Aitheantas do mhionteangacha na Fraince éilithe ag na Náisiúin Aontaithe

D'éiligh an Coiste um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúir go 'n-aithneodh an Fhrainc gur gá cearta cultúir gach mionlaigh a chosaint'

United_Nations

Tá éilithe ag na Náisiúin Aontaithe ar an bhFrainc “meas a léiriú” ar chearta an duine agus ar chearta an phobail maidir le teangacha réigiúnacha na tíre sin sa saol pearsanta agus poiblí.

D’fhreastail ionadaithe ó eagraíochtaí Briotáinise agus Ocsatáinise ar chruinniú de chuid an Choiste um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúir an mhí seo caite le cás na mionteangacha a dhéanamh agus thug an Coiste a thuairim ar iompar Rialtas na Fraince ina leith ag deireadh na míosa.

D’éiligh an Coiste “go n-aithneodh an Fhrainc go hoifigiúil gur gá cearta cultúir gach mionlaigh a chosaint” agus mhaígh nár “chreimeadh ar chomhtháthú agus aontacht an náisiúin” a bheadh san aitheantas sin ach gurbh amhlaidh a chuirfeadh sé le haontacht an náisiúin.

Is “údar díomá” don Choiste nach nglacann an Stát leis go dtugann na polasaithe teanga a tugadh isteach maidir le teangacha na réigiún, ná an t-athchóiriú bunreachta a rinneadh in 2008, aitheantas do chearta na ndaoine a labhraíonn na teangacha sin.

Luaitear sa leasú a rinneadh ar Bhunreacht na Fraince in 2008 gur “cuid d’oidhreacht na Fraince iad teangacha na réigiún”.

D’éiligh an Coiste go dtabharfaí aitheantas do chearta an duine a labhraíonn teanga réigiúnach sa Fhrainc féin agus i gcoilíneachtaí de chuid na Fraince “ní hamháin sa saol pearsanta ach sa saol poiblí freisin”. Dúradh nár leor na cearta teanga a aithint ach gur gá iad a chur chun cinn freisin.

“Tá an ceart ag lucht labhartha na mionteangacha oideachas a fháil ina dteanga féin agus a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh, trí nuachtáin, stáisiúin raidió agus teilifíse agus suíomhanna idirlín ina dteanga féin,” a dúradh sa cháipéis atá díreach foilsithe ag na Náisiúin Aontaithe.

Tá iarrtha ag Líonra Comhionannas Teanga na hEorpa (ELEN) ar Rialtas agus ar pholaiteoirí na Fraince na cearta teanga atá éilithe ag na Náisiúin Aontaithe a chur san áireamh agus bille nua, a bhaineann leis an gcomhionannas agus an tsaoránacht, á phlé sa tionól náisiúnta.

Mhol an coiste céanna de chuid na Náisiún Aontaithe, an Coiste um Chearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúir, an tseachtain seo caite gur cheart Acht Gaeilge a thabhairt isteach sa tír seo ó thuaidh.

D’fhoilsigh an Coiste tuarascáil nua inar dúradh gur údar imní a laghad “beartas éifeachtúil” atá ag an Stát leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Fág freagra ar 'Aitheantas do mhionteangacha na Fraince éilithe ag na Náisiúin Aontaithe'