Aiséirí déanta ag na Daonlathaigh, ach as seo amach a chuirfear suim sa méid atá á rá

Tá tús spleodrach curtha ag an bPáirtí Daonlathach in Chicago lena bhfeachtas oifigiúil, ach as seo amach a thosóidh an dianscagadh

Aiséirí déanta ag na Daonlathaigh, ach as seo amach a chuirfear suim sa méid atá á rá

 

Tá borradh faoi fheachtas Kamala Harris agus tabharfaidh gach uile lá dá gcoinbhinsiún in Chicago an tseachtain seo tuilleadh fuinnimh dóibh don toghchánaíocht. Tá aiséirí na nDaonlathach faoi lán seoil agus an dóchas ina measc ag méadú in aghaidh an lae. Ní haon bharántas an méid sin go dtoghfar Harris ina huachtarán agus sin an áit a gcaithfidh an páirtí a bheith ar a n-aire sna seachtainí seo romhainn.

Tagann deireadh oifigiúil leis an samhradh sna Stáit Aontaithe ar Labor Day, an chéad Luan i mí Mheán Fómhair. Filleann na páistí ar an scoil agus na daoine saibhre as na Hamptons agus as Hyannis – san oirthuaisceart ar aon nós.

Cuireann an tsaoire sin tús oifigiúil freisin, dar le tráchtairí polaitíochta, leis an bhfeachtas uachtaránachta. Tá iriseoirí ag faire na bhfeachtas agus na réamhthoghchán le bliain ach is ón lá sin, de réir an taighde, a chuireann pobal Mheiriceá suim sa méid a bhíonn á rá ag na hiarrthóirí agus a dhéanann na vótóirí a áirítear mar neamhspleáigh a gcinneadh faoina rogha iarrthóra.

Le leathbhliain bhí imní go leor i measc na nDaonlathach faoi na neamhspleáigh chéanna mar go raibh siad chomh héadóchasach faoi Joe Biden mar iarrthóir. Ciallaíonn an fuinneamh a bhaineann le Kamala Harris go bhfuil suim as an nua sa bhfeachtas agus go bhfuil daoine a ceapadh a bheadh ag fanacht sa mbaile am vótála ag brath ar a nguth a úsáid. Sin iad na daoine a mbeifear ag díriú arís agus arís eile orthu idir seo agus an 5 Samhain – daoine óga, mná, daoine den chine gorm, daoine de chúlra Spáinneach, lucht oibre, lucht gnó. An sprioc is mó atá ag Daonlathaigh anois go gcaithfeadh daoine a vóta agus go háirithe daoine sna Stáit sin a bheidh cinniúnach.

Níl againn ach breathnú ar na háiteanna is mó a bhfuil slógaí toghchánaíochta dá reáchtáil iontu faoi láthair. Tá cosán dearg déanta ag Trump agus Harris go Pennsylvania le cúpla seachtain agus beidh gleann maith déanta sna bóithre sa Stát sin, chomh maith le Arizona, Nevada, Wisconsin, Michigan, Carolina Thuaidh agus Georgia as seo go ceann roinnt seachtainí. Léiríonn na pobalbhreitheanna is déanaí go bhfuil ag éirí le Harris dul i gcion ar an bpobal agus go bhfuil sí gob ar ghob le Trump faoi láthair.

Ach ní haon tairbhe dise ná dúinne na pobalbhreitheanna náisiúnta sin faoi láthair.

Is iad na pobalbhreitheanna is tábhachtaí na cinn áitiúla sna Stáit a bheidh cinniúnach agus ní féidir a chur as an áireamh, as seo go ceann trí scór go leith lá, nach dtarlóidh rud éigin a chuirfidh an feachtas bunoscionn ar iarrthóir amháin nó eile. Tús spleodrach leis an bhfeachtas oifigiúil mar sin an tseachtain seo in Chicago, ach níor mhór do na Daonlathaigh a bheith aireach leis an leas is fearr a bhaint as an ugach a thabharfaidh sé dóibh má tá siad leis an gceann is fearr a fháil ar Donald Trump. As seo amach a thosóidh an dianscagadh.

 

 

 

Fág freagra ar 'Aiséirí déanta ag na Daonlathaigh, ach as seo amach a chuirfear suim sa méid atá á rá'