‘Aistrigh do CV go Béarla don agallamh’ agus ‘Anthony Raftery, the poet’ –na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga in 2017

638 gearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga in 2017 de réir a Thuarascála Bliantúla, atá le seoladh inniu in Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath

‘Aistrigh do CV go Béarla don agallamh’ agus ‘Anthony Raftery, the poet’ –na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga in 2017

638 gearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga in 2017, ina measc gearán ó dhuine ar iarr an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí air a CV a aistriú go Béarla do phost sa státseirbhís.

Tá eolas faoin ghearán sin agus roinnt gearán eile ar fáil i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga Rónán Ó Domhnaill, a sheolfar inniu in Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath.

I gcás an ghearánaí a chuir isteach ar chomórtas earcaíochta do phost sa státseirbhís, iarradh air cúpla lá roimh an agallamh don phost sin an CV a bhí curtha faoi bhráid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí a aistriú ó Ghaeilge go Béarla don bhord agallaimh.

Tugtar le fios i dtuarascáil an Choimisinéara gur ardaigh a Oifig ceist an CV leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus gur gabhadh leithscéal leis an duine a rinne an t-iarratas ar an phost.

Deirtear sa tuarascáil gur ghlac an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí leis “nár chóir go n-iarrfaí ar an iarrthóir an CV a aistriú” agus aithníodh gur cheann de bheartais na hoifige sin “seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge dá custaiméirí an oiread agus is féidir”.

Bhain gearán eile le duine ar iarr Oifig na nOibreacha Poiblí air foilseachán a bhí sé ag iarraidh a cheannach uathu a lorg arís i mBéarla seachas i nGaeilge.

Mhínigh an duine a fuair freagra Béarla ón OPW ar a ríomhphost i nGaeilge gur sárú ar a chearta teanga a bhí sa mhéid sin. Mar fhreagra ar an méid sin fuair sé teachtaireacht eile a bhí “dothuigthe” agus aistrithe ag “meaisín”. Is ansin a chinn sé gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga.

Nuair a d’fhiosraigh Oifig an Choimisinéara an scéal leis an OPW, dúradh go n-eisítear “fógraí chuig na baill foirne go minic chun iad a chur ar an eolas faoina n-oibleagáidí faoin Acht [Acht na dTeangacha Oifigiúla]” agus “faoi na hacmhainní atá ar fáil chun cuidiú le haistriúcháin”.

Dúradh freisin gur gabhadh leithscéal leis an duine a rinne an gearán agus gur tairgeadh cóip den fhoilseachán a bhí á iarraidh aige saor in aisce dó.

Cé go ndéantar gearáin go minic le hOifig an Choimisinéara Teanga faoi chomharthaí a bhíonn i mBéarla amháin tugtar le fios sa tuarascáil gur “díol suntais é” gearán a fuarthas maidir le comhartha áirithe ar bhóthar an R446 i gcontae na Gaillimhe – comhartha d’uaigh an fhile Antaine Ó Raiftearaí.

I mBéarla amháin a bhí an comhartha d’uaigh an mhórfhile agus mheas an gearánaí gur “masla” é sin do “thraidisiún na nGael”.

Nuair a d’fhiosraigh Oifig an Choimisinéara Teanga an scéal le Comhairle Chontae na Gaillimhe, baineadh an comhartha Béarla anuas agus cuireadh comhartha dátheangach in airde ina áit.

Rinne duine eile gearán
 leis an Choimisinéir Teanga toisc nár cuireadh
 córas ateangaireachta 
comhuaineach ar fáil
 agus cur i láthair á dhéanamh aige os comhair
 comhchoiste de chuid Thithe an Oireachtais. Bhraith an gearánaí gur chuir an easpa seirbhíse ateangaireachta faoi mhíbhuntáiste é agus gan daoine eile ag an chruinniú a bheith in ann é a thuiscint.

Faoin reachtaíocht teanga tá sé de cheart ag aon duine Gaeilge nó Béarla a labhairt agus é nó í os comhair comhchoiste de chuid an Oireachtais.

D’aontaigh Seirbhís Thithe an Oireachtais go bhfuil dualgas orthu córas ateangaireachta a chur ar fáil ionas go dtuigfear an té arb é a rogha cur i láthair a dhéanamh i nGaeilge.

Chinn an tSeirbhís go gcuirfí mír ghairid feasta sa chuireadh a eisítear chuig finnéithe na gcomhchoistí ag míniú go bhfuil fáilte rompu an Ghaeilge a úsáid.

Ina theannta sin, chuir Seirbhís Thithe an Oireachtais in iúl d’Oifig an Choimisinéara Teanga go raibh sé beartaithe “saoráidí breise ateangaireachta a chur ar fáil sna seomraí cruinnithe mar chuid d’athchóiriú a bhí idir lámha ar na seomraí cruinnithe”.

 

Céatadán na ngearán de réir cineáil (Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga 2017)

Tháinig laghdú 17% ar líon na ngearán a rinneadh le hOifig an Choimisinéara Teanga anuraidh – ó 768 sa bhliain 2016 go dtí 638 le linn na bliana 2017.

Bhain an tríú cuid (33.9%) de na gearáin a fuair Oifig an Choimisinéara le seirbhísí a thagann faoi scáth na scéimeanna teanga, leithéidí suíomh gréasáin, córas ar líne, foirmeacha iarratais agus seirbhísí idirphearsanta.

Tháinig ardú ar chéatadán na ngearán a bhain le heaspa Gaeilge ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht ó 27.6% in 2016 go 32.8% anuraidh.

Tháinig an líon is airde gearán in 2017 ó dhaoine a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath (35%) agus ba ó na ceantair Ghaeltachta a tháinig gearán amháin as gach cúig ghearán.

Fág freagra ar '‘Aistrigh do CV go Béarla don agallamh’ agus ‘Anthony Raftery, the poet’ –na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga in 2017'

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Pól Ó Braoin

    Agus mé ag dul in aois is ea go n-éiríonn tuirse orm agus mé ag iomrámh in aghaidh shruth an bhéarla ó locha an stáit… airím gurbh fhearr dom mo chaipín a chaitheamh leis uilig agus glacadh ar bhonn praiticiúil leis an mbéarla mar theanga oifigiúil na tíre seo.