An 949 suíochán sna toghcháin áitiúla líonta agus FF chun cinn

Tá Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó ar na húdaráis áitiúla le 279 suíochán agus sciar 26.9% den vóta

An 949 suíochán sna toghcháin áitiúla líonta agus FF chun cinn

 

Tá an comhaireamh sna toghcháin áitiúla thart agus gach ceann den 949 suíochán sna 156 toghcheantar líonta.

Tá Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó ar na húdaráis áitiúla. Gnóthaigh siad 279 suíochán agus sciar 26.9% den vóta a bhí acu, méadú 1.6% ar a vóta in 2014.

Údar mór uchtaigh don pháirtí an dul chun cinn atá déanta acu i mBaile Átha Cliath go háirithe agus iad ar an bpáirtí is mó ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tháinig méadú ar thacaíocht an pháirtí chomh maith i gCiarraí, i gCorcaigh agus i nGaillimh.

255 suíochán a fuair Fine Gael atá sa dara háit agus sciar 25.2% den vóta acu, mórán mar a bhí.

Tháinig laghdú tubaisteach ar sciar Shinn Féin den vóta ó 15.2% cúig bliana ó shin go dtí 9.5% i mbliana agus 81 suíochán atá anois acu le hais 159 in 2014.

Ba é an méadú mór ar líon na vótaí a fuair Comhaontas Glas scéal mór na dtoghchán áitiúil agus Eorpach. 49 suíochán a fuair Comhaontas Glas in ainneoin nach raibh aon iarrthóir acu in os cionn leath de na toghcheantair.

Maidir lena sciar den vóta  – 5.6% – bhí Comhaontas Glas nach mór gob ar ghob le Páirtí an Lucht Oibre a raibh sciar 5.7% acu. 57 suíochán a fuair Páirtí an Lucht Oibre agus gan mórán dul chun cinn déanta acu.

Sa vóta maidir le méaraí, ghlac muintir Luimnigh leis an bplean go dtoghfadh an pobal méara ar an gcathair ach dhiúltaigh muintir Phort Láirge agus Chorcaí don mholadh céanna.

Fág freagra ar 'An 949 suíochán sna toghcháin áitiúla líonta agus FF chun cinn'