh ach 20,000 teach mar áiteanna cónaithe do na daoine sin go léir.

Bhí sé ina raic ar Twitter ina dhiaidh sin, agus roinnt daoine ag rá gur ciníochas a bhí ann inimircigh a lua le fadhbanna tithíochta.

Leag Tóibín an milleán ar fad ar pholasaithe rialtais, ag rá go raibh baol ann go gcothódh na polasaithe sin ciníochas mar gheall ar easpa tithíochta i gcoitinne.

‘Dog whistle’ a thug giolcaire amháin air sin, agus rinneadh ionsaí leanúnach ar Tóibín mar gheall ar an gcaint.

Ní hé Tóibín an t-aon duine a ionsaítear i gcásanna den chineál seo, mar is cineál eiriceachta é anois ceisteanna a chur faoin inimirce. Agus toisc gur eiriceacht a leithéid, ní féidir, dar liom féin, aon phlé ionraic a bheith ann faoin scéal.

Ar fhaitíos na míthuisceana, seo go soiléir mo thuairim féin. Is fuath liom duine ar bith a d’ionsódh duine as tír eile, a bhéicfeadh maslaí air, a dhéanfadh leatrom air mar gheall gur ón gcoigríoch é nó toisc go bhfuil dath dubh nó dath eile ar a chraiceann, ná a dhéanfadh aon tromaíocht eile dá réir air.

Ach ní hin le rá go bhfuil sé ciníoch ar bhealach ar bith a rá gur cheart bainistiú a dhéanamh ar an inimirce nó teorainn a chur leis an líon daoine a ligfí isteach.

Agus cuimhnímis air seo: an rud is inimirce dúinne is eisimirce é do thíortha eile agus nár aithin muid riamh gur mallacht orainn an eisimirce chéanna? Agus nuair a chuireann daoine an cheist faoi cé a íocfas ár gcuid pinsean sa todhchaí, tá an freagra le cur faoi cé a íocfas na pinsin i dtíortha na heisimirce.

Mar shampla, tá níos mó ná an ceathrú cuid d’aos óg na Laitvia imithe as an tír. Má cabhair dúinne anseo in Éirinn é sin, is léir go ndéanann sé dochar as cuimse don Laitvia is don dream siúd a fhanann sa tír.

Is amhlaidh an scéal ag an Rómáin. Mhínigh aire airgeadais na Rómáine, Eugen Teodorovici, le déanaí go bhfuil dochar mór déanta dá thír mar gheall ar an eisimirce. “Tá milliún oibrí ar iarraidh,” a dúirt sé.

“Tá an tsaoirse gluaiseachta go maith do na tíortha forbartha, ar nós na Fraince, ach is scéal eile é don Rómáin. Ní féidir linne dul i gcomórtas leis na tíortha is mó forbairt lenár muintir a choinneáil sa mbaile.”

Ar an taobh eile den scéal, tá an ceart freisin ag daoine a bheith ag iarraidh go bhfanfadh Éire Éireannach. Agus in Éirinn, amhail gach tír eile, ní féidir ach dornán teoranta daoine a thabhairt isteach gan buntréithe na tíre a chur i mbaol.

Agus má dhéantar sin, beidh sé an-deacair an ciníochas a sheachaint.

Ní neamhÉireannaigh amháin atá i gceist sa díospóireacht sin. An ndéanann sé dochar mar shampla go mbíonn an oiread sin daoine atá gan Ghaeilge ag lonnú sa nGaeltacht anois, nó an bhfuil sé ciníoch pleanáil teanga a dhéanamh le Gaelachas na Gaeltachta a chinntiú?

Cinnte, tá fórsaí fíorchiníocha ag iarraidh leas a bhaint as deacrachtaí, as míthuiscintí agus as faitíos daoine le ciníochas ceart a chothú sa bpobal. Den chuid is mó níor éirigh leis na hiarrachtaí sin in Éirinn, ach lena chinntiú nach n-éireoidh leo, ní mór an scéal a phlé go hoscailte is go hionraic.

