In alt a foilsíodh ar Tuairisc.ie inné, tugadh le fios go ndúirt 59% i bpobalbhreith a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge ‘gur chóir go mbeadh aire sinsearach le Gaeilge freagrach go díreach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta in ionad aire sóisearach’, mar atá againn faoi láthair.
Glacaim leis gur cuireadh an cheist sa bpobalbhreith, mar go bhfuil Conradh na Gaeilge ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil tacaíocht ann ó mhóramh den phobal don éileamh go mba cheart aire rialtais seachas aire sóisearach a bheith ag suí ag bord an rialtais mar Aire Gaeltachta, aire a bheadh freagrach go príomha as cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta. Breathnaíonn an t-éileamh sin togha ar pháipéar, dá bhféadfaí é a bhaint amach. Ach táimse amhrasach an bhféadfaí agus níos amhrasaí fós an é sin an t-éileamh ba cheart a dhéanamh.
Is fearr an seans i gcónaí go nglacfaí le héileamh má tá sé réasúnta indéanta. An fhadhb leis an éileamh go mba cheart aire sinsearach a bheith freagrach go príomha as cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge ná seo: tá teorainn bhunreachtúil leis an méid airí rialtais is féidir a cheapadh. Cúig dhuine dhéag an t-uasmhéid do réir Alt 28 (1) den Bhunreacht agus ós sin an líon airí atá ag bord an rialtais, theastódh aireacht shinsearach a bhaint de réimse áirithe gníomhaíochtaí le go bhféadfaí aire a cheapadh a bheadh iomlán freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Ar ndóigh d’fhéadfaí sin a dhéanamh ach ní fheicim sin ag tarlú.
Chomh fada agus is eol dom níor tharla sé ach uair amháin ó bunaíodh an stát go raibh aire sinsearach ann, ina shuí ag bord an rialtais agus freagrachtaí na Gaeilge agus na Gaeltachta air, gan aon chúram eile air. B’in Tom O’Donnell (FG) a bhí ina aire Gaeltachta i gcomhrialtas Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre (1973 – 1977) faoi cheannas Liam Cosgrave (FG). Le bheith féaráilte dhó, rinne Tom iarracht borradh eacnamaíochta a chur faoin nGaeltacht agus níor spáráil sé an t-airgead ach an oiread. Ach níor cheart dearmad a dhéanamh go raibh cúis shoiniciúil ag an Taoiseach Liam Cosgrave leis an gceapachán sin a dhéanamh agus ardú stádais a thabhairt do Roinn na Gaeltachta ag an am. Bhí rún ag Fine Gael deireadh iomlán a chur le riachtanas na Gaeilge do phoist sa gcóras poiblí, fiú amháin sna ceantair Ghaeltachta. B’in an rialtas is mó a rinne dochar don Ghaeilge ó bunaíodh an stát, an rialtas a raibh aire sinsearach Gaeltachta ag suí ag an mbord ann.
D’oibrigh seift Liam Cosgrave. Cuireadh dallamullóg ar lucht na Gaeilge le ceapachán Tom O’Donnell mar aire sinsearach Gaeltachta a bhí freagrach as cúrsaí Gaeilge/Gaeltachta amháin, gan aon chúram eile air. Thug sin spás agus deis do rialtas Liam Cosgrave fáil réidh leis an nGaeilge sa státchóras, chomh fada is a bhain sé le cúrsaí earcaíochta nó ardú céime agus de réir mo chuimhne ní raibh mórán cur ina aghaidh ó Ghluaiseacht na Gaeilge. Níor bunaíodh aon Dream Dearg le máirseáil in aghaidh an bheartais. Fágann sin muid sa riocht ina bhfuil muid, gan an státchóras a bheith in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge, fiú amháin sa nGaeltacht go minic.
