‘An baol ann go n-úsáidfidh Putin airm núicléacha mar nach bhfuil aon mheas aige ar bheatha an duine’ – Zelensky

Deir an Rúis gur bhuail siad monarcha lasmuigh de Kyiv ina ndéantar diúracáin fhrith-aerárthaí agus fhrith-loinge

‘An baol ann go n-úsáidfidh Putin airm núicléacha mar nach bhfuil aon mheas aige ar bheatha an duine’ – Zelensky

Ba cheart don domhan a bheith faoi réir don bhaol go mbainfeadh Vladimir Putin úsáid as airm núicléacha, a deir Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine.

Dúirt Zelensky go raibh seans ann go rachadh Uachtarán na Rúise i muinín na n-arm núicléach mar nach bhfuil “aon mheas” aige ar bheatha an duine.  

Deir an Rúis gur bhuail siad monarcha lasmuigh de Kyiv ina ndéantar diúracáin fhrith-aerárthaí agus fhrithloinge.

Ghéill lucht na Creimile níos túisce inniu go ndeachaigh a long cheannais ar an Muir Dhubh go tóin poill i ndiaidh pléisce Dé Céadaoin.

Mhaígh an Úcráin gurbh amhlaidh gur chuir siad an long, an Moskva, go tóin poill le hionsaí diúracáin ach deir údaráis na Rúise gur tine ar bord na loinge ba chúis lena suncáil. 

Deir Stáit Aontaithe Mheiriceá gur bhuail dhá dhiúracán de chuid na hÚcráine an Moskva.

Thug an Rúis rabhadh d’Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden, nach fios cén toradh a bheadh ar chúrsaí mura gcuirfí stop le hairm a sholáthar don Úcráin, airm, a dúradh a d’fhéadfaí a úsáid sa Rúis.

Idir an dá linn, d’fhógair an Rúis inniu gur “persona non grata” 18 duine de thoscaireacht an Aontais Eorpaigh sa tír.

Beidh ar an 18 “críocha Chónaidhm na Rúise a fhágáil go luath” a dúradh i ráiteas ó aireacht ghnóthaí eachtracha na Rúise.

An mhí seo caite, d’ordaigh Éire, an Ísiltír, an Bheilg agus Poblacht na Seice in éineacht go raibh 43 ball foirne in ambasáidí na Rúise á ndíbirt agus amhras caite orthu go raibh siad i mbun spiaireachta. Meastar gur freagra ar an méid sin fógra na Rúise inniu.

Tá fórsaí na hÚcráine ag ullmhú i gcónaí don mhór-ionsaí ar oirthear na tíre a mheastar atá beartaithe ag an Rúis. 

De réir mar atá trúpaí na Rúise ag cúlú ó Kyiv agus ceantair eile tá níos mó agus níos mó fianaise á nochtadh faoi na hainghníomhartha atá déanta acu ó cuireadh tús leis an ionradh.

Fág freagra ar '‘An baol ann go n-úsáidfidh Putin airm núicléacha mar nach bhfuil aon mheas aige ar bheatha an duine’ – Zelensky'

  • An Teanga Bheo

    Tá muid uilig i mbaol sa saol contúirteach seo.