Sin é an fáth go raibh an oiread sin díomá orm faoi na hionsaithe éagóracha a rinneadh ar Pheadar Tóibín.

Is fíor a rá nach n-aontaímse leis faoina lán rudaí, a sheasamh ar chearta ban go háirithe. Ach ní fear ciníoch é is níor cheart a leithéid a thabhairt air.

Ach tá ceist níos bunúsaí ann.

An bhfuil sé inghlactha go ndéanfadh státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath cinneadh inimircigh a lonnú i Rúscaigh gan dul i gcomhairle le muintir na háite? An ciníochas é a rá nach bhfuil na háiseanna riachtanacha ann le freastal ar na daoine seo?

Níl sé inghlactha agus ní ciníochas é, cé gur dócha gur thapaigh lucht an chiníochais an deis le leas a bhaint as an scéal sin.

Beidh a dtuairimí féin ag daoine, fiú mura féidir ceist a phlé. Agus is amhlaidh go n-éiríonn tuairimí áirithe níos gránna agus níos contúirtí nuair nach bpléitear go hoscailte iad. 

Fág freagra ar 'An bhfuil sé ciníoch pleanáil teanga a dhéanamh le Gaelachas na Gaeltachta a chinntiú?'

  • Pádraig

    In 2018 as 839 dalta i mbunscoil (Béarla) i nDún Geanainn bhí 692 acu ina ndaoine “nua-thagtha”.

  • Coinnigh an pleanáil amach uainn

    @Pádraig
    Pleanáil teanga scaipthe comh fada le Ðún Geanainn!

    Nach íontach an deis dhaoibh na daoine “nuathagtha” seo a threorú i dtreo na Gaeilge agus an Gaeloideachais. Níl an treabhchas ciníoch acu sin in aghaidh na Gaeilge.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘An ndéanann sé dochar mar shampla go mbíonn an oiread sin daoine atá gan Ghaeilge ag lonnú sa nGaeltacht anois, nó an bhfuil sé ciníoch pleanáil teanga a dhéanamh le Gaelachas na Gaeltachta a chinntiú?’

    Sé mo thuairim féin ná go bhfuil cosaint i bhfad níos láidre de dhith ar an Ghaeilg sa Ghaeltacht diomaite den ‘phleanáil teanga’. Fosta, is iad an dream is mó gan Ghaeilg atá ag lonnú sa Ghaeltacht ná daoine muinteartha/gaolta le muintir na ‘Gaeltachta’ – agus gan suim dá laghad acu i dtógáil a gclann le Gaeilge. Meánscoltacha agus institiúidí tríú leibheál sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla agus ag earcú múinteoirí/teagascóirí gan Gaeilge. Na daoine seo ag lonnú sa Ghaeltacht ansin agus ag glacadh páirt agus ag eagrú imeachtaí Gaeltachta – trí mheán an Bhéarla….agus araile…agus araile…

    Earnáil an ghnó agus gan dualgas ar bith orthu an Ghaeilg a úsáid ná a chuir chun cinn – sa ‘Ghaeltacht’ ná ar fud na tíre – agus gan fios ar bith acu ar caidé mar a chuirfeá ‘gnó le Gaeilge’ chun cinn.

    Ní ghlacaim leis gur ciníochas é an snámh in éadan easa leis an Ghaeilg a chaomhnú agus a neartú sa Ghaeltacht – agus ba cheart ceantar Gaeltachta bheith in achan contae sa tír seo, chomh maith le ceathrú Gaeltachta in achan cathair agus baile.

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!!

  • Gaeltachtaí nua de dhíth

    @Cordelia
    Ceantar Gaeltachta amháin i Maigh Nuad, Cathair na Gaillimhe, Luimneach, Corcaigh ar dtús.
    A Julian agus A Niall i gConradh na Gaeilge an bhfuil sibh chun rud a r bith coincréideach a dhéanamh?