Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent é John Downing
Faoi scáth Covid-19 a thit imeachtaí Dála amach le bliain anuas. Tréimhsí fada faoi dhianghlasáil agus dhá athoscailt. Ba am thar a bheith deacair é d’aon rialtas aon chruth dearfach a chur ar an teachtaireacht a bhí acu. Nuair a fhéachann tú siar bhí na trí mórpháirtí, Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin, bhíodar beagnach comhthreomhar san Olltoghchán ar an 8 Feabhra 2020. Sula ndeachaigh siad i gcomhrialtas tháinig borradh faoi Fhine Gael, agus an-leas bainte acu as an aontacht a bhí i measc na ndaoine le linn na chéad dianghlasála.
Bhí rudaí i bhfad níos casta ag an Taoiseach Micheál Martin agus an tír á hathoscailt de réir a chéile agus á dúnadh arís aige. Bíodh is go raibh Oifig an Taoisigh ag Fianna Fáil, diaidh ar ndiaidh, bhí an chuma orthu gur páirtí sóisearach iad sa Chomhrialtas agus sin deacracht atá acu ó shin. Tá an-imní ar lucht Fhianna Fáil, faoi thodhchaí an pháirtí agus tá údar acu. Tá rudaí ag druidim i dtreo coimhlint a bheith idir Fine Gael agus Sinn Féin agus Fianna Fáil a bheith fágtha ar leataobh. Sin ceann de théamaí na bliana, ó chaill siad beirt airí rialtais.
Ar cheann de bhuaicphointí móra an rialtais, sílim go bhfuil éacht déanta acu ó thaobh an chlár vacsaínithe náisiúnta, tá an-chreidiúint le dul dóibh. Bhí na ranna rialtais ba mhó dúshlán acu – sláinte, tithíocht agus oideachas – agus d’fhéadfá á rá go bhfuil deacrachtaí níos mó acu dá bharr sin. Tá an pobal ag bailiú feirge ar chúiseanna éagsúla. Cuireann an fothoghchán leis an míshuaimhneas i bhFianna Fáil. Ní dóigh liom go ndéanfaidh athrú ceannaireachta an beart don pháirtí, caithfidh siad teacht suas le fealsúnacht nua don pháirtí. Is léir nach dtuigeann siad cén treo ar chóir dóibh a dhul.
Rud amháin a dhein Covid-19 dúinne ná gur chuir sé borradh faoi na hathruithe polaitiúla sa tír seo. Tá rudaí ag tarlú i bhfad níos tapúla, cé nach bhféadfaí sin a rá faoin ghéarchéim tithíochta, a bhí ábhairín faoi cheilt de bharr na paindéime. Tá Sinn Féin ag neartú agus an míshuaimhneas a bhaineann le cúrsaí tithíochta sa phobal á léiriú acusan go han-mhaith.
Craoltóir agus iriseoir le RTÉ RnaG agus colúnaí le Tuairisc.ie í Máirín Ní Ghadhra
Le breithiúnas ionraic a thabhairt ar an Rialtas seo caithfear dhá rud a chur san áireamh. Ní móide go mbeadh rialtas ar bith curtha le chéile tar éis an olltoghcháin anuraidh murach an ghéarchéim sláinte. Thóg sé ceithre mhí clár rialtais a chur le chéile. An dara ní a theastaíonn a rá nach raibh deis mórán den chlár rialtais a chur i bhfeidhm mar thoradh ar an ngéarchéim chéanna.
Thóg sé tamall orthu luí isteach ar an obair agus níos faide fós ar Leo Varadkar cuimhneamh nach é féin an Taoiseach níos mó. Chomh maith le roinnt coimhlintí timpeall bhord an rialtais d’fhág teannas idir polaiteoirí agus saineolaithe faoi shrianta sláinte poiblí go raibh an chuma ar an rialtas go raibh siad ag imeacht le sruth ar feadh na chéad chúpla mí.
