Tá tograí a spreagann cur chun cinn na Gaeilge i measc daoine óga Ghlúin Z orthu siúd a dtabharfaidh Údarás na Gaeltachta aitheantas dóibh mar chuid de scéim nua gradam atá beartaithe ag an eagraíocht.
Tá ‘Gradaim na Gaeltachta’ seolta ag Údarás na Gaeltachta agus é i gceist leis an gcomórtas seo aitheantas a thabhairt don obair atá ar bhun ag eagraíochtaí pobail agus coistí deonacha fud fad na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Bronnfar trófaí agus duais airgid ar dhreamanna a chuireann tograí “fiúntacha agus suimiúla” chun cinn i measc phobal na Gaeltachta.
De réir na gcatagóirí atá leagtha amach ag Údarás na Gaeltachta, beidh duaiseanna ann don togra Glúin Z is fearr. Áirítear daoine óga a rugadh idir lár na 1990idí agus tús na 2010idí mar chuid de Ghlúin Z.
I gcatagóirí eile, beidh duaiseanna ann do thograí a dhíríonn ar an bhfiontraíocht shóisialta, ar an turasóireacht, an timpeallacht, seirbhísí sóisialta pobail, agus obair na gcoistí pobail.
Deir Údarás na Gaeltachta go mbeidh “aird ar leith” le linn na moltóireachta ar chúrsaí teanga agus ar chumas na dtograí an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn.
Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail, Réigiúnaí agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta gur deis a bheidh sna gradaim nua aitheantas a thabhairt don obair “a dhéantar go ciúin agus i ngan fhios” scaití.
“Feictear dúinn go bhfuil sé tábhachtach meas a léiriú ar an méid atá á dhéanamh agus a chinntiú go mbíonn eolas ag pobal na Gaeltachta ar na tograí breátha atá á bhforbairt ina gceantar féin.”
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, gur cuid lárnach d’obair na heagraíochta tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí forbartha pobail, atá i gcroílár phobal na Gaeltachta le fada an lá, dar leis.
Beidh comórtas ‘Gradaim na Gaeltachta’ roinnte ina dhá chuid agus catagóirí áirithe ann d’eagraíochtaí deonacha nó eagraíochta a fhaigheann maoiniú ón stát agus catagóirí eile ann do choistí deonacha amháin.
Beidh ar a laghad togra amháin ó gach réigiún (Connachta/Laighin, Dún na nGall, an Mhumhain) ainmnithe ar an ngearrliosta i chuile catagóir agus trófaí agus €3,500 le bronnadh ar bhuaiteoirí na gcatagóirí.
Is é an 22 Meán Fómhar 2023 an spriocdháta le cur isteach ar an gradaim agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh an Údaráis.
Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid Ghradaim na Gaeltachta i mí na Samhna.
Donncha Ó hÉallaithe
Dea-scéal é seo. Moladh mór tuillte ag an Údarás as an Scéim seo a chur le chéile. Bhí a leithéid de Scéim i measc roinnt moltaí a chuir toscaireacht ó Chumann Forbartha Chois Fharraige os comhair an Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin, 3 mhí ó shin. Is aitheantas é ar an obair mhór atá á dhéanamh ag coistí deonacha fud fad na Gaeltachta. Tá súil againn go nglacfaidh neart coistí pobail deonacha páirt sa Scéim, le tairbhe a bhaint as.
Cordelia Nic Fhearraigh
Glún X = c1995 – 2013 sé sin daoine idir aois 10 agus 28 bliana d’aois. Agus cá mhéad acu i ndáiríre a labhraíonn Gaeilge? Cá mhéad acu a labhraíonn Gaeilge lena chéile? Cá mhéad acu atá ina dtuismitheoirí? An labhraíonn siad Gaeilge lena bpáistí? Tá súil agam go mbíonn monatóireacht agus cigireacht déanta air seo agus go bhfeice muid uilig na torthaí dearfacha achan bhliain.
Tá géarghá le gradam na Gaeilge don earnáil phríobháideach sa Ghaeltacht nó tá na heagraíochtaí agus na gnóanna sin ag marbh na Gaeilge ar mhaithe le hairgead agus le maoin saolta. Siopaí miondíola, cógaslanna, tithe tábhairne, bialanna, ceardanna agus garáistí a bhíonn ag déanamh freastal ar dhaoine – gnáthshaol na háite ach an tseirbhís curtha ar fáil i mBéarla. Tá polasaí teanga a dhith go géar ar shiopaí na Gaeltachta nó tá siad ag sodar i ndiaidh na dturasóirí agus gan suim ná meas ar bith ar an Ghaeilg ná ar caidé mar a úsáidtear an Ghaeilg agus turasóírí fan áit.
Géarghá fosta le gradam ceart Gaeilge i gcomórtas na mbailte slachtmhara. Níl Údarás na Gaeltachta ag déanamh faic ach ag amharc ar an bhaile Gaeltachta a fuair na marcanna is airde sa chomórtas i dtaca le slacht de agus ag bronnadh airgead ar an bhaile sin – níl aird ar bith ar caidé atá déanta acu leis an Ghaeilg a chuir chun cinn ar an bhaile céanna!