Aighneas faoi fhad na gcúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht

Tá aighneas idir coláistí samhraidh agus ranna rialtais faoi phlean teorainn a chur le líon na gcúrsaí samhraidh coicíse a bheidh ceadaithe feasta

Aighneas faoi fhad na gcúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht

Tá aighneas idir coláistí samhraidh agus ranna rialtais faoi phlean teorainn a chur le líon na gcúrsaí samhraidh coicíse a bheidh ceadaithe feasta.

Mar chuid de na rialacháin nua atá á n-ullmhú ag Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Oideachais do na coláistí samhraidh don bhliain 2025, deirtear nach gceadófar aitheantas do choláistí samhraidh le haghaidh gearrchúrsaí ná do níos mó ná dhá chúrsa coicíse in aon bhliain.

Tá méadú mór le roinnt blianta ar líon na gcúrsaí coicíse a bhíonn á dtairiscint ag na coláistí samhraidh Gaeilge agus laghdú dá réir ar líon na gcúrsaí trí seachtaine.

Faoi láthair, ceadaítear cúrsaí coicíse ach ní thugann aitheantas do ghearrchúrsaí Gaeilge.

Deir CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh, gur chóir an cinneadh faoi struchtúr agus fad na gcúrsaí a fhágáil ag na coláistí samhraidh féin.

Tuigtear gur scríobh CONCOS chuig na coláistí samhraidh lena míshástacht a léiriú faoina bhfuil molta ag an dá roinn sna rialacháin nua.

Deir CONCOS, gur cinneadh gnó é do gach coláiste samhraidh cúrsaí trí lá, cúrsaí coicíse nó cúrsaí trí seachtaine a reáchtáil, cinneadh a dhéantar bunaithe ar an éileamh a bhíonn ann agus ar mhianta na gcoláistí féin.

Cúrsaí trí seachtaine an struchtúr atá á mholadh ag Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Oideachais do na coláistí samhraidh.

Ach deir na coláistí samhraidh nach bhfuil an t-éileamh céanna ar chúrsaí trí seachtaine a thuilleadh agus gur fearr le tuismitheoirí rogha an chúrsa coicíse a bheith acu.

Tuigtear go bhfuil CONCOS ag éileamh go ndéanfaí leasuithe ar roinnt de na rialacháin nua atá beartaithe.

Tuigtear chomh maith go bhfuil imní ann faoin phráinn a bhaineann leis na leasuithe a dhéanfaí mar gheall go mbeidh na coláistí ag fógairt a gcúrsaí do 2025 go luath. Tá teagmháil déanta ag CONCOS le polaiteoirí agus oifigigh Roinn na Gaeltachta and na Roinne Oideachais faoin scéal agus iad ag iarraidh go leasófaí na rialacháin.

42 coláiste samhraidh a bhfuil aitheantas faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge chun cúrsaí Gaeilge a reáchtáil. Faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge íocann Roinn na Gaeltachta deontas leis na mná tí agus fir tí a chuireann lóistín ar fáil do na daltaí a bhíonn ag freastal ar chúrsaí samhraidh.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne mí na Bealtaine ardú euro in aghaidh na hoíche ar an liúntas a íoctar le mná tí na Gaeltachta.

Fágann an t-ardú 8% gur €13 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche a íoctar le fir agus mná tí na gcoláistí samhraidh seachas €12 a bhí ann roimhe sin.

In 2008 tháinig deireadh leis an aon liúntas in aghaidh an dalta a d’íocadh an Roinn Oideachais leis na coláistí samhraidh féin.

Fág freagra ar 'Aighneas faoi fhad na gcúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht'

  • Billy an Ghoirt

    Nach mbaineann sé sin leis an gcostas a bheith níos áirde agus tuismitheoirí nach bhfuil an t-airgead acu. Muna dtaithníonn na cúrsaí coicíse leis an Rialtas/na húdaráis, caithfidh síad i bhfad níos mó scolaraichtaí do chúrsaí sa Ghaeltacht a chur ar fáil do na cúrsaí trí seachtaine – go mór mór do teaghlaigh atá ar ioncam níos ísle (do thaighlaogh a bhfuil cárta leighis acu mar shampla).

  • Lurgan

    Ní minic Lurgan a bheith ag aontú leis an Roinn ach tá an ceart go hiomlán ag an Roinn faoi seo. Siar sna blianta ba chúrsaí 4 seachtainí (mí iomlán) a bhíodh i gceist. Athraíodh seo, sna seachtadaí go chúrsaí 22 oíche agus is mar sin a cheart go bhfágfaí iad. Am & iarracht a thesataíonn le teacht isteach ar an teanga labhartha agus deis a fháil len’ í a shealbhú. Níl bunús dá laghad lena rá gur tréimhsí coicíse a bhfuil á éileamh ag scoláirí/tuismitheoirí. Tá go leor, leor rudaí a d’fhéadfaí a fheabhsú maidir leis na coláistí Gaeilge Gaeltacha ach is áiféiseach amach ‘s amach a bheith ag iarraidh an tréimhse Gaeltachta a ghearradh siar agus ghiorradh.