Áit i gcluiche leathcheannais Chonnacht bainte amach ag Naomh Anna

Ag ceiliúradh freisin a bhí Micheál Breathnach i nGaillimh agus na Dúnaibh i nDún na Gall

Áit i gcluiche leathcheannais Chonnacht bainte amach ag Naomh Anna

Tá áit i gcluiche leathcheannais Chonnacht bainte amach ag peileadóirí Naomh Anna, Leitir Móir tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Pádraig, Droim Dhá Thiar ag an deireadh seachtaine.

Bhí foireann Naomh Anna rómhaith do sheaimpíní Liatroma agus bearna ceithre phointe dhéag idir na foirne ar deireadh, 2-13 in aghaidh 0-5.

Bhí an chuma ar an scéal tar éis ceathrú uaire go mbeadh an choimhlint níos géire sa gcluiche seo i mBéal an Átha Móir. Bhí Naomh Pádraig 0-3 in aghaidh 0-1 chun cinn tar éis deich nóiméad ach chuir cúl a d’aimsigh Aonghus Ó Fátharta leath bealaigh tríd an gcéad leath Naomh Anna chun cinn.

Scóráil an Fáthartach, Christopher Seoige, Oisín Mac Donnacha agus Warren Seoige pointí do Naomh Anna ina dhiaidh sin agus nuair a scóráil Warren cúl eile díreach roimh leath ama, bhí le Naomh Anna agus iad 2-5 in aghaidh 0-4 chun cinn ag deireadh an chéad leatha.

Fuair fir Cheantar na nOileán trí phointe as a chéile ag tús an dara leath agus cé gur laghdaigh Naomh Pádraig an bhearna le pointe sa 43ú nóiméad, níor scóráil siad as sin go deireadh agus d’fhág rith an ráis le Naomh Anna.

Imreoidh Naomh Anna anois i gcluiche leathcheannais Chonnacht in aghaidh Ghaeil Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo chugainn. Tá sonraí an chluiche sin fós le fógairt.

Naomh Fearnán as Sligeach agus curaidh Ros Comáin, Naomh Faithleach, atá sa chluiche leathcheannais eile.

Bhí ábhar ceiliúrtha ag Micheál Breathnach ag an deireadh seachtaine freisin agus Craobh Faoi 19 B na Gaillimhe buaite ag an gcumann. D’aimsigh Maidhc Mac Gearailt seacht bpointe do bhuachaillí Chois Fharraige sa bhua 0-13 in aghaidh 2-5 a bhí acu ar Chill Fhir Iarainn-Cill Chóirín-Cluain Bheirn. Sábháil a rinne cúl báire Mhicheál Breathnach, Evan Ó Márta, ag fíordheireadh na himeartha a chinntigh an bua.

I dTír Chonaill, tá áit i gcluiche leathcheannais Chraobh Shóisir Uladh bainte amach ag Na Dúnaibh. Bhí bua 0-11 in aghaidh 0-7 ag fir na Gaeltachta ar Achadh Lios na bhFiann as contae an Dúin.

Ba é Lorcan Connor laoch na nDúnaibh, scóráil sé sé phointe sa chluiche. Bhí na Dúnaibh seacht bpointe chun tosaigh ag leath ama, 0-8 in aghaidh 0-1, ach tháinig fir an Dúin isteach sa choimhlint sa dara leath. Bhí an bhearna laghdaithe go dtí aon chúl amháin acu i dtreo dheireadh na himeartha ach scóráil Connor pointe eile chun deireadh a chur lena dteacht aniar agus an bua a chinntiú do na Dúnaibh.

Imreoidh siad anois in aghaidh Chumann Sheáin Mhic Diarmada as Muineachán sna babhtaí leathcheannais faoi cheann coicíse.

I gCiarraí, Daingean-Uí Chúis agus An Ghaeltacht a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Chiarraí Thiar faoi cheann cúpla seachtain. Bhí bua cumasach ag fir an Daingin ar Abhainn an Scáil, 1-15 in aghaidh 0-5 ach ba ghéire an iomaíocht sa chluiche leathcheannais eile agus ní raibh ach farasbarr aon phointe amháin ag an nGaeltacht ar Chaisleán Ghriaire, 2-4 in aghaidh 1-6.

Fág freagra ar 'Áit i gcluiche leathcheannais Chonnacht bainte amach ag Naomh Anna'