Alice-Mary Higgins tofa ina Seanadóir – an chéad bhean a toghadh ar rolla Ollscoil na hÉireann le 35 bliain anuas

Bhí Pádraig Ó Céidigh, an fear gnó as an Spideál i gConamara, sa tríú háit go dtí an 25ú comhaireamh nuair a d’éirigh le Higgins, iníon Uachtarán na hÉireann, dul chun tosaigh ar an bhfear Gaeltachta

AliceMaryHiggins_large

Toghadh Alice-Mary Higgins ina Seanadóir anocht nuair a d’éirigh léi an tríú suíochán a fháil ar rolla Ollscoil na hÉireann.

Is í Higgins an chéad bhean ar toghadh go dtí an Seanad í ar rolla Ollscoil na hÉireann ó toghadh Gemma Hussey i 1982, 35 bliain ó shin.

Ba iad Ronan Mullen agus an tIar-Thánaiste Michael McDowell a thug leo an dá shuíochán eile ar rolla Ollscoil na hÉireann.

Bhí Pádraig Ó Céidigh, an fear gnó as an Spideál i gConamara, sa tríú háit go dtí an 25ú comhaireamh nuair a d’éirigh le Higgins, iníon Uachtarán na hÉireann, dul chun tosaigh ar an bhfear Gaeltachta. Toghadh Higgins ar 28ú comhaireamh agus 7,803 vóta aici.

Fág freagra ar 'Alice-Mary Higgins tofa ina Seanadóir – an chéad bhean a toghadh ar rolla Ollscoil na hÉireann le 35 bliain anuas'