Nuair a thráchtann daoine ar aire sinsearach a mbeadh freagracht dhíreach air as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, seans go mbíonn siad ag smaoineamh ar na laethanta a raibh Éamon Ó Cuív ina aire sinsearach ag bord an Rialtais idir 2002-2010 agus cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta air. Ré órga a bhí ann agus ba mhaith ann é mar go raibh spéis faoi leith aige i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ach níor cheart dearmad a dhéanamh go raibh cúraimí eile air chomh maith. Bhí sé ina aire pobail agus tuaithe sna blianta sin freisin.
Ní dóigh liom, go speisialta leis an teorainn bhunreachtúil leis an líon ‘Airí Sinsearacha’ atá ceadaithe, go bhfuil sé réadúil a bheith ag súil le haire sinsearach a bheadh freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, gan aon chúram eile orthu, in aon rialtas a chuirfí ar bun amach anseo.
Bheadh sé réadúil, áfach, a bheith ag iarraidh go mbunófaí Roinn na Gaeltachta mar Roinn aisti féin, seachas í a bheith mar eireaball beag de Roinn eile. B’in mar a bhí idir 1956 agus 1992, blianta ar bhain Roinn na Gaeltachta an t-uafás amach sa nGaeltacht. Ó shin, níl i Roinn na Gaeltachta ach driobaillín beag de roinn mhór stáit, agus í ag fáil níos driobaillíní le himeacht aimsire. Ní hamháin sin ach tá deireadh curtha leis an iliomad scéimeanna maithe a bhíodh á reáchtáil sa nGaeltacht ag Roinn na Gaeltachta: scéimeanna a bhain le tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeltachta sa nGaeltacht mar shampla, nó feabhas a chur ar thithíocht mar a bhí ann cheana. Cuireadh deireadh freisin le scéim labhairt na Gaeilge a mheall teaghlaigh sa nGaeltacht le Gaeilge a labhairt leis na gasúir mar theanga theaghlaigh agus leis an iliomad scéimeanna tacaíochta eile do chainteoirí Gaeilge agus do phobal na Gaeltachta. Ba í Roinn na Gaeltachta a chuir tús leis na comharchumainn Ghaeltachta, mar shampla. B’in iad na scéimeanna a chuir borradh faoi na ceantair Ghaeltachta.
Ó cuireadh deireadh leis na scéimeanna go léir, tá an Ghaeilge ag dul ar chúl sna ceantair Ghaeltachta is mó ina mbíonn sí á húsáid. Faoi láthair is deacair dom smaoineamh ar aon scéim atá á hoibriú ag Roinn na Gaeltachta a bhféadfaí a rá fúithi go bhfuil sí ag déanamh leas do theaghlaigh a úsáideann an Ghaeilge sa nGaeltacht. B’fhéidir gurb ann dóibh ach ní heol dom iad.
Tá sé in am dúinn a aithint nach chun tairbhe na Gaeilge agus na Gaeltachta é go bhfuil Roinn na Gaeltachta, mar a thugtar uirthi, mar fho-rannóg den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, srl srl.
Is taibhse í Roinn na Gaeltachta, ní ann di i ndáiríre. Im thuairimse bheadh sé níos ciallmhaire i bhfad a bheith ag éileamh ar na polaiteoirí go n-athbhunófaí Roinn na Gaeltachta mar roinn rialtais aisti féin le hArd-Rúnaí i gceannas uirthi agus soláthar ceart airgeadais dá cuid féin aici le caitheamh, mar a bhíonn ag chuile roinn rialtais eile, ar mhaithe leis an nGaeltacht agus an nGaeilge. Dá mbeadh sin ann ba leor aire stáit díograiseach a bheith freagrach as an roinn sin. Im thuairimse. níl aon mhaith a bheith ag déanamh éileamh nach bhfuil rún ag an rialtas é a chomhlíonadh. Níl ansin ach cur amú ama, díograise agus fuinnimh. B’fhearr a bheith praiticiúil agus a neamhspleáchas mar roinn rialtais aisti féin a iarraidh ar ais do Roinn na Gaeltachta.
Eoin Ó Murchú
Ní minic a aontaím le Donncha, ach sa gcás seo tá pointe maith aige.