Amhráin na bliana 2016 ón Taobh Tuathail…

Roghnaíonn ár léirmheastóir na hamhráin is mó a chuaigh i bhfeidhm air le linn 2016

Amhráin na bliana 2016 ón Taobh Tuathail…

ELLLL – Romance

Chum an Corcaíoch óg Ellen King ceann de na rianta techno is draíochtúla a chuala-sa i mbliana.

Bjarki – B07

Tá an tÍoslannach Bjarki R Sigurdarson ag cumadh rianta nótálta techno le blianta beaga anuas is tá an oiread san ceoil cumtha aige gur eisigh Nina Kraviz trí albam dá chuid ar a lipéad Trip Recordings i mbliana: n’fheadar éinne ach an sásamh a chug an ceann seo dom.

February & Mars – Secret Storm At The Edge Of Night

Tá February & Mars lonnaithe i gCathair na dTreabh agus seo amhrán gleoite a chuireann tús lena gcéad albam February & Mars, a léirigh an Corcaíoch John Daly. Tá sé ar fáil anois ar an lipéad Gearmánach Mojuba Records.

Floorplan – Tell You No Lie

Sciob Robert Hood an sampla ceoil seo ó cheirnín dioscó ón mbliain 1977 – Lovin Is Really My Game le Brainstorm – is d’éirigh leis ceann de rianta móra urláir rince na bliana a chruthú as.

Aphex Twin – CheetahT2 (Ld Spectrum)

Thiteas i ngrá leis an ríf olagónach a chuireann a chosa i dtaca sa phort leath bealaigh tríd agus a fhanann linn go ceann scríbe.

Let’s Eat Grandma – Eat Shiitake Mushrooms

Iontas na n-iontas, d’éirigh le beirt ghearrchailí óga as Norwich (agus iad fós sna déaga) an pop-amhrán is fearr a chualas-sa in 2016 a chumadh.

Julianna Barwick – Nebula

Rian aoibhinn simplí é seo – ó Will, an t-albam is déanaí uaithi. Tá sraith i ndiaidh sraithe déanta dá guth agus éifeachtaí simplí buailte anuas air fad is atá an sintéiseoir ag plobarnach leis sa chúlra.

The Avalanches – Subways

Seo buaicphointe albam úr an bhanna ón Astráil. Tá glór Chandra Oppenheim, a taifeadadh sa bhliain 1980 nuair a bhí sí 10 mbliana d’aois, nasctha le ceol atá sciobtha acu ó leagan Graham Bonnet de ‘Warm Ride’, amhrán na Bee Gees.

Seti The First – The Wolves Of Summerland

I dtreo dheireadh na bliana, d’eisigh Thomas Haugh agus Kevin Murphy, atá lonnaithe san ardchathair, an t-albam is déanaí  uathu (atá léirithe ag Stephen Shannon). Scuab an ceann seo na cosa fúm.

Umberto – Alienation

Dá mbeadh cumadóir nua ceoil ag teastáil ó David Lynch dá scannáin, in áit Angelo Badalamenti, shamhlóinn go ndéanfadh Matt Hill an bheart: tá idir uaigneas is chrá croí is sheachrán intinne le mothú sa phort uirlise seo ón albam is déanaí uaidh.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

Fág freagra ar 'Amhráin na bliana 2016 ón Taobh Tuathail…'