Ag an tráth seo tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil Covid-19 dá cheansú. Ciallaíonn sin go gcaithfidh páirtithe an rialtais díriú ar réimsí eile polasaí agus ar fhadhbanna eile na tíre. Beidh fiacha ollmhóra le haisíoc, na seanfhadhbanna córasacha sláinte le sárú agus thar aon ní eile, dul chun cinn le déanamh sa ngéarchéim tithíochta. Chruthaigh an fothoghchán i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas go bhfuil fadhbanna ag Fine Gael agus Fianna Fáil, páirtí an Taoisigh go háirithe.
An cheist anois an dtiocfaidh na fadhbanna sin sa mbealach ar chaidreamh an rialtais? Nó an amhlaidh go gcloífidh siad go daingean leis an socrú reatha níos túisce ná a rachadh siad sa seans le breithiúnas an phobail orthu?
Comhfhreagraí Polaitíochta le The Business Post é Michael Brennan
Bliain an-tapaidh a bhí inti i saol na polaitíochta agus tinte Covid-19 á múchadh ag an rialtas den chuid is mó. Ní raibh de dheis acu mórán a dhéanamh seachas sin. Níor tharla na gnáthrudaí, na buaicphointí a bhíonn ag gnáthrialtas, turas an Taoisigh go Meiriceá do Lá Fhéile Pádraig, níor tharla siad. Chuir an fhadhb a bhain le Mullen Park an spotsolas ar ais ar an ngéarchéim tithíochta agus cé go ndearnadh leasú ar an dlí a chiallaíonn go bhfuil níos mó cánach ar chomhlachtaí a cheannaíonn eastát iomláin, seans nach leor é.
Ceapaim go n-íocfaidh an dá pháirtí, Fianna Fáil agus Fine Gael, go daor sa chéad olltoghchán eile as an teip a bhaineann le réiteach a fháil ar an easpa tithíochta. Deir Micheál Martin gurb í sin an fhadhb is mó atá roimh an Rialtas agus tá bearta éagsúla déanta le dul i ngleic léi. Beidh cumhachtaí nua ag an nGníomhairecht Forbartha Talún (LDA) agus déanfaidh sin difríocht ach tá an rialtas faoi bhrú ag an easpa tithíochta.
Ar cheann de bhuaicphointí an rialtais, den chuid is mó, táthar ag obair le chéile. Tá teannas ann idir Micheál Martin agus Leo Varadkar i gcónaí. D’éirigh go maith leis an gComhaontas Glas an dlí nua aeráide agus ísealcharbóin a thabhairt fríd thithe an rialtais. Is rud an-tábhachtach agus suntasach é sin. Tá tionchar mór ag an bpáirtí sin sa rialtas. Bhí go leor sna meáin faoi na heasaontais sa pháirtí ach tá éirithe go han-mhaith leo.
Ceapaim nach bhfuil sé féaráilte a bheith ag tabhairt amach faoin easpa rudaí atá déanta ag an rialtas mar go bhfuil sé chomh deacair rudaí a chur i gcrích le linn géarchéim sláinte. Tá a lán bearta déanta acu chun daoine a choinneáil ag imeacht, daoine a bhfuil a gcuid postanna caillte acu agus cuireadh scéimeanna éagsúla tacaíochta ar bun go han-tapaidh. Bhí imní ar dhaoine gur tubaiste a bheadh i ndán don chlár vacsaínithe ach tá sé ag déanamh go han-mhaith.
Craoltóir agus tráchtaire polaitíochta í Áine Ní Chiaráin
Bhí tús tubaisteach, tútach, míthapúil ag an Rialtas seo. Fágadh iarthar na tíre gan Aire Sinsearach, agus cuireadh an Rialtas i gcomparáid le Cromail, beirt Airí Talmhaíochta thar bord taobh istigh de dhá mhí, Príomh-Aoire na nGlasach éirithe as a post agus Teachta Glas eile ag staonadh ar vóta Dála. Ba ghearr go raibh deireadh le tacaíocht traspháirtí do láimhseáil na paindéime agus bhí diancháineadh faoi chumarsáid leis an bpobal.
Beartaíodh leanacht leis na híocaíochtaí tacaíochta dífhostaíochta agus cé go gcuireann na bearta sin eacnamaíocht na tíre faoi dhianbhrú is an Rialtas leo, caithfear creidiúint a thabhairt dóibh faoi sin. Chuireamar aithne ar eagraíochtaí nár chualamar riamh fúthu, bhí NPHET agus NIAC ar bharr gach goib agus tá an cineál céanna aithne anois ar na hOllúna Luke O’Neill agus Sam McConkey agus a bhí ar Ajay Chopra deich mbliain ó shin.
Thit an Rialtas amach leis an bPríomhoifigeach Leighis Tony Holohan nuair a mhol sé bogadh go srianta leibhéal a 5 agus thug an Tánaiste Leo Varadkar faoi ar chlár teilifíse ach cruthaíodh gurbh é an Dr. Holohan a bhí ceart. Le léiriú nach iad NPHET a bhí i gceannas na tíre mhaolaigh an Comhrialtas ar na srianta aimsir na Nollag agus bhuail rabharta coróinvíris an tír. Ba dhearmad ollmhór é sin. Tá an córas leighis ó shin ag téarnamh ón mbuille agus tá an Rialtas fós thíos leis an gcinneadh agus leis an moilleadóireacht a bhain le coraintín éigeantach. Tharla an Breatimeacht ach bhí an tír chomh gafa leis an ardú sna cásanna víris gur beag caint a bhí faoi go dtí gur thosaigh an-t-easaontas sa Tuaisceart faoin bprótacal.
Bhí tús lag ag an gclár vacsaínithe ach ba dheacrachtaí soláthair ba chúis leis sin. Tá sé ag dul ar aghaidh go maith anois agus a éileacht [shliocht] sin ar sheasamh an Rialtais. Is sa chlár sin atá an léas mór dóchais don Rialtas agus don phobal.
Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Times é Harry McGee
Bhí deacrachtaí go leor ag an rialtas ag an tús, Fianna Fáil go háirithe, nuair a bhí ar bheirt airí talmhaíochta seasamh síos. Bhí deacrachtaí ag Micheál Martin chomh maith agus an ceann is fearr á fháil ag Varadkar air ó thaobh na cumarsáide de. Bhí deacrachtaí móra acu théis na Nollag nuair a chuaigh cúrsaí chun donais sa tír mar gheall ar a gcinneadh scaoileadh leis na srianta. Cuimhnigh go raibh deacrachtaí ag Leo Varadkar ansin nuair a sceith sé eolas maidir le conradh na ndochtúirí.
Maidir leis na Glasaigh, bhíodar i sáinn nuair a chuaigh siad isteach sa rialtas agus troid inmheánach ar siúl i measc an pháirtí agus lean na scéalta faoi na scoilteanna agus na troideanna tamall fada. Bhí an chéad sé mhí deacair don rialtas ach tá mé ag déanamh go bhfuiltear ag déanamh beagáinín níos fearr ó shin cé go mbíonn conspóidí ann ó ham go am. Ní dóigh liom gur chabhraigh an fothoghchán le ceachtar den dá mhórpháirtí sa rialtas ach is mó dochar a rinne sé d’Fhianna Fáil.
Tá titim mhór tagtha ar an méid tacaíochta atá ag an pháirtí. Tá dáileadh na vacsaíní i bhfad níos fearr ná mar a tuaradh agus iad chun cinn ar aon tír eile san Eoraip agus cabhraíonn sin go mór leo. Tá deacrachtaí ag Micheál Martin faoi láthair agus ceist ann faoina cheannaireacht ach tá mé ag déanamh go sáróidh sé na deacrachtaí sin sa ghearrthéarma. Tagann a thréimhse mar Thaoiseach chun críche i mí na Nollag na bliana seo chugainn agus beidh athnuachan le déanamh ar Fhianna Fáil an tráth sin.
Cé go bhfuil sé ag rá go poiblí go leanfaidh sé ar aghaidh mar cheannaire Fhianna Fáil ina dhiaidh sin, ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin. Ag deireadh na bliana seo chugainn a fheicfidh muid an t-athrú ceannaireachta sin i mo thuairim féin.
Fág freagra ar 'An 33ú DÁIL: Cogar i gcluas na saineolaithe – súil siar ar an chéad bhliain ag an Rialtas'