An bhfaighidh an t-imreoir club cothrom na Féinne go deo?

Táthar ag iarraidh dul i ngleic le cás an imreora club ach b’fhéidir go bhfuil gá le cur chuige níos radacaí

An bhfaighidh an t-imreoir club cothrom na Féinne go deo?

Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Bhí tráth ann nuair a bhíodh imreoirí idirchontae sásta le cluiche craoibhe amháin sa bhliain. Bhuel ní dóigh go rabhadar sásta leis ach b’in an córas a bhí ann.  Conas in aon chor a mhair na cluichí idirchontae agus cluiche mór amháin in aghaidh na bliana á imirt? Conas a d’fheabhsaigh an caighdeán sna contaetha a bhí ag teip go rialta ar an gcéad iarracht. Dar ndóigh, ar an taobh eile de, bhí sé i bhfad níos éasca do na contaetha na comórtais club a eagrú agus a rith. 

Agus sinn ag druidim chuig deireadh deich mbliana eile i stair an chumainn seo, tá athrú ollmhór tagtha ar an méid oibre agus íobairtí  a bhíonn le déanamh ag na himreoirí club agus contae.

Ba dhíol suime an tuairisc a d’fhoilsigh an ESRI le déanaí ‘Ag imirt cluichí sinsir idirchontae: Fírinní agus Torthaí agus ba dhíol spéise freisin an scéal ar nuachtáin amháin faoin méid ama a chaith imreoir amháin leis an  gcúram idirchontae. De réir an chuntais sin caitheann an t-imreoir sin níos mó ná uair is tríocha gach seachtain ar “nithe a bhaineann lena spórt amaitéarach” .

Dar ndóigh bhí an t-eolas sin cheana ag aon duine a bhíonn ag plé le foirne ag an leibhéal sin. An t-imreoir atá dáiríre faoina spórt, bíodh sin dá chlub nó dá chontae, níl mórán de bhriseadh sa séasúr i gceist a thuilleadh. In 2018 ní fiú dul chun páirce in aon chomórtas gan ualach maith traenála a bheith déanta agat, is cuma cén t-am den bhliain atá ann. Baineann sé sin le himreoirí club freisin.

Le déanaí léigh mé agallamh a deineadh le hiar-réalta Chill Chainnigh Michael Fennelly ina ndearna sé cur síos ar an bprapáil a dhéanann sé gach seachtain mar imreoir club. Bhí sé ag rá nach raibh mórán difríochta idir saol an imreora idirchontae agus an imreora club ó thaobh ullmhúcháin de.

Arís ní haon seod eolais nua é sin.

Tá a fhios againn go mbíonn na himreoirí club sa gym go rialta, go mbíonn siad ag ithe bia folláin, ag obair ag an mballa iomána agus ar an bpáirc. Ach tá difríocht shuntasach amháin ann ó thaobh cluichí de, tharla nach bhfuil máistirliosta cluichí ag an imreoir club. Sea tá tús déanta ag Cumann Lúthchleas Gael maidir le leigheas a fháil ar chás an imreora club agus lena chinntiú go mbíonn cluichí fiúntacha níos rialta aige, ach tá píosa le dul nó go mbeadh toradh sásúil ar an iarracht sin. Mar a sheasann rudaí anois tosnaíonn formhór de na clubanna ag traenáil i mí Eanáir. Ansin, am éigin i mí an Mhárta, bíonn cúpla cluiche sraithe acu. Ina dhiaidh sin, b’fhéidir go mbeadh cluiche craoibhe amháin acu sara mbíonn gach rud ina stad nuair a dhúnann gach rud síos don séasúir idirchontae. Anseo i gCorcaigh i mbliana bhí beagnach ceithre mhí de bhriseadh ag mórán clubanna.

Tá an séasúr idirchontae thart anois agus tá an séasúr club faoi lán seoil le tamall. Tá a rás rite ag clubanna áirithe agus clubanna eile fós ag treabhadh leo.

Tá a fhios agam gurbh í bliain a haon den chóras nua a bhí ann i mbliana agus go gcaithfimid seans a thabhairt don chóras nua. Déanfaimid sin. Mar sin féin, fad is atá an bhéim chomh mór sin ar an gcluiche idirchontae ní dóigh liom go bhfaighidh an t-imreoir club cothrom na Féinne go deo. An bhfuil sé ceart nach mbíonn aon chluichí club á n-imirt le linn an tsamhraidh? B’fhéidir go bhfuil sé in am an chéad sé mhí den bhliain a chur ar leataobh don cluiche idirchontae agus gan aon chomórtas club a imirt go dtí mí Iúil. Dar ndóigh bheadh fadhb agat ansin freisin mar nach bhfaigheadh an t-imreoir contae aon sos in aon chor.

Nó b’fhéidir go bhfuil sé in am díospóireacht a thosnú faoi imreoirí club a bheith ag imirt don chlub amháin agus na himreoirí contae a bheith ag imirt leis an gcontae amháin.

A leithéid de mholadh!

Fág freagra ar 'An bhfaighidh an t-imreoir club cothrom na Féinne go deo?'