37 bliain ó maraíodh an dlíodóir Pat Finucane tá seantaithí ag an teaghlach ar mhoilleadóireacht. Bhí an marú ar cheann de na heachtraí ba chonspóidí le linn na dTrioblóidí agus é soiléir le fada an lá go raibh claonpháirteachas idir seirbhísí slándála agus an lucht ionsaithe ón UDA. Tá sé ag druidim le ceathrú céid ó gheall rialtas na Breataine fiosrú poiblí neamhspleách i dtosach, geallúint nár comhlíonadh. Anois tá amhras nochta faoi céard is cúis leis an righne faoin bhfiosrú a d’fhógair an rialtas reatha 17 mí ó shin.
Cothrom an ama seo, ar an 12 Feabhra 1989, bhris dílseoirí isteach i dteach mhuintir Finucane i mBéal Feirste. Bhí an teaghlach ina suí ag bord chun dinnéir, Pat, a bhean Geraldine agus a dtriúr paistí, beirt mhac agus iníon. Scaoileadh 14 piléar le Pat Finucane agus goineadh a bhean freisin os comhair na ngasúr.
D’éirigh leis na fir ghunna éalú gan stró; ní raibh amharc ar fhórsaí cosanta sa cheantar cé go raibh scuaine acu sa gcomharsanacht níos luaithe. Mhaígh na dílseoirí go raibh an dlíodóir san IRA, rud a bhréagnaigh an RUC agus Sir John Stephens, iarcheannaire an Met, póilíní Londan a rinne sraith d’fhiosruithe faoi chlaonpháirteachas san dúnmharú.
Go luath i ndiaidh an ionsaithe thosaigh baintreach an dlíodóra, Geraldine, feachtas ag éileamh go bhfiosrófaí an raibh fórsaí slándála agus a seirbhísí faisnéise ag obair i gcomhar leis na paraimíleataigh. De réir mar a tháinig fianaise faoin gclaonpháirteachas chun solais bhí an feachtas le fiosrú poiblí neamhspleách a bhunú ag bailiú nirt, sa bhaile agus i gcéin. Thacaigh rialtas na hÉireann chomh maith le heagraíochtaí cearta idirnáisiúnta agus náisiúnaithe abhus leis an éileamh.
Sa mbliain 2001 ag comhdháil iar-Chomhaontú 1998 in Weston Park i Sasana d’aontaigh rialtais na Breataine agus na hÉireann go n-iarrfaí ar an mBreitheamh Peter Cory as Ceanada líomhaintí chlaonpháirteachais i sraith eachtraí a scrúdú féachaint ar cheart fiosruithe neamhspleácha poiblí fúthu a thionscnamh.
Mhol an Breitheamh Cory in 2003 go bhfiosrófaí marú beirt phóilíní ón RUC ó dheas agus gur chóir ceithre fhiosrú a rith ó thuaidh. Rinneadh an fiosrú sa Phoblacht agus trí cinn i dTuaisceart Éireann (marú Rosemary Nelson, Robert Hamill agus Billy Wright). Níor bunaíodh an fiosrú neamhspleách faoi mharú Pat Finucane, áfach.
D’éirigh conspóid faoi na téarmaí tagartha. Ní raibh aon ghlacadh ag muintir Finucane le hathruithe a rinne rialtas Tony Blair ar an reachtaíocht. Bheadh cumhacht ag an Státrúnaí chun faisnéis a cheilt ‘ar mhaithe le slándáil an stáit’. Thug rialtas na gCaomhach an t-eiteachas d’fhiosrú poiblí neamhspleách freisin. Tar éis scrúdú ar cháipéisí ghabh an Príomh-Aire David Cameron leithscéal as an gclaonpháirteachas in 2012.
Ar deireadh, tar éis iliomad cásanna cúirte ag éileamh gnímh ón stát b’údar dóchais ag Geraldine Finucane cinneadh an Státrúnaí Hilary Benn go mbunófaí fiosrú poiblí neamhspleách mar a gealladh i dtús an chéid. Chreid Geraldine Finucane go raibh fiosrú críochnúil cuimsitheach agus éifeachtach á phleanáil.
Déardaoin, ar ócáid chuimhneacháin a fir, dúirt sí go raibh amhras uirthi. Níl na téarmaí tagartha don bhfiosrú fógartha. Ainmníodh Cathaoirleach, iarbhreitheamh agus beirt mheasúnóirí an samhradh seo caite. Rinne muintir Finucane moltaí faoi na téarmaí tagartha i mí na Samhna ach níor fógraíodh aon dul chun cinn ó shin. Deir Oifig Thuaisceart Éireann go bhfuil siad ar a ndícheall ag cuidiú leis an bhfiosrú a dhul i mbun oibre ach bhí amhras mhuintir Finucane follasach.
I bhfianaise oiread moille is a bhí ar fhiosrú críochnúil roimhe seo is furast mímhuinín sna geallúintí agus buairt Geraldine Finucane gur straitéis í an mhoilleadóireacht a thuiscint. Má tá údar inmhínithe leis an tsiléig sa phróiseas reatha níor mhór an t-eolas a roinnt leis an teaghlach.
Más socrú faoi na téarmaí tagartha is cúis leis an moill beidh sé dúshlánach. Ní údar iontais a bheadh ann mar bhí drogall an stáit faisnéis ‘íogair’ a nochtadh i gcásanna eile soiléir. Beifear ag súil nach cosaint do lucht an chlaonpháirteachais agus ceilt eolais faoi ghníomhairí atá ag cur a thuilleadh moille ar chúrsaí. Ní hamháin go bhfuil fiosrú poiblí neamhspleách ar na ceisteanna a eascraíonn as marú Pat Finucane tábhachtach dá mhuintir beidh ciallachais aige do riar na córa agus do mhuinín an phobail go seasfar lena gcearta seachas an státchóras a bheith ina sciath chosanta ag brocamas.
Fág freagra ar 'Amhras faoin moill is deireanaí ar fhiosrú neamhspleách faoi Pat Finucane'