Amhrán Gaeilge nuachumtha á lorg do chomórtas idirnáisiúnta

Bronnfar duais airgid agus trófaí ar an mbuaiteoir agus beidh an t-amhrán a roghnófar san iomaíocht ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach 2020

Amhrán Gaeilge nuachumtha á lorg do chomórtas idirnáisiúnta

Eve Belle as Mín an Chladaigh i nGaeltacht Thír Chonaill a bhuaigh Comórtas Amhrán Pan-Cheilteach 2016

Is é inniu an spriocdháta d’amhránaithe agus ceoltóirí ar mian leo cur isteach ar chomórtas a roghnóidh an t-amhrán a bheidh san iomaíocht ar son na hÉireann ag féile mhór idirnáisiúnta.

Tá an Comórtas Amhrán Náisiúnta Pan-Cheilteach ar siúl an mhí seo chugainn agus is ann a roghnófar an t-amhrán a chanfar ar son na tíre seo ag an bhFéile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach 2020 a bheidh ar siúl i gCeatharlach um Cháisc.

Tá duais €1,000 ann do bhuaiteoir an chomórtais náisiúnta chomh maith ach ní ghlacfar le hiarratais tar éis 5.00pm tráthnóna, Dé hAoine 17 Eanáir.

Ní foláir don amhrán a bheith as Gaeilge agus caithfidh na focail agus an ceol a bheith nuachumtha.

Cuirfear fáilte roimh amhráin ó amhránaithe aonair, ó ghrúpaí ceoil nó bannaí agus glacfar le gach stíl amhránaíochta, cinn traidisiúnta, bailéid, pop-amhráin, amhráin tíre, rac, snagcheol nó eile.

Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo ag an gComórtas Náisiúnta, a bheidh ar siúl oíche Dé Sathairn, 22ú Feabhra in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach.

Bronnfar an duais airgid agus an trófaí ar an mbuaiteoir an oíche sin agus rachaidh an t-amhrán a roghnófar ar aghaidh le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann leis na hamhráin nua-chumtha eile as Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus an Bhriotáin ag an bhFéile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach 2020.

Tá rialacha uile an chomórtais agus foirm iarratais ar www.panceltic.ie. Is féidir sonraí a fháil chomh maith ach teagmháil a dhéanamh le Glór Cheatharlach ar 085 1340047 nó 087 2857048  nó is féidir scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com.

Fág freagra ar 'Amhrán Gaeilge nuachumtha á lorg do chomórtas idirnáisiúnta'