An bhfuil ceapadh 23 aire stáit riachtanach, dáiríre?

Ní ar aidhmeanna róghinearálta an chláir rialtais ach ar a gcomhlíonadh a bhunófar meas an phobail ar an rialtas nó a mhalairt idir seo agus 2030.

An bhfuil ceapadh 23 aire stáit riachtanach, dáiríre?

De réir chlár oibre nua an cholúin seo, beidh a chur chuige ag athrú as seo amach.

Is “uaillmhianach” an clár oibre é, faoi mar a dúirt Micheál Martin agus clár oibre eile á phlé aige. Is léir ón mBéarlagair go deimhin an chosúlacht eatarthu.

Deimhneoidh clár oibre nua an cholúin seo foclaíocht níos téagartha agus tuairimíocht níos soiléire. Leanfar leis an ngnáthchur chuige agus breithneofar athruithe éagsúla.

Cíorfar gach athrú go cuimsitheach. Déanfar machnamh agus measúnú orthu. Athbhreithneofar iad go deimhin. Nó rachfar i mbun oibre ar chuid acu d’fhonn iad a chur i bhfeidhm de réir a chéile. Nó amach anseo, nó uair éigin.

Is clár oibre inchreidte é seo a chaomhnóidh buanna an cholúin ach ina leagtar amach dul chun cinn suntasach agus…

[Tá ár sáith den aithris seo léite againn, ní gá a thuilleadh – An tEagarthóir.]

Tá an ceart ag an Eagarthóir ar ndóigh, cé gur léir an chúis a spreag na habairtí thuas. Tá aithris searbhasach intuigthe mar fhreagra ar dhoiléire an chláir rialtais a d’fhoilsigh Fianna Fáil agus Fine Gael Dé Céadaoin.

Má fhágtar easpa figiúirí agus dátaí as an áireamh, áfach, is féidir an cháipéis a chosaint ar chúis bhunúsach amháin.

Thug vótálaithe móramh beagnach i nDáil Éireann do dhá pháirtí a bhí i mbun rialtais ó 2020. Thugadar droim láimhe do pháirtí eile a bhí sa rialtas in éineacht leo. B’ionann a roghanna vótála agus a rá gur mian leo go leanfaí ar aghaidh le cur chuige an tseanrialtais ach gan é a bheith chomh glas.

Dá dhoiléire an clár rialtais, tá na polasaithe atá faoi chaibidil ann ag teacht go ginearálta le meon na ndaoine a thogh 95 Teachta Dála agus a dheimhnigh go mbeidh móramh 16 vóta ag an rialtas sa Dáil ina dtoghfar Micheál Martin arís mar Thaoiseach Dé Céadaoin seo chugainn.

Déanta na fírinne, ní thaitníonn leanúnachas le hiriseoirí. Músclaíonn comhaontú iarthoghcháin idir páirtithe nár aontaigh lena chéile roimh ré ár spéis ar dhóigh nach músclaíonn margadh eile idir páirtithe a bhí ag tarraingt lena chéile agus a bheidh arís.

Ní ar aidhmeanna róghinearálta an chláir rialtais ach ar a gcomhlíonadh a bhunófar meas an phobail ar an rialtas nó a mhalairt idir seo agus 2030. Sin agus iliomad roghanna a dhéanfaidh ceannairí an rialtais chun fadhbanna éagsúla a réiteach nó a sheachaint.

Fógróidh Micheál Martin agus Simon Harris a gcéad mhór-rogha pholaitiúil Dé Céadaoin. Beidh dúshlán níos lú rompu agus airí sinsearacha á roghnú ná mar a bhí ag ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael in 2020. Fágann an tubaiste Ghlas, éirí as Heather Humphreys agus cliseadh Stephen Donnelly nach cúigear ach seachtar airí rialtais a bheidh á roghnú ag Martin an babhta seo agus nach ceathrar ach seisear a bheidh le roghnú ag Harris.

Tá ardú céime ionann agus geallta mar sin do na hairí stáit Hildegard Naughton (ionas nach ag Noel Grealish agus Seán Canney a bheidh an svae mar urlabhraithe rialtais i nGaillimh) agus Dara Calleary. Beidh an bheirt agus formhór Fhianna Fáil agus Fhine Gael tostach go roghnófar foireann iomlán an rialtais nua, idir airí rialtais agus airí stáit.

Ceapfar níos mó airí stáit (23) ná mar a ceapadh riamh mar chuid den mhargadh a rinneadh leis na neamhspleáigh a thairg tacaíocht don rialtas. Ina measc beidh beirt neamhspleách a cheapfar mar shár-airí stáit a fhreastalóidh ar chruinnithe rialtais, Michael Healy-Rae, agus triúr airí sóisearacha eile.

Beidh ar an rialtas leasú reachtaíochta a chur ar chlár na Dála Dé Céadaoin chun cur le líon na n-airí stáit (níl ach scór airí stáit ceadaithe de réir dlí). Deimhneoidh an leasú díospóireacht theasaí agus beidh cur amú airgid ar mhaithe le margadh polaitiúil á chur i leith an rialtais.

Spreagfaidh an caiteachas ar thuarastail na n-airí stáit (€45,846 anuas ar thuarastal €113,679 mar Theachtaí Dála, agus €16,200 anuas ar an méid sin arís i gcás na sár-airí) agus a liúntais taistil clamhsán ar feadh tamaill. Is ar éigean a mhairfidh an chonspóid ar feadh i bhfad ach baineann ‘má’ leis an tuairim sin.

Má bhíonn rath ar an ngeilleagar agus ar ghnóthaí an rialtais nua, ní chuimhneoidh ár mbunáite ar scéal na n-airí breise ach mura mbíonn, cén dochar a dhéanfaidh sé don rialtas ar ball?

Roimhe sin, ní féidir an todhchaí atá romhainn a phlé go stuama go mbeidh tuairim eolach ar fáil faoi thionchar Donald Trump a insealbhófar arís mar uachtarán ar na Stáit Aontaithe thart ar a cúig a chlog tráthnóna Dé Luain (am na hÉireann).

An mbeidh an croitheadh a bhainfidh sé as cúrsaí a thíre féin agus as cúrsaí an domhain uilig chomh mór agus a shíltear?

Ní fiú aird a thabhairt ar shaoi ná ar thairngire nach dtugann ach leagan éigin den fhreagra seo ar an gceist: cá bhfios?

Fág freagra ar 'An bhfuil ceapadh 23 aire stáit riachtanach, dáiríre?'

  • Spadalach

    Níor vótáil 40% de na vótóirí ar chor ar bith.
    Níl aon scagadh déanta ar na cúiseanna nár vótáil siad, go bhfios dom.
    Mo thuairim láidir gur daoine óga a bhformhór mór sin,
    an dream is tréine a bhíonn ag cuimhneamh ar bhailiú leo amach as an tír.
    Dream atá bréan bailithe breoite de sheafóid seo na polaitíochta in Éirinn, mar atá, mar bhí is mar bheidh is cosúil.