mairtiTá imeachtaí an lae amárach agus na hAoine curtha ar ceal ag Seó Bliantúil Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara sa gClochán.
In imeacht 100 bliain d’imeachtaí Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara, ba é an galar tógálach Covid an t-aon rud a stop reáchtáil an tseó bhliantúil – go dtí anois.
An aimsir is cúis leis na himeachtaí ar an gClochán a bheith curtha ar ceal sa gClochán a dúradh i ráiteas ó Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara.
Dúradh chomh maith gur in Ionad Eachaíochta na Gaillimhe i mBaile Átha an Rí a reáchtálfaí imeachtaí Déardaoin agus Aoine an Chlocháin.
Drochbhuille é seo do cheantar an Chlocháin agus do Chonamara ina iomláine ó thaobh na turasóireachta de. Ach níos measa fós, ó thaobh gnó agus turasóireachta de, an scéala go mbeidh an dara cuid seo den Seó á reáchtáil i mBaile Átha an Rí in oirthear na Gaillimhe ar an 28 Meán Fómhair.
Dúirt cathaoirleach Chumann Chapaillíní Chonamara Darragha Ó Tuairisg ar Raidió na Gaeltachta nach bhfuil aon phlean acu an Seó a athrú soir ar an Eachréidh amach anseo agus nach bhfuil i gceist ach i mbliana amháin de bharr drochbhail na páirce. Ach tá feachtas tosaithe cheana féin sa gClochán de bharr an athraithe seo agus bileoga sna siopaí áitiúla ag déanamh achainí go gcoinneofaí an seó sa gClochán anois agus i gcónaí. Chuile sheans go mbeidh agóid ar siúl ag Páirc an tSeó sa gClochán inniu in aghaidh an athraithe go Baile Átha an Rí ach a seolfar an 99ú seó bliantúil. Coinneofar cluas ghéar le haitheasc an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív ach a n-osclóidh seisean an seó go hoifigiúil ag 1pm.
Bheadh sé chomh dóichí céanna go ndéarfadh seisean go mbaineann an Seó seo go nádúrtha, go traidisiúnta agus go bunúsach le Conamara.
Cuireann an t-athrú go Baile Átha an Rí leis na scéalta atá ag dul anonn agus anall i gConamara le tamall go bhfuil fonn ar dhaoine áirithe i gCumann Lucht Chapaillíní Chonamara ionad an tSeó a athrú go dtí áit éigin eile sa tír. Sin ceist atá le theacht chun cinn go láidir de bharr a bhfuil tarlaithe anois.
Idir an dá linn, tá cúis mhaith ann, a deirtear, le stop a chur le himeachtaí an tSeó sa gClochán tráthnóna inniu. De bharr na báistí le gairid, tá Páirc an tSeó fliuch agus tá drochghealladh faoin aimsir sna laethanta amach romhainn. Ceaptar go mbeadh an Pháirc roinnt carta agus tollta agus nach mbeadh sí sách maith le haghaidh an chuid eile de na himeachtaí.
Ní féidir a dhul thar chúinsí sláinte agus sábháilteachta ar an saolta seo ach bhítí ag glacadh leis nach stopfadh drochaimsir Seó capaillíní. Bhí Seó i gCloch na Rón le gairid agus é ina dhíle báistí ar feadh cuid mhór den lá.
Ar an taobh eile den scéal, tá imeachtaí léimní tugtha isteach i Seó Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara le roinnt blianta agus caithfear aird ar leith a thabhairt do chúrsaí sábháilteachta dá mbarr sin, cé go n-eagraítear léimneach capall ar aimsir fhliuch freisin.
Dúirt duine amháin a chuaigh chun cainte le lucht eagraithe an tSeó maidin Dé Máirt agus a cheistigh an t-athrú go Baile Átha an Rí gur dúradh léi gur Seó Náisiúnta é Seó Chapaillíní Chonamara. D’fhreagair sise gur Seó idirnáisiúnta é agus gurb é an Clochán ionad an tseó sin. Ach tá sé ráite freisin nach mbeadh Páirc an tSeó sa gClochán triomaithe sách maith idir seo agus an 28ú Meán Fómhair.
Is díol spéise é go bhfuil cluichí ceannais peile i measc na n-ógánach i gContae na Gaillimhe á n-imirt i mBéacán i gcontae Mhaigh Eo ar an 30 Meán Fómhair, dhá lá théis do chuid de Sheó Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara a bheith ar bun thoir i mBaile Átha an Rí. Sí an chúis go bhfuil na peileadóirí óga ag dul go Béacán ná go bhfuil páirc imeartha ansin atá dúnta isteach. Ní chuirfidh gaoth, báisteach ná glas-aimsir isteach ar an imirt. Tarlaíonn sé go bhfuil foireann buachaillí faoi-13 chumann na bPiarsach Charna-Caiseal in iarthar Chonamara i gceann de na cluichí ceannais. Beidh dhá uair an chloig taistil ar imreoirí agus lucht tacaíochta na foirne seo ag taisteal go Maigh Eo agus dhá uair eile ag taisteal ar ais le dorchadas an tráthnóna.
Díríonn an dá chás seo aird ar cheist na haimsire, nó le bheith níos cruinne faoin scéal, an dearcadh atá ar an aimsir. Nuair a scríobh Tony Wilde leabhar sna 1980idí faoi stair an nádúir i gConamara, dúirt sé go raibh droch-cháil na báistí léirithe go soiléir sa gceantar agus thug sé samplaí. Ach sin é nádúr Chonamara agus, mar a tharlaíonn sé bhí an bháisteach faoi bhun an mheáin sa gceantar go dtí seo an samhradh seo.
Cuireann an dá rud seo atá ag tarlú ag deireadh na míosa seo chugainn – capaillíní Chonamara i mBaile Átha an Rí agus peileadóirí óga Chonamara tugtha ar an bhfoscadh i Maigh Eo – cor nua i scéal na haimsire i gceantar na gcnoc agus na mara.
Más mar seo é, an bhfuil sé in am ionad peile faoi dhíon a fhorbairt i gConamara agus ionad Seó capaillíní faoi dhíon freisin?
Gan dabht, beidh daoine áirithe i gCumann Lucht Chapaillíní Chonamara in ann leas a bhaint as an aeráid leis an Seó a athrú amach as áit dúchais na gcapaillíní. Déanfaidh muintir Chonamara a seacht ndícheall le stop a chur leis sin. B’fhéidir go gcuirfeadh Éamon Ó Cuív gaoth ina gcuid seolta inniu.
Kerry Blue
Coinnígh úr ngreim air.