Aire Stáit na Gaeltachta ‘thar a bheith dóchasach’ go bhfoilseofar plean gníomhaíochta na Gaeilge an mhí seo chugainn

Mí Iúil na bliana seo caite an chéad sprioc a luadh le Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain

Aire Stáit na Gaeltachta ‘thar a bheith dóchasach’ go bhfoilseofar plean gníomhaíochta na Gaeilge an mhí seo chugainn

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ‘thar a bheith muiníneach agus dóchasach’ go bhfoilseofar Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sna seachtainí romhainn amach.

Gheall Aire Stáit na Gaeltachta an mhí seo caite go bhfoilseofaí an plean roimh dheireadh mhí Feabhra, ach dúirt sé sa Dáil inné go raibh sé ag súil anois é a fhoilsiú “taobh istigh de choicís nó trí seachtaine”.

Bhí an Plean Gníomhaíochta le foilsiú ar dtús i mí Iúil na bliana seo caite agus gheall an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh Seanad sa bhfómhair seo caite go bhfoilseofaí “faoi dheireadh na bliana seo” é.

Agus an tAire Stáit á cheistiú aici sa Dáil faoin moill le foilsiú an phlean, dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh sé “thar am é a fhoilsiú agus an Ghaeilge a chur chun cinn”.

“Tá sé de phribhléid agam a bheith i mo Chathaoirleach ar an gcoiste Gaeilge agus tá a fhios againn ó na cruinnithe in aghaidh na coicíse chomh leochaileach is atá an Ghaeilge agus an phráinn atá ag teastáil maidir le plean gníomhaíochta,” a dúirt Catherine Connolly.

Dúirt an tAire McHugh go bhfuil “freagracht thras-Rannach” i gceist maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus gur ghá dá réir “go leor plé a dhéanamh le Ranna Stáit agus páirtithe leasmhara eile” maidir le hullmhú an Phlean Gníomhaíochta.

Dúirt an tAire Stáit go raibh faoi a chinntiú “oiread agus is féidir” go mbeadh “fiúntas” leis an bplean, ach dúirt McHugh go raibh sé “thar a bheith muiníneach agus dóchasach” go bhfoilseofaí é “taobh istigh de choicís nó thrí seachtaine”.

Dúirt Catherine Connolly gur “dea-scéal” a bhí sa mhéid sin agus luaigh sí dhá chás a chruthaigh, dar léi, an phráinn a bhaineann le plean gníomhaíochta don teanga.

Ba iad an dá chás sin ná an scéal go raibh sé ar intinn ag RTÉ a bhfeasacháin nuachta Ghaeilge ar an teilifís a réamhthaifeadadh agus áiteamh an Choimisnéara Teanga nach bhfuil córas na scéimeanna teanga “ag feidhmiú ar chor ar bith”.

Ag tús na bliana seo caite dúirt iar-aire stáit na Gaeltachta, Seán Kyne go mbeadh an Plean Gnímh Cúig Bliana bunaithe ar na tuairimí agus na moltaí atá ar fáil i dtuairisc Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi dhearcadh an phobail i leith na Straitéise 20 Bliain.

Cuireadh an tuairisc sin faoi bhráid chruinniú de Choiste Comhairleach Straitéis 20 Bliain na Gaeilge in earrach na bliana seo caite agus dúradh go gcuirfí tuairimí bhaill an choiste ina taobh san áireamh chomh maith agus an Plean Gnímh á dhréachtú.

Tá easpa muiníne an phobail i struchtúir na Straitéise luaite go coitianta sa tuairisc a chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i dtoll a chéile do Roinn na Gaeltachta. Tá tuairisc an Acadaimh bunaithe ar thuairimí a léirigh an pobal faoin Straitéis ag sraith cruinnithe poiblí a d’eagraigh Roinn na Gaeltachta agus ar 89 aighneacht a fuarthas ón bpobal.

Tá moltaí maidir leis na tosaíochtaí don Straitéis sa tréimhse amach romhainn le fáil i dtuairisc an Acadaimh chomh maith.

Tuairiscítear i gcáipéis an Acadaimh gur tugadh le fios i roinnt de na haighneachtaí faoin straitéis a cuireadh faoi bhráid na Roinne gur “constaic shuntasach” ar chur i bhfeidhm na straitéise an “easpa maoirseachta agus tuairiscithe” a bhaineann leis an gcúram.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur leis na Ranna Oideachais agus Leanaí atá an plé is mó á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair. Meastar gurb iad an dá Roinn sin is tábhachtaí sa Phlean nua.

Fág freagra ar 'Aire Stáit na Gaeltachta ‘thar a bheith dóchasach’ go bhfoilseofar plean gníomhaíochta na Gaeilge an mhí seo chugainn'

  • Seán Mac Gearailt

    Mair. a chapaill agus gheob hair féar.