Aird ar bith ag an Rialtas ar na himpleachtaí dúinne sa gcogadh trádála idir SAM agus an tSín

Beidh ar an Eoraip rogha a dhéanamh – seasamh le Meiriceá agus an cúlú eacnamaíochta a iompar in éineacht leo, nó fanacht neodrach

Aird ar bith ag an Rialtas ar na himpleachtaí dúinne sa gcogadh trádála idir SAM agus an tSín

Tá faitíos ag dul i méad i measc eacnamaithe san Aontas Eorpach de réir mar a théann an cogadh trádála idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSín in olcas. Ach an bhfuil aon impleachtaí dúinne ag an scéal seo, go háirithe chomh fada is a bhaineann sé le sláinte na heacnamaíochta domhanda?

Léiriú ar ghéarú an aighnis is ea cinneadh Donald Trump cosc a chur ar Huawei, an comhlacht teileachumarsáide Síneach, comhlacht atá go mór chun tosaigh sa domhan maidir le 5G.

Léiriú eile ar an aighneas an freagra a thug na Sínigh air nuair a dhíol siad $20 billiúin de na fiacha atá ag Meiriceá ar an tSín ar na margaí bannaí, beart a spreag faitíos go dtitfeadh an tóin as an margadh is go mbeadh ardú ar rátaí úis ar fud an domhain dá bharr.

An laige is mó atá ag Meiriceá sa scéal ná gur ag na Sínigh atá $1.2 trilliún d’fhiacha Mheiriceá. Is costasach an beart don tSín é sin a dhéanamh, ach beidh sé i bhfad níos costasaí ar Mheiriceá.

Agus b’fhéidir gur léiriú eile ar a laige is atá lámh Mheiriceá sa scéal seo go raibh sé riachtanach an cosc iomlán ar Huawei a chur ar athlá chun seans a thabhairt do chomhlachtaí Meiriceánacha iad féin a chur in oiriúint don aighneas.

Dá ainneoin sin ar fad, tá gach comhartha ann go leanfaidh Trump leis an bpolasaí seo. Teastaíonn uaidh rudaí a chur ar ais sa gcaoi a rabhadar faoin seanreacht, an tSín agus an domhan ar fad lag agus ag brath ar Mheiriceá, agus Meiriceá in ann na rialacha trádála a cheapadh don domhan uile is iad a chur ar ceal mar ba mhian leo.

Nuair a fhógraíonn Trump gur mhaith leis Meiriceá bheith ‘great’ arís, is éard atá i gceist aige dáiríre ná gur mhaith leis go mbeadh Meiriceá chomh láidir sin go gcaithfeadh chuile thír eile géilleadh dó.

Ach tá an domhan athraithe. Roimhe seo bhíodh cáil ar earraí na Síne mar thruflais ar dhroch-chaighdeán, ach, sa lá inniu, is í an tSín atá chun tosaigh i nuálaíocht na teicneolaíochta, agus Huawei i dtús cadhnaíochta ansin.

Gan dabht gortóidh cosc Trump Huawei, ach tá an comhlacht chomh mór anois nach scriosfaidh sé é margadh Mheiriceá a chailleadh. Tá domhan eile ar fáil dó, an Eoraip san áireamh, mar tá teicneolaíocht na teileachumarsáide atá forbartha ag an tSín, agus go háirithe ag Huawei, riachtanach don Eoraip chomh maith.

Bhíodh an saol go léir níos éasca roimhe seo ar ndóigh. Dá mbeadh easaontas leis an Iaráin chothódh na Stáit Aontaithe coup nó cogadh lena cuid comharsan, an Iaráic, mar shampla. Tá an saol athraithe agus tá cairde na hIaráine an-fhairsing san Iaráic atá ann anois.

coup bagartha ar an Veiniséala freisin, ach níl ag éirí go rómhaith leis sin ach an oiread.

Cinnte tá mámh amháin fágtha fós ag Meiriceá. Is é an dollar a úsáidtear ar fud an domhain le híocaíocht a dhéanamh idir tíortha.

Roinnt blianta ó shin bhí caint ann go dtiocfadh na BRICS (An Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas) le chéile chun córas airgeadra idirnáisiúnta nua a chur i bhfeidhm. Bhí an moladh sin ag brath ar an tSín, go háirithe, ach ní raibh sé riachtanach dóibhsean an tráth sin.

Anois, b’fhéidir go mbeadh, mar is léir go mbeidh Trump ag iarraidh leas a bhaint as an dollar le brú a chur ar stáit géilleadh dá mháistreacht orthu.

Tá impleachtaí móra ag an scéal seo dúinne in Éirinn. Beidh cogadh trádála an-chostasach ar Mheiriceá, beidh costas iasachtaí airgid ag ardú go mór agus cuirfidh sé sin brú ar infheistíocht Mheiriceá thar lear, in Éirinn chomh maith le gach cearn eile.

Beidh ar an Eoraip rogha a dhéanamh: seasamh le Meiriceá agus an cúlú eacnamaíochta a iompar in éineacht leo, nó fanacht neodrach ag iarraidh lámh a choinneáil sa dá chluiche, le Meiriceá agus leis an tSín.

Bhí deiseanna againn cur leis na féidearthachtaí a bheadh againn. Cuimhnímis mar shampla ar an bpáirc fiontraíochta a bhí beartaithe ag an tSín i mBaile Átha Luain. Ní dhearna an Rialtas tada leis an bplean sin a bhrostú agus níl aon chaint air anois.

Is amhlaidh an cás maidir leis an leathanbhanda, ní dhearna an Rialtas aon iarracht labhairt leis an gcomhlacht is mó a bhfuil forbairt déanta aige sa rannóg sin, Huawei. Ina áit sin, socraíodh airgead poiblí a chaitheamh isteach i bpócaí chreach-chistí Mheiriceá.

Is cosúil go mb’fhearr leis an rialtas s’againne nach mbeadh an domhan ag athrú, ach caithfear glacadh leis go bhfuil an t-athrú tarlaithe.

Agus mura bhféachann muid chuige go mbeidh muid féin san imirt, íocfaidh an tír seo go daor as.

An dtuigeann an rialtas é sin? Nó an cuma leo?

Fág freagra ar 'Aird ar bith ag an Rialtas ar na himpleachtaí dúinne sa gcogadh trádála idir SAM agus an tSín'