An 20 baile Gaeltachta is ‘slachtmhaire’ sa chomórtas Tidy Towns

Fuair ocht mbaile Gaeltachta os cionn 300 marc as 470 i gComórtas na mBailte Slachtmhara 2019

An 20 baile Gaeltachta is ‘slachtmhaire’ sa chomórtas Tidy Towns

Is i nDún na nGall atá formhór na mbailte Gaeltachta is fearr a chruthaigh i gcomórtas Tidy Towns 2019.

De réir scagadh atá déanta ag Tuairisc.ie ar thorthaí chomórtas na mbailte slachtmhara, a foilsíodh inné, fuair ocht mbaile Gaeltachta os cionn 300 marc as 470 sa chomórtas.

Ba é an marc ab airde a fuair aon bhaile sa chomórtas, atá urraithe ag Supervalu, ná 346, an marc a fuair an baile a bhuaigh comórtas 2019, Glasloch i gcontae Mhuineacháin.

331 a fuair  Carraig Airt i nGaeltacht Dhún na nGall, a tháinig sa chéad áit sa rannóg Ghaeltachta sa chomórtas.

Ba iad na bailte Gaeltachta eile a ghnóthaigh níos mó ná 300 marc ná Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo; an Clochán Liath, Co. Dhún na nGall; an Spidéal, Co. na Gaillimhe; Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí; Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall; Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall; agus an Daingean, Co. Chiarraí.

Ar na bailte nár éirigh leo áit a bhaint amach ar liosta na 20 baile Gaeltachta ‘is slachtmhaire’ bhí Ráth Chairn na Mí a fuair 272 marc, an Cheathrú Rua i gConamara, a fuair 260 marc, agus Gaoth Dobhair i nDún na nGall a ghnóthaigh 251 marc. Is ó Ghaeltacht Dhún na nGall is mó a tháinig iarratais. Iarratas amháin a bhí ann ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne – an Daingean – agus ní raibh aon iarratas istigh ar chomórtas na bliana seo ó Ghaeltacht Phort Láirge.


Fág freagra ar 'An 20 baile Gaeltachta is ‘slachtmhaire’ sa chomórtas Tidy Towns'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Molaim an chomórtas i mbliana as ainmneacha na mbailte uilig a chuir sa dá theanga – Gaeilg agus Béarla – den chéad uair i leabhrán na dtorthaí a fhoilsítear. Ar an drochuair tá neart botúin sa litriú ach is iarracht atá ann agus tá go leor le déanamh go fóill ó thaobh aitheantas a thabhairt d’ár dteangaidh dúchais.

    Chuir sé iontas orm, mar sin féin, nach raibh ainmneacha na mbailte ‘Gaeltachta’ uilig i nGaeilg amháin (macasamhail Loch an Iúir agus Gort an Choirce) i leabhrán na dtorthaí a seoltar chuig achan iarrthóir agus atá ar fáil ar líne chomh maith. Tá mórchuid na logainmneacha ‘Gaeltachta’ leis an leagan Béarla ann fosta cé nach seo an leagan oifigiúil – is i nGaeilg amháin a bhíonn logainmneacha Gaeltachta, chan dátheangach mar atá foilsithe sa leabhrán seo. Ach b’fhéidir go bhfuil na coistí bailte slachtmhara ag cuir an leagan Béarla ar a n-iarratais…?

    Ón liosta thuas seo mar atá siad foilsithe ag an chomórtas:
    (Dála an scéil, níl Dún Fionnachaidh sa Ghaeltacht agus mar sin, táim chun Rath Chairn a chuir ar an liosta ina áit)

    Carraig Airt – Carraig Airt
    Béal an Mhuirthead – Belmullet
    Dungloe – An Clochán Liath
    An Spideal – An Spideal
    Béal Átha an Ghaorthaidh
    Loch an Iuir
    Kilcar – Cill Charthaigh
    Dingle – An Daingean
    Maghery – An Mhachaire
    Na Forbacha – Na Forbacha
    Carna – Carna
    Baile Mhuirne – Baile Mhuirne
    Ballymakeera – Baile Mhic Ire
    Tonragee – Thóin Re Gaoighh
    Cuil Aodha – Cúil Aodha
    Oilean Ghabhla (Gola) (‘Ghabha’ sa liosta thuas)
    Downings – Na Dunaibh
    An Falcarrach – An Fál Carrach
    Gort an Choirce
    Rath Cairn – Rath Chairn

    Is cosúil go mbeidh orm comhfhreagras eile a sheoladh chuig an chomórtas….

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!!