Amú san aistriúchán…(8)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

Amú san aistriúchán…(8)

Amú 8

Beannachtaí na Féile Pádraig ar léitheoirí Tuairisc.ie! Tá súil againn go bhfuil sibh i mbarr bhur sláinte agus ag baint taitneamh as an lá pé ar bith áit ar domhan a bhfuil sibh.

Míle buíochas as ucht na rphost ar fad an tseachtain seo, bhí go leor acu ann agus a bhformhór bainteach le Lá Fhéile Pádraig (agus ar ndóigh le Google Translate).

Molaimid an iarracht agus an tsár-iarracht atá déanta ag na gnólachtaí agus comhlachtaí fud fad na tíre a chroch comharthaíocht i nGaeilge bhreá in ómós an lae. Ach, bíonn an chaora dhubh i gcónaí ann agus tá an t-uainín seo faighte againn ó bhean i mBaile Átha Cliath.

Cuireadh chugainn ar rphost é ach ba í Fionnuala Mc Nelis a chroch an chéad lá ar Facebook é.

Áit: Sráid Suffolk i mBaile Átha Cliath 2.

An Béarla: Ag Pádraig Naofa atá a fhios…

An Ghaeilge: Sásta lá St Patrick ar

Focal ó na moltóirí:

Níl mórán eile is féidir linn a rá faoin gceann seo (ach amháin go mb’fhéidir gur thosaigh an té a scríobh é ar an gceiliúradh beagáinín róluath…).

Chuir muid an teachtaireacht Ghaeilge trí Google Translate ó Ghaeilge go Béarla ach ní raibh tóin ná ceann ar an toradh. Tá faitíos anois orainn go gciallaíonn sé sin go bhfuil inneall anaithnid eile atá níos measa ná Google ar an saol. Mar eolas, is é “Shona Lá Fheile Pádraig” an leagan a gheobhas tú ar “Happy St Patrick’s Day” ar Google Translate.

Le cúnamh Dé cuirfidh Pádraig an ruaig chéanna ar mhíúsáid Google Translate is a chuir sé ar na nathracha.

An leagan ceart: Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh!

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(8)'

  • Eoin P.

    Mar eolas is féidir leaganacha cearta a mholadh do google translate, rud is cóir déanamh do nathanna rialta ar nós happy st p day…