An 23ú plean teanga ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta

Agus é ar cuairt ar chuid de cheantair Ghaeltachta Mhaigh Eo inniu, osclóidh an tAire Stáit Jack Chambers ionad gteic Acla freisin

An 23ú plean teanga ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta

Tá an 23ú plean teanga sa Ghaeltacht faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta – plean Mhaigh Eo Thiar.

Fógróidh an tAire Stáit Jack Chambers ceadú an phlean agus é ar cuairt ar Ghaeltacht Mhaigh Eo tráthnóna.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú do 26 ceantar Gaeltachta ar fad.

Cuirfear suas le €100,000  in aghaidh na bliana ar fáil thar thréimhse seacht mbliana chun plean Mhaigh Eo Thiar a chur i bhfeidhm.

Thréaslaigh an tAire Stáit Chambers le Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla (CFÁA) as an phlean a chur le chéile. CFÁA a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean chomh maith.

“Ach an oiread leis na pleananna ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Mhaigh Eo Thiar do phobal an cheantair seo a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán, sábháilte chuig na glúine atá le teacht,” a dúirt an tAire Stáit.

Tá dhá phlean Gaeltachta eile á mheas ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair – plean teanga Oileáin Árann agus plean teanga Chléire – agus tá plean amháin eile le cur faoi bhráid na Roinne go fóill, An Ghaeltacht Láir i nDún na nGall.

Tá plean teanga Thrá Lí, a bheidh ina Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, á mheas ag an Roinn i láthair na huaire freisin. Tá ceithre Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dáta –  Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe agus An Clochán Liath.

Tá 19 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe agus iadsan ag cur pleananna i bhfeidhm go dtí seo.

Le linn dó a bheith in Acaill inniu, osclóidh an tAire Stáit Chambers an t-ionad gteic ar an oileán go hoifigiúil.

“Is áis iontach é an mol digiteach don cheantar,” a dúirt an tAire Stáit. “Cuirfidh sé deiseanna ar fáil do ghnóthaí agus d’fhiontraithe na háite agus spreagfar daoine chun smaoineamh ar fhilleadh ar an gceantar nó gnó a bhunú ann.  Tá forbairt mar seo thar a bheith tráthúil leis na féidearthachtaí nua atá tagtha chun cinn maidir leis an gcian-obair.”

Le linn an lae, tabharfaidh an tAire Stáit cuairt ar roinnt áiseanna agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ar fud Mhaigh Eo Thiar. Ina measc beidh, Teach Solais an Fhóid Dhuibh agus Coláiste Uisce, Cuan Eilí ar an Eachléim.

Fág freagra ar 'An 23ú plean teanga ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta'