Tá rabhadh tugtha ag oifig pharlaiminte de chuid Rialtas na hAlban do lucht scríofa reachtaíochta gan dul thar fóir leis an nGáidhlig agus an Béarla a úsáid “an oiread agus is féidir”.
‘Always use English as far as possible’ a iarrtar ar lucht dlí i dtreoirleabhar atá foilsithe ag an oifig sa pharlaimint a fhéachann i ndiaidh dréachtú reachtaíocht na hAlban.
Deirtear sa treoirleabhar go mbíonn gá le leaganacha Gáidhlig i gcásanna áirithe – Bord na Gáidhlig, mar shampla.
Ach maítear gur cheart leaganacha Gáidhlig a sheachaint sa dlí an oiread agus is féidir é. Moltar leaganacha Laidine a sheachaint chomh maith, ach amháin sa chás nach bhfuil aon rogha eile ann.
De réir an stáisiúin teilifíse STV, dúirt duine d’údair an treoirleabhair, an Príomh-abhcóide Parlaiminte Andy Beattie gur cheart an seanfhocal ‘abair ach beagan is abair gu math e’ a bheith mar mhana ag lucht scríofa reachtaíochta i gcónaí.
“As we go about drafting the Scottish Government’s bills, we are inspired by the Gaelic proverb adorning the walls of our office, which, says ‘abair ach beagan is abair gu math e’,” a dúirt Beattie.
AnRógaire
An dearcadh céanna ag lucht gnó agus riaracháin na hÉireann.
Fearn
Sílim gur míeolas an t-alt seo.
“Tá rabhadh tugtha ag oifig pharlaiminte de chuid Rialtas na hAlban do lucht scríofa reachtaíochta gan dul thar fóir leis an nGáidhlig agus an Béarla a úsáid “an oiread agus is féidir”.
Is treoirleabhar inmheánach ag Rannóg Dréachtú Reachtaíocht na hAlban é seo; agus dréachtaítear gach reacht i mBéarla in Albain. Cá bhfuil an rabhadh?
“Ach maítear gur cheart leaganacha Gáidhlig a sheachaint sa dlí an oiread agus is féidir é.”
Muna bhfuil bun dlithiúil leo, is dócha.
“an Príomh-abhcóide Parlaiminte Andy Beattie ”
An Príomh-Dréachtaitheoir Reachtaíochta ba chirte a rá, sílim
Seán Tadhg Ó Gairbhí
A chara, Tá an cháipéis anseo – https://beta.gov.scot/publications/drafting-matters/documents/00503920.pdf?inline=true.
Fearn
Tá, a Sheáin, tá.
Pól Ó Braoin
Ar aon fhocal leis “AnRógaire” atá mé… is léir go mbíonn an dearcadh ceanann céanna thar a bheith coitianta anseo abhus in Éirinn agus an béarla á bhrú go tréan síos scórnacha lucht úsáide na Gaeilge sa tír.