An aimsir, aontaí, taoidí agus tairngreachtaí – bíonn siad ar fad le fáil san Almanac

Is buíoch beannachtach atá ár gcolúnaí as Old Moore’s Almanac a fháil faoi Nollaig mar go mbeidh sé in ann súil a choinneáil anois ar eachtraí móra na bliana

An aimsir, aontaí, taoidí agus tairngreachtaí – bíonn siad ar fad le fáil san Almanac

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Ar cheann de na bronntanais spéisiúla Nollag a fuair mé an iarraidh seo bhí cóip den Old Moore’s Almanac. Déarfá gur aisteach an rogha a bhí ann ach ar bhealach eile níorbh ea mar tá an t-almanag céanna á fhoilsiú le beagnach 250 bliain agus tá stair faoi leith ag baint leis dá réir.

Fear as Contae Uíbh Fhailí, Theophilias Moore, a bhunaigh é sa mbliain 1764. Gaeilgeoir a bhí ann. Go deimhin mhúineadh sé Gaeilge, chomh maith le Béarla, Gréigis, Laidin, Matamaitic, agus réalteolaíocht in acadamh clasaiceach a bhí aige i mBaile an Mhuilinn, nach raibh ann ach baile beag in aice le cathair Átha Cliath an uair sin.

Ar dhuine de na daltaí a chaith tréimhse san acadamh bhí an file Thomas Moore. Bhí gaol aige féin agus ag Theophilias le chéile.

Bhí an-tóir ar an almanag seo ón tús, go háirithe faoin tuath. Ar ndóigh tuath ar fad beagnach a bhí in Éirinn ag an am.

Bhí tóir air lenár linn féin freisin. Ag cur síos dó ar a leabhar Cré na Cille, dúirt Máirtín Ó Cadhain nach mórán leabhar a bhíodh i dtithe a cheantair dhúchais nuair a bhí seisean óg. Ach bhí tóir acu ar Chré na Cille. ‘Cheannaigh daoine san áit í,’ a dúirt sé ‘nár cheannaigh de leabhair ariamh ach Old Moore’s Almanac le haghaidh aontaí nó an Imeldist ó na mná rialta nuair nach mbíodh aon dul as acu.’

Bhí tábhacht mhór leis na haontaí an uair sin. Is cuimhin liom féin go mbíodh muid thar a bheith mórtasach inár n-óige as Aonach Chill Chiaráin a bheith luaite san Old Moore’s Almanac. Tá an t-aonach sin imithe anois agus ní aontaí ach marglanna atá ar fud na tíre.

Bhí cúis eile ag daoine cois cósta a bheith ag ceannacht an almanaig seo agus is é sin go mbíodh tuairisc ann faoi theacht agus imeacht na taoille agus faoi cheathrúna na gealaí.

Chuirtí suim sa réamheolas a thugtaí faoin aimsir freisin. Ní bhfaighidh tú ach réamhaisnéis trí lá go hiondúil ach ní bhíodh stró ar bith ar an dream seo aimsir na bliana ar fad a ríomh!

Ina theannta sin ar fad bhíodh filíocht ann. Ansin a foilsíodh dánta le John Keegan Casey (‘Leo’ of the Nation) nuair a bhí seisean óg agus dánta le Charles Kickham faoina ainm cleite ‘Cavellus’.

Ar ndóigh bhí bua mór eile ag Old Moore’s Almanac, má b’fhíor, go raibh réamheolas le fáil ann faoi rudaí a tharlódh sa mbliain a bhí ag teacht.

“A crown will fall from a kingly head” a dúradh i 1903. I Meitheamh na bliana sin feallmharaíodh rí agus banríon na Seirbia.

Bhásaigh an Pápa Leo X111 an mhí dár gcionn, rud eile a bhí tuartha san almanag.

Bliain amháin gheall siad go mbeadh sé ina shneachta nuair a rithfí rás cáiliúil capall an Derby. Ó tharla gur sa Mheitheamh a ritear é níor creideadh an scéal ach tharla sé.

Bliain eile dúirt siad gur ag capall darbh ainm Blenheim a bheadh an bua sa Derby. Ba ea. Thosaigh daoine ag cur airgid chuig lucht foilsithe an almanaig ag impí orthu geall a chur ar an gcéad chapall eile a dhéanfadh an beart. Níor ghéill siad don achainí agus chuir siad ar ais an t-airgead.

Old Moore’s Almanac le fáil ar an idirlíon inniu agus an t-ábhar agus an leagan amach curtha i bhfeiliúint don saol nua. Díoltar thart ar 47,000 cóip den leabhar féin chomh maith.

Ní faoin tuath is tréine atá an díolaíocht anois ach in Áth Luain, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i gCorcaigh.

Tá mé buíoch go bhfuair mé Old Moore’s Almanac mar bhronntanas. Tá barúil mhaith agam anois faoi na heachtraí móra náisiúnta agus idirnáisiúnta a gcaithfidh mé súil a choinneáil orthu go deireadh na bliana.

Áis an-mhaith atá ansin ag colúnaí ar bith.

Fág freagra ar 'An aimsir, aontaí, taoidí agus tairngreachtaí – bíonn siad ar fad le fáil san Almanac'