Alec Finn, duine de bhunaitheoirí Dé Danann, tar éis bháis

Bhí Alec Finn ar dhuine de mhórcheoltóirí an cheoil thraidisiúnta agus bhí aithne i bhfad agus i ngearr air mar gheall ar an stíl cheoil ar leith a bhí aige ar an bhasúcaí

Alec Finn, duine de bhunaitheoirí Dé Danann, tar éis bháis

Tá Alec Finn, duine de bhunaitheoirí Dé Danann, ar shlí na fírinne.

Bhí sé 74 bliain d’aois.

Bhí Alec Finn ar dhuine de mhórcheoltóirí agus de mhóramhránaithe an cheoil thraidisiúnta agus bhí aithne i bhfad agus i ngearr air mar gheall ar an stíl cheoil ar leith a bhí aige ar an bhasúcaí.

Rugadh Finn i Yorkshire Shasana i 1944 agus bhog sé go Baile Átha Cliath sna 1960idí, tráth ar chuir sé aithne ar leithéidí The Dubliners, Sweeney’s Men agus Skid Row.

Chaitheadh sé laethanta saoire i gConamara agus ar an Spidéal, sular tháinig sé chun cónaithe ar an bhaile Gaeltachta sin sna 1970idí. Chaith sé tamall ag múineadh ranganna ealaíne sa mheánscoil ar an Spidéal. 

Ba ar an Spidéal chomh maith, a tháinig sé féin, Frankie Gavin, Johnny ‘Ringo’ McDonagh agus Charlie Piggott le chéile mar Dé Danann agus seisiúin rialta á seinm acu Tigh Hughes.

D’eisigh Dé Danann 14 albam ar fad idir 1974 agus 2003 agus bhain siad clú agus cáil amach ar fud an domhain.

Bhí Finn aitheanta ar dhuine de na tionlacaithe ab fhearr dá raibh ann i saol an cheoil in Éirinn agus é le cloisteáil ar roinnt albam le ceoltóirí mór le rá eile, ina measc Feadóg Stáin le Mary Bergin agus Noel Hill agus Tony Linnane, a cuireadh amach i 1978.

Bhí Finn, ar bronnadh gradam saoil air ag na RTÉ Folk Awards le déanaí, ina chónaí in Órán Mór na Gaillimhe lena bhean chéile, an t-ealaíontóir  Leonie King, agus a gclann.

Craoladh clár faisnéise faoina shaol agus a shaothar ar TG4 le déanaí mar chuid den tsraith ceoil  Sé Mo Laoch.

Tá teachtaireachtaí á scaipeadh ó mhaidin in ómós don cheoltóir mór le rá.

Fág freagra ar 'Alec Finn, duine de bhunaitheoirí Dé Danann, tar éis bháis'

  • An Teanga Bheo

    Beannacht Dé leis cosúil leis a n slua mór eile atá imithe uainn an bhliain seo faraor ?