AN ARDTEIST: ‘Irish paper 2 was so sexy’

Is cosúil go rabhthas tógtha go maith le páipéar a dó sa Ghaeilge ar maidin, cé go raibh díomá ar roinnt daltaí ardteiste leis an rogha filíochta

AN ARDTEIST: ‘Irish paper 2 was so sexy’

Sásta go maith de réir dealraimh a bhí daltaí na hArdteiste leis an dara páipéar Gaeilge i mbliana.

Bhí Contance Markievicz, Neil Armstrong agus an Direánach triúr ar Pháipéar 2 Gaeilge na hArdteiste ar maidin agus mheas go leor gur pháipéar deas a bhí ann.

Bhí daltaí atá ag déanamh na staire don Ardteist go háirithe sásta leis na píosaí léamhthuisceana.

Bhí díomá ar dhaltaí inné nach raibh ‘An Córas Sláinte’ i measc na n-aistí ar pháipéar a haon, ach dán a bhí ar an bpáipéar inniu is mó a bhí ag déanamh tinnis dóibh.

Is cosúil gur beag duine a bhí ag súil le ‘An tEarrach Thiar’ le Máirtín Ó Direáin a fheiceáil ar pháipéar an lae inniu.

Ceann de na gearáin ba mhó a bhí ag daoine faoin bpáipéar Gaeilge inniu ná go raibh sé ar siúl an lá céanna leis an bpáipéar Bitheolaíochta, páipéar fada eile.

Bhí dream eile sásta iad féin a bheith le feiceáil ar an bpáipéar inniu.

Agus bhí dalta amháin ar a laghad buíoch go raibh an scrúdú Gaeilge thart…

Fág freagra ar 'AN ARDTEIST: ‘Irish paper 2 was so sexy’'