‘An baol ann go dtiocfaidh deireadh le ré na mban tí in Indreabhán’

Deir an grúpa Lóistín Lurgan gurb iad mná tí na Gaeltachta atá thíos leis an aighneas faoi fhorbairt Ionad Óige agus Pobail ar láthair Choláiste Lurgan in Indreabhán

‘An baol ann go dtiocfaidh deireadh le ré na mban tí in Indreabhán’

Deir mná tí a choinníonn scoláirí sa samhradh i gConamara go bhfuil “an baol ann” go dtiocfaidh “deireadh le ré na mban tí in Indreabhán” mar gheall ar aighneas idir Coláiste Lurgan agus Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta.

Tá amhras ann faoina bhfuil i ndán d’fhorbairt Ionad Óige agus Pobail ar láthair Choláiste Lurgan in Indreabhán mar gheall ar easaontas idir an Roinn, an tÚdarás agus úinéir Choláiste Lurgan agus tá feachtas curtha ar bun ag an ngrúpa Lóistín Lurgan chun aird a tharraingt ar “an moilleadóireacht” a deir siad a bhaineann le hathfhorbairt an choláiste.

I ráiteas ón ngrúpa, dúradh go raibh “an-fhaitíos” ar mhná tí i gCois Fharraige “nach mbeidh Coláiste Lurgan réitithe faoin mbliain 2023 faoi mar a gealladh dóibh”.

“Beidh impleachtaí eacnamaíochta, sóisialta agus teanga aige seo don lucht lóistín a bhfuil infheistíocht mhór déanta acu ina dtithe le hiad a chur in oiriúint d’earnáil na nGaeilgeoirí,” a dúradh.

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuil siad “buartha” go rachaidh an €6 mhilliún atá geallta d’fhorbairt Ionad Óige agus Pobail ar láthair Choláiste Lurgan in Indreabhán chuig ceantar eile mura ndéantar dul chun cinn leis an tionscadal sin.

Tá éileamh á dhéanamh le fada ag úinéir Choláiste Lurgan go gceapfaí eadránaí mar gheall ar an easpa dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an tionscadal.

Tá ceisteanna le réiteach i gcónaí faoi cheannach dhá phíosa talún ó Mhicheál Ó Foighil, faoi úsáid an fhoirgnimh agus faoi bhainistiú an ionaid oideachais.

Deir Lóistín Lurgan go bhfuil socrú déanta cheana féin go mbeidh cúrsaí á reáchtáil “ar scála laghdaithe” in ionaid éagsúla sa cheantar in 2022, ach go bhfuil an baol anois ann gurb amhlaidh a bheidh arís in 2023.

“I ndeireadh na dála is iad na mná tí agus a gcomhluadair a bheidh siar leis an moilleadóireacht seo. Tá sé thar am ag na heagraíochtaí uilig éisteacht linn. Tá muide ag iarraidh eadránaí agus tá sé sin curtha in iúl againn do na páirtithe ar fad mar feictear dúinn gurb é seo an t-aon bhealach leis an togra a bhrú chun cinn. Faoi mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, ‘caithfear éisteacht’,” a dúirt Deborah Uí Ghibne, urlabhraí an ghrúpa Lóistín Lurgan.

Mar chuid dá bhfeachtas chroch baill den ghrúpa 58 tuáille gréithe [éadaí soithí] an deireadh seachtaine seo caite lasmuigh de theach Phóil Uí Fhoighil, an té a bhunaigh Coláiste Lurgan ar an gCnoc, agus eagraíodh léirsiú sa cheantar aréir. 58 teach lóistín atá ag brath ar theacht isteach bliantúil ón gcoláiste.

Tá Lóistín Lurgan ag impí ar mhná tí na Gaeltachta tacú lena bhfeachtas trí phictiúir d’éadach soithí a roinnt ar na meáin shóisialta leis an haischlib #loistinlurgan.

“Tá fáilte roimh an bpobal áitiúil a dtaethuáille féin a chrochadh ar ráille Theach Uí Fhoighil chun a dtacaíocht a léiriú do mhná tí na háite,” a dúradh.

Fág freagra ar '‘An baol ann go dtiocfaidh deireadh le ré na mban tí in Indreabhán’'

  • Keanebusiness@gmail.com

    Réabfaidh siad an mhuintir dúchais céim le céim go dtí go mbeidh faic fághta.