An bhfuil bun le dóchas mhuintir Chorcaí?

Tá ceithre chluiche iontacha iomána romhainn inniu agus biaiste an tsamhraidh faoi lán seoil

An bhfuil bun le dóchas mhuintir Chorcaí?

Imreoirí Chorcaí i ndiaidh an chluiche in aghaidh Luimnigh i rith na sraithe. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is fada uainn anois na deirí seachtaine gan aon chluiche (mórán acu) agus muid ag dul siar ar bhóithrín na smaointe chun altanna do Tuairisc.ie a scríobh. An deireadh seachtaine seo níl aon ghanntanas ábhair orainn agus ceithre chluiche mhóra ar siúl.

Téann seaimpíní na tíre 2020, Luimneach, chun páirce chun cosaint a dhéanamh ar a gcoróin chúige agus Corcaigh mar fhreasúra acu. Bhí cuma na maitheasa orthu anuraidh nuair a bhuadar Corn Mhic Cárthaigh don dara huair i dtrí bliana. N’fheadar an féidir liom an focal ‘ach’ a úsáid fúthu agus mé ag trácht ar chuid de na cluichí sraithe a d’imríodar i mbliana agus na laigí a chonaiceamar anseo is ansiúd. An bhfuil seans ann nach bhfuil siad chomh cumhachtach agus a bhíodar anuraidh? Seans go mbeidh cuid den fhreagra againn anocht.

Mar atá scríofa agam go minic anseo, níl ach sprioc amháin ag tromlach na mbainisteoirí a bhí ag stiúradh na bhfoirne sa tsraith agus sin a chinntiú go mbeidh na himreoirí is fearr ullamh don chraobh. Agus anocht feicfidh tú na himreoirí is fearr ag glacadh páirte ag am éigin sa chluiche. Cloisim na focail ‘tosaitheoirí’ agus ‘críochnaitheoirí ‘ á n-úsáid go minic agus saineolaithe ag caint faoi imreoirí difriúla agus conas mar a úsáidtear iad i rólanna éagsúla. Feictear domsa go bhfuil painéal Luimnigh thar a bheith láidir agus meascán láidir acu d’imreoirí a chuirfidh tús maith le cluichí agus imreoirí eile (atá ar aon dul leis na leads a thosaigh ó thaobh cumais) a thiocfaidh chun páirce chun an cluiche a críochnú. Ach níl Corcaigh gan seans anocht. Tá seans acu mar gheall ar a luas, a gcumas cúil a scóráil, a gcomhimirt thomhaiste agus a naoscaire Patrick Horgan.

Sean Finn (Luimneach) agus Shane Kingston (Corcaigh). Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá ‘ach ‘ mór ann freisin mar tá ceisteanna faoina n-easpa fisiciúlachta, a neart agus a gcumas pocanna amach a bhuachan. Agus cén plean a bheidh acu chun Cian Lynch a choimeád ar an ngannchuid? Is annamh a bhíonn easpa dóchais orainn as ár n-iománaithe, is cuma cad a tharla sa chluiche deireanach nó go deimhin ó 2005, an uair dheireanach a raibh corn Mhic Cárthaigh cois Laoi. Anseo i gCorcaigh táimid dóchasach roimh an gcluiche seo, ach …

Amárach sa chluiche leathcheannais eile i gCúige Mumhan, beidh Tiobraid Árann ag dul chun páirce agus iad d’uireasa beirt treoraithe imeartha den scoth, Patrick ’Bonner’ Maher agus Niall O’Meara. Míbhuntáiste eile dóibh go bhfuil cluiche craoibhe imeartha cheana ag a bhfreasúra ó chontae an Chláir. Caithfidh mé a admháil go raibh ionadh orm faoi thaispeántas agus bua slachtmhar an Chláir an deireadh seachtaine seo caite.

Agus cé nach raibh ach ceithre chúilín le spáráil acu i gcoinne na nDéise ba stánáil a bhí i gceist dáiríre. Bhí foireann an Chláir údarásach ina gcuid imeartha ar fud na páirce ó thosach deireadh beagnach. Tabharfaidh an bua agus an taispeántas sin an-mhisneach dóibh i gcoinne Thiobraid Árann. Arís eile bhí Tony Kelly ina rí, cé nach raibh sé i mbarr a mhaitheasa ó thaobh cruinnis de. Má éiríonn le contae an Chláir a bheith níos tomhaiste agus níos stuama i mbun seilbhe, beidh sé deacair go leor iad a bhualadh. Táim ag súil go mbeidh na Tiobraid Árannaigh i bhfad níos fearr ná mar a bhí na Déisigh. Tá mórán taithí acu agus más féidir leo Kelly a choimeád ciúin in aon chor is dócha go mbeidh an lá leo. É sin ráite, bhíos mícheart faoi chontae an Chláir an tseachtain seo caite.

I ndiaidh am lóin inniu beidh cead ag 8,000 leantóir a bheith i láthair i bPáirc an Chrócaigh agus an dá chluiche leathcheannais i gCúige Laighean ar siúl.

Tom Connolly (Áth Cliath) agus David Burke (Gaillimh). Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Sa chéad chluiche caithfear an cheist a chur, an bhfuil aon seans ag Áth Cliath i gcoinne fhoireann na Gaillimhe, a bhí an-mhaith i rith na sraithe? Bhuel, tá cluiche craoibhe imeartha cheana ag foireann na príomhchathrach agus iad sásta go leor leis an toradh agus an taispeántas i gcoinne Aontroma. Ach tá freasúra i bhfad níos fearr rompu um thráthnóna. Is cinnte gur mór an chabhair d’Áth Cliath an cluiche breise sin ach bheinn amhrasach go leor go mbeidh siad láidir agus fisiciúil go leor do leaideanna na Gaillimhe.

I ndiaidh an bhua éasca a bhí ag Loch Garman i gcoinne Laoise seachtain ó shin rachaidh siad chun páirce i gcoinne na sean-namhad, Cill Chainnigh, céile comhraic atá i bhfad níos láidre. Scóráil aon duine dhéag den chúigear déag a thosnaigh (an cúl báire Mark Fanning san áireamh) ina mbua aontaobhach in aghaidh Laoise. Ba mhaith an rud cluiche a imirt ach seachas sin is deacair mórán a rá faoi. Mar sin féin, beidh na Carmannaigh lán de mhuinín agus éiríonn réasúnta maith leo i gcoinne na gCat faoina mbainisteoir, Davy FitzGerald.

Ní dóigh liom go mbeidh mórán eatarthu.

Fág freagra ar 'An bhfuil bun le dóchas mhuintir Chorcaí?'