An beart déanta ag Zebo agus Cúige Mumhan, bua eile i ndán do Chúige Laighean ag an mbaile

D’éirigh leis an ceann is fearr a fháil ar Dhún Éideann aréir agus ba cheart go mbeadh an bua ag Cúige Laighean inniu in aghaidh na Ospreys

An beart déanta ag Zebo agus Cúige Mumhan, bua eile i ndán do Chúige Laighean ag an mbaile

Tugann an scíth deireadh seachtaine atá sa gcomórtas Sé Náisiún deis babhta iomlán cluichí sa URC a imirt sa limistéar seo.

Anocht bhí foireann na Mumhan, i gcoinne Dhún Éideann i Luimneach, foireann a bhí áit amháin chun tosaigh orthu sa cheathrú háit. Agus na foirne buailte ar a chéile ar an tábla, d’éirigh leis na Muimhnigh an beart a dhéanamh, 34-20 agus pointe bónais a fháil, a bhuíochas cuid mhaith do Simon Zebo a fuair trí úd.

Beidh Cúige Laighean sa mbaile san RDS inniu agus iad i gcoinne na nOspreys, foireann atá ceithre háit agus naoi bpointe taobh thiar de na curaidh. Níor imir na hOspreys ó dheireadh na míosa seo caite nuair a thug siad an lá leo i gcoinne Dhún Éideann ach is sa mbaile a d’imir siad an cluiche sin. Is scéal eile ar fad an dúshlán atá ag baint le taisteal go hÁth Cliath.  Is deacair tada eile seachas bua baile eile do Chúige Laighean a thuar.

Inniu freisin a bheas Cúige Chonnacht ag cur chun páirce sa mBreatain Bheag agus iad i gcoinne na Scarlets, foireann eile nár imir ó dheireadh na míosa seo caite. Scarann trí áit ar an tábla na foirne seo faoi láthair, Connachta sa deichiú háit agus na Scarlets sa tríú háit déag. Ach is fiú a mheabhrú nár imir foireann na Breataine Bige ach seacht gcluiche go dtí seo i gcomparáid leis an deich gcluiche atá imeartha ag foireann na Gaillimhe.

Ní hamháin gur ag foireann an bhaile atá chuile bhuntáiste don chluiche seo, ach tá na Connachtaigh ag imirt go dona faoi láthair. Caithfidh foireann Andy Friend na lagiarrachtaí a chonaic muid uatha le cúpla seachtain a cheartú más leo aon phointe a thabhairt abhaile leo ón gcoimhlint seo.

Cuirfidh foireann bharr an tábla, Cúige Uladh, chun páirce sa mBreatain Bheag ar an Domhnach.  Is i gcoinne na nDragons, foireann nár bhuaigh ach an t-aon chluiche amháin go dtí seo a imreoidh siad. Ábhar iontais a bheas ann má theipeann ar Chúige Uladh, agus ní féidir bua le pointe bónais a chur as an áireamh dóibh ach an oiread.

Fág freagra ar 'An beart déanta ag Zebo agus Cúige Mumhan, bua eile i ndán do Chúige Laighean ag an mbaile'