An 24ú plean teanga Gaeltachta seolta

Péire den 26 plean teanga atá le hullmhú do na ceantair Ghaeltachta atá le ceadú

An 24ú plean teanga Gaeltachta seolta

Tá plean teanga Chléire ceadaithe agus seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta – an 24ú plean atá faofa go dtí seo.

D’fhógair an tAire Stáit Jack Chambers ceadú an phlean agus é ar cuairt ar Chléire inné.

Is é Comharchumann Chléire Teoranta an cheanneagraíocht pleanála teanga atá freagrach as ullmhú agus feidhmiú an phlean ar an oileán. Cuirfear buiséad bliantúil €100,000 ar fáil don cheanneagraíocht thar thréimhse seacht mbliana chun cabhrú le feidhmiú an phlean.

Dúirt an tAire Stáit Chambers go raibh sé an-sásta ceadú an phlean teanga nua do Chléire a fhógairt.

“Aithním an pháirt thábhachtach atá ag an nGaeilge i saol an oileáin inniu agus go stairiúil.  Le cur i bhfeidhm an phlean seo, tógfar ar ról na Gaeilge i saol an oileáin agus níl amhras orm ach go mbeidh sin chun leasa phobal an oileáin agus cuairteoirí a thagann anseo.”

Agus é ar Chléire, chuaigh an tAire Stáit ar thuras thimpeall an oileáin agus thug cuairt ar Dhrioglann Chléire, gnó a bunaíodh nach mór dhá bhliain ó shin.

Fágann fógra an lae inné nach bhfuil ach péire den 26 plean teanga atá le hullmhú faoi Acht na Gaeltachta 2012 do na ceantair Ghaeltachta ar fós le ceadú.

Tá pleananna teanga Oileáin Árann agus na Gaeltachta Láir i nDún na nGall á meas ag Roinn na Gaeltachta i láthair na huaire.

Tá plean teanga Thrá Lí á mheas i láthair na huaire freisin agus an baile sin ag iarraidh aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

Tá pleananna teanga á gcur i bhfeidhm cheana féin i Leitir Ceanainn, i nDaingean Uí Chúis, i gcathair na Gaillimhe agus ar an gClochán Liath. Tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte seo a leanas: Dún Garbhán, Cathair Saidhbhín, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Chorcaí.

Tá trí Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas pleanála teanga freisin – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin.

Tá 21 Oifigeach Pleanála Teanga – naoi nduine dhéag i Limistéir Pleanála Teanga agus beirt i mBailte Seirbhíse Gaeltachta – agus ceathrar Oifigigh Chúnta Pleanála Teanga fostaithe agus iad ag cur pleananna teanga i bhfeidhm ina gceantair.

Fág freagra ar 'An 24ú plean teanga Gaeltachta seolta'