Amhras faoi thionchar teanga ag leasú atá molta ar scrúdú na hArdteiste

D’fhágfadh an leasú go mbeadh pas á bhronnadh ar dhaltaí nach bhfaigheadh ach 30% ar pháipéar ardleibhéil na hArdteiste

Jan O'Sullivan. Pictiúr: Sam Boal/Phtocall Ireland
Jan O’Sullivan. Pictiúr: Sam Boal/Phtocall Ireland

Tá amhras léirithe ag saineolaí ar mhúineadh teangacha faoi leasuithe atá molta ar scrúdú na hArdteiste a d’fhágfadh go mbeadh pas á bhronnadh ar dhaltaí nach bhfaigheadh ach 30% ar pháipéar ardleibhéil sna scrúduithe, scrúdú na Gaeilge san áireamh.

Ní fheictear d’Anna Ní Ghallchóir, Ceann Roinne Ionad na dTeangacha in Ollscoil Mhá Nuad, go bhfuil “an oiread sin céille” leis an moladh atá le cur i láthair an Rialtais ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, an tseachtain seo.

Táthar ag súil go spreagfadh an t-athrú níos mó daltaí chun scrúduithe ardleibhéil a dhéanamh agus a mbuairt go gcaillfidís pointí CAO dá dteipfeadh orthu i scrúdú ardleibhéil a mhaolú. Laghdófar líon na ngrádanna san Ardteist ó cheithre cinn déag, idir NG agus A1, go hocht gcinn.

I gcás na Gaeilge, dúirt Anna Ní Ghallchóir gur dóiche go gcuirfeadh an beartas daoine i dtreo cúrsaí ardleibhéil nach mbeadh in ann acu.

“B’fhearr do dhaoine dul i dtreo an ghnáthleibhéil nó an bhunleibhéil mura bhfuil caighdeán rómhaith acu san ábhar. Chuirfeadh sé imní orm go mbeadh barraíocht daoine ag tabhairt faoi chúrsaí ardleibhéil nach raibh in ann acu agus go mbeadh impleachtaí ansin do na ranganna.

“Go minic bíonn ar mhúinteoirí freastal ar na daoine is laige sa rang agus má tá daoine ag tabhairt faoin ardleibhéal nach bhfuil in ann aige, d’fhéadfadh sé sin deacrachtaí a chruthú,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Dúirt sí freisin gur leibhéal iontach íseal atá i ngrád D3 i nGaeilge cheana féin agus nach raibh a fhios aici arbh fhiú aitheantas a thabhairt do dhaoine ar leibhéal níos ísle ná sin.

Tá an siollabas nua cáinte cheana ag Anna Ní Ghallchóir. Ní léir, dar léi, an bhfuil ag éirí leis an siollabas nua, atá in ainm is a bheith ag leagan béime ar an ngné labhartha den scrúdú agus cainteoirí cumasacha a dhéanamh de dhaltaí Ardteiste.

“Níl taighde ar bith déanta againn faoi seo, ach tá an chuma air go bhfuil leibhéal níos ísle ag daoine atá ag teacht isteach san ollscoil le A1 san Ardleibhéal ná mar a bhí nuair a bhí níos mó béime ar chúrsaí litríochta. Dúradh go mbeadh níos mó béime ar chúrsaí cumarsáide ach ní léir dúinne go bhfuil sé sin ag tarlú,” a dúirt Anna Ní Ghallchóir le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Amhras faoi thionchar teanga ag leasú atá molta ar scrúdú na hArdteiste'