‘All changed, changed utterly…’ tar éis Olltoghchán 2016

Rinneadh go leor cainte cúig bliana ó shin faoin ‘Réabhlóid Dhaonlathach’ ach is réabhlóidí fós imeachtaí na deireadh seachtaine

File Photo Enda Kenny and Michael Martin Potential Partners in Government.04/05/2011. 1916 Commemoration Ceremony. Fine Gael Leader and Taoiseach Enda Kenny, President Mary McAleese her husband Martin and Fianna Fail Leader Micheal Martin at the annual 1916 commemoration ceremony this morning in Arbour Hill. Photo:Sasko Lazarov/RollingNews.ie
Pictiúr:Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Agus sinn i bhfoisceacht cúpla seachtain do chomóradh céad bliain an Eirí Amach, is maith mar a oireann an líne is cáiliúla as an dán ‘Easter 1916’ d’Olltoghchán 2016.

Agus fearacht na laethanta cinniúnacha sin in earrach na bliana 1916, tá athruithe go leor tarlaithe sa tír le cúpla lá anuas agus tá éiginnteacht go leor faoin toradh a bheidh orthu.

Tá lucht cartlainne in eagraíochtaí craolacháin ar fud na tíre ar a míle dícheall le cúpla lá anuas sa tóir ar na hagallaimh ar fad a craoladh le roinnt seachtainí inar dúirt pearsana mór le rá i bhFine Gael agus i bhFianna Fáil nach ndrannfadh siad lena chéile ar ór ná ar airgead. Cuirfear na ráitis sin ar fad faoina mbráid in athuair nuair/má thagann siad le chéile. Ach roimhe sin tá machnamh go leor le déanamh – an bhfuil muid, sa deireadh thiar, ag druidim le córas polaitiúil deighilte idir dhá fhealsúnacht shoiléir, fealsúnacht den eite dheis agus fealsúnacht den eite chlé? An mbeidh polaiteoirí na bpáirtithe traidisiúnta sásta géilleadh do Shinn Féin mar phríomhpháirtí an fhreasúra?

Arb iad Fine Gael nó Fianna Fáil a scriosfaí sa gcás go dtiocfaidís i gcomhrialtas le chéile? Nó an gciallaíonn an toradh seo go bhfuiltear ag áitiú orthu breathnú ar a chéile mar leathbhádóirí? Nó an amhlaidh go bhfuil an pobal ag súil le beart críonna anois uathu agus go ndéanfaidís ag leibhéal náisiúnta an obair atá ar siúl acu le chéile cheana ag an leibhéal áitiúil.

Má léirigh éachtaí mhuintir Healy Rae tada dúinn, is ea go bhfuil pobal na tíre seo fós meallta ag ionadaithe a dhéanfaidh leas a gceantar féin. Léiríonn dílseacht mhuintir Thiobraid Árann do Michael Lowry agus an vóta ollmhór a fuair Dennis Naughten i Ros Comáin an rud céanna. Faigheann Michael Ring vóta ollmhór i Maigh Eo ar an mbunú céanna agus thuig Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir, fiú agus é i bParlaimint na hEorpa, an tábhacht a bhain leis an vóta áitiúil a chothú ar bhonn rialta.

Rinneadh go leor cainte cúig bliana ó shin faoin ‘Réabhlóid Dhaonlathach’. Samhlaím gur réabhlóidí fós imeachtaí na deireadh seachtaine seo mar nach bhfuil aon rogha shoiléir ann maidir le comhrialtas faoi cheannas Fhine Gael nó comhrialtas faoi cheannas Fhianna Fáil, gan dul i muinín socruithe nua nár chleacht muid cheana.

Tá an chaint ar fad anois dírithe ar an socrú sin agus Micheál Martin ag moladh cheana go dtiocfadh na páirtithe ar fad le chéile chun athruithe ar struchtúir na Dála a aontú. Beifear ag éisteacht go géar le chuile fhocal a thiocfaidh as béal na gceannairí idir seo agus an 10 Márta. Tá na ráitis láidre naimhdeacha i leith ‘an dreama eile’ á maolú. Tá an-chaint ar an bhfreagracht atá ar na polaiteoirí rialtas a bhunú. An éireoidh leo meabhair a fháil ar theachtaireacht an phobail?

– Clár Reachtaire le RTE Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar '‘All changed, changed utterly…’ tar éis Olltoghchán 2016'