Amach san aois? Fonn ort cónaí go héag sa bhaile? Beidh ort íoc as…

Mura gcaitheann an stát beagán anois chun cabhrú le seandaoine sa bhaile, beidh gá le caiteachas níos mó ar ball

Amach san aois? Fonn ort cónaí go héag sa bhaile? Beidh ort íoc as…

An dea-scéal i dtosach: táimid ag dul in aois. Léirigh na figiúirí is deireanaí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh síneadh breá folláin ar ár n-ionchas saoil.

Bhí meánionchas saoil na bhfear dhá bhliain níos faide in 2016 ná mar a bhí in 2006, agus meánionchas saoil na mban 1.2 bliain níos faide. 

Measann saineolaithe na hOifige anois go mairfidh fir a bhí 20 d’aois in 2011 ar an meán go mbeidh 78.9 bliain sroichte acu agus go mairfidh mná a bhí 20 in 2011 ar an meán go mbeidh siad 83.2 bliain (tá na meastacháin go léir ar fáil anseo).

Agus anois an drochscéal. De réir mar a théann an daonra in aois, ní foláir don stát agus don phobal ar fad cur leis na seirbhísí a theastaíonn leis an tacaíocht chuí a chur ar fáil dóibh. Clisfear ar dhualgas bunúsach de chuid an rialtais mura gcuirtear cabhair mar ba chóir ar fáil do sheandaoine (nó daoine aosta mar a thugtar orthu go minic, amhail is nach bhfuil an réimír ‘sean’ béasach níos mó).

Ainneoin dualgas doshéanta an stáit, ainneoin an riachtanais, agus ainneoin an cheist a bheith pléite le fada i dTeach Laighean, níor éirigh le rialtas ar bith go dtí seo an gníomh cuimsitheach a theastaíonn a dhéanamh i gceart.

Téann finnéithe ó na hollscoileanna agus ó eagrais ar nós Age Action os comhair choistí an Oireachtais go rialta agus leagann an cás amach go lom. Mura gcaitheann an stát beagán chun cabhrú le seandaoine sa bhaile, a deir siad, beidh gá le caiteachas níos mó ar ball chun íoc as tréimhsí in ospidéil nó in árais altranais. 

Aontaíonn comhaltaí gach coiste leo. Fógraíonn airí airgeadais agus sláinte méadú ar chaiteachas chun cur leis an tseirbhís cúnamh baile. Ach achar gairid ina dhiaidh sin, faightear amach gur dúradh le seandaoine nach bhféadfaí cúnamh baile a chur ar fáil dóibh cheal airgid. Nó faightear amach gur dúradh leo go mbeadh orthu fanacht ar chúnamh cheal airgid, nó gur gá an t-achar a chaitheann cúntóirí baile ina dteannta a chiorrú cheal airgid.

Céard a tharlaíonn de ghnáth ansin? Fógraíonn aire eile go mbeidh méadú eile ag teacht ar chaiteachas an rialtais ar chúnamh baile agus cuirtear tús le caibidil eile sa scéal ciorclach céanna gan chríoch.

Faoi láthair, tá cúnamh baile á chur ar fáil do 53,000 duine agus 450 milliún sa bhliain curtha ar fáil ag an rialtas chun íoc as (i gcomparáid le €300 milliún ceithre bliana ó shin). Tá 6,000 duine ag iarraidh cúnaimh agus tá ráite le cuid acu nach mbreithneoidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a n-iarratais, fiú, go ceann sé mhí ar a laghad cheal airgid.

Shéan an t-aire stáit Jim Daly tuairisc le gairid nach raibh cúnamh breise á chur ar fáil, ach d’admhaigh sé go bhfuil an t-éileamh ag méadú go leanúnach agus go bhfuil deacrachtaí ag baint le maoiniú na seirbhíse 

Tá scéim cúnaimh reachtúil geallta ag an rialtas (a bheadh cosúil le ‘Fair Deal’ faoina n-íocann an stát an chuid is mó de chostais cónaitheoirí in árais altranais) agus dúirt Jim Daly go gcuirfí ar bun é in 2021 faoi dheireadh. Dúirt sé freisin go mb’fhéidir go n-iarrfaí ar dhaoine a fhaigheann cúnamh táillí a íoc, más acmhainn dóibh sin.

Tuar dóchais? Fógrófar olltoghchán sula gcuirfear an scéim nua i bhfeidhm. Tá seans réasúnta ann mar sin go mbeidh brú ar na príomhpháirtithe polasaithe a dhréachtú chun rialú, reáchtáil agus maoiniú na scéime a chur ar bhonn daingean soiléir faoi dheireadh thiar.

Buille faoi thuairim: mar is léir ón dea-scéal thuas, ní  bheidh an státchiste ábalta íoc as an síormhéadú ar chaiteachas ar shaothar tábhachtach na gcúntóirí baile.

Má táthar chun tacaíocht mar ba chóir a thabhairt do sheandaoine le cur fúthu go héag sa bhaile más féidir, rud is mian lena bhformhór, ní foláir íoc as.

Ní bheidh rialtas ar bith ábalta scéim cúnaimh éifeachtach a bhunú mura nglactar leis sin.

Mura n-iarrfar ar dhaoine a bhfuil acmhainní nó ioncam nach beag acu íoc as sciar den chúnamh a bheidh de dhíth orthu, beidh macasamhail an cholúin seo á scríobh arís in 2022. 

Fág freagra ar 'Amach san aois? Fonn ort cónaí go héag sa bhaile? Beidh ort íoc as…'