Go raibh maith agaibh as ucht na bpictiúr a cuireadh isteach le seachtain anuas. Is cosúil go bhfuil líon na ndrochaistriúchán ag dul i méid le tamall anuas! Aduaidh chugainn a tháinig pictiúr na seachtaine seo ó John i gContae an Dúin
An Áit: CLG Cluain Daimh, Contae na Dúin
An Béarla: Ní hann dó ach glacaimid leis gur “No football boots in clubhouse” nó a leithéid atá i gceist
An Ghaeilge: Ná Bróg Pheile í Ceannarás
Focal ó na moltóirí: Is deas linn go bhfuil aird ag gCumann seo ar an nGaeilge agus gur chuimhnigh an t-aistritheoir gur focal baininscneach é ‘bróg’ agus gur cuireadh séimhiú dá bharr ar an bhfocal ‘peil’ (atá sa tuiseal ginideach freisin!). Ach seachas sin is beag eile atá le moladh sa chás seo. Buíochas le Dia gur cuireadh pictiúr leis an teachtaireacht!
An leagan ceart: Cosc ar bhróga peile sa chlubtheach/cheannáras
padraig
‘Barrog’ an tuaiscirt le blaiseadh ar an meid sin!