Bhí gach rud le bheith i gceart.
An t-am seo anuraidh agus ‘Súil siar ar 2020’ agus ’Súil chun cinn ar 2021’ á scríobh agam do Tuairisc.ie bhí na chéad vacsaíní i gcoinne an Covid-19 á ndáileadh. Fearacht go leor tráchtairí eile an t-am sin, mheas mé go mbeadh an chéad chúpla mí de 2021 deacair. Leanfadh na srianta dianghlasála ar aghaidh go dtí go mbeadh instealladh faighte ag nach mór chuile dhuine, ach ansin… bheadh an phaindéim thart!
Ba bheag a thuig mé féin, tráchtairí eile, polaiteoirí agus an pobal i gcoitinne go mbeadh aibítir na Gréigise ar fad á múineadh ag an gcoróinvíreas dúinn (an litir ‘Xi’ as an áireamh ar ndóigh, ar chúinsí polaitiúla.)
B’fhéidir gur thuig na heolaithe.
Ach cé a éisteann le heolaithe na laethanta seo?
Nó go deimhin le héinne lasmuigh dá ‘bhoilgeog’ féin?
Ag caint ar bhoilgeoga: ní raibh ‘Súil siar ar 2020’ agus ‘Súil chun cinn ar 2021’ ach díreach curtha chuig Túr Tuairisc.ie i mBearna agam nó thóg mé eitleán ón mBrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, go dtí mo thír dhúchais, an Ísiltír, chun an Nollaig a chaitheamh ann: masc ar m’aghaidh ar feadh an aistir, mar a d’éiligh na rialacha, agus mar ba nós liom a dhéanamh pé scéal é sa Bhrasaíl. Ní chreidfeá an suaitheadh cultúir a bhí orm tar éis dom tuirlingt den eitleán i dTír Lucht Séanta Éifeacht na Mascanna Aghaidhe!
Ach is aisteach a thapúla is a théann an aigne i dtaithí ar thimpeallacht agus ar thuairimí nua, bíodh siad críonna nó ná bíodh: tar éis cúpla lá bhí mé féin i mbun mo ghnoithe timpeall mo bhaile dúchais gan chlúdach ar bith ar m’aghaidh.
An rud céanna, dáiríre, leis an ionradh ar an gCaipeatól i gcathair Washington DC i dtús mhí Eanáir – tá mé cinnte gur cuimhin leat, glothar an bháis rialtas Donald Trump. Lá amháin feiceann tú slua craiceáilte ar an teilifís agus deir tú leat féin ‘i Meiriceá amháin a tharlaíonn na rudaí sin’ agus seachtain nó dhó ina dhiaidh sin tá muintir do thíre féin i mbun círéibe i gcoinne na srianta dianghlasála agus an vacsaínithe! Faoi dhó i mbliana, i mí Eanáir agus i mí na Samhna, bhí carranna á ndó agus clocha á gcaitheamh le hospidéil san Ísiltír ag daoine a thugann ‘trodairí ar son na saoirse’ orthu féin.
Agus cén fáth? Toisc go ndúirt daoine eile ina ‘mboilgeog’ leo é sin a dhéanamh.
B’fhéidir gurbh í an alltacht a bhí orm faoi amaidí lucht na heite fíordheise i Meiriceá agus san Ísiltír ba chúis leis go raibh oiread measa agam ar phobal Mhaenmar i mbliana. Sa tír sin chuaigh na céadta míle daoine amach ar na sráideanna lá i ndiaidh lae tar éis don arm ceannaire na tíre, Aung San Suu Kyi, a toghadh go daonlathach, a chur as oifig maidin an 1 Feabhra. Gar do 1,300 duine a mheastar a mharaigh arm Mhaenmar ó shin i leith le linn léirsithe a leanann ar aghaidh fós in ainneoin bhrúidiúlacht na deachtóireachta athbhunaithe.
Faoin am sin, bhí Joe Biden agus Kamala Harris insealbhaithe sna Stáit Aontaithe. Ba ar Biden a bhí an tóir san Earrach agus pleananna eacnamaíochta agus infreastruchtúir a bhfuil na céadta billiún dollar luaite leo á bhfógairt aige. Ach d’imigh cuid den loinnir dá uachtaránacht i mí Lúnasa nuair a rinne an Taliban athghabháil ar Kabul agus ar an gcuid eile den Afganastáin tar éis d’fhórsaí armtha SAM tarraingt siar as an tír sin tar éis 20 bliain – rud a d’fhág an Afganastáin ina deachtóireacht reiligiúnach arís nach mór thar oíche.
Cá bhfios nach raibh baint ag cinneadh Biden tarraingt siar as an Afganastáin leis na cluichí cogaíochta atá ar bun ag Putin na Rúise in aice le teorainn na hÚcráine le roinnt blianta anuas, cluichí atá ag éirí chomh dáiríre sin le mí nó dhó anuas go measann seirbhísí rúnda na Stát Aontaithe go bhféadfadh ionsaí ar an Úcráin a bheith ar na bacáin go luath sa bhliain úr.
Achar beag ó thuaidh bhí (agus tá) cluiche dá chuid féin ar siúl ag Alexander Lukashenko, uachtarán, nó deachtóir, na Bealarúise. Ní raibh an caidreamh idir an Bhealarúis agus an tAontas Eorpach rómhaith le tamall de bhlianta anuas ach chuaigh rudaí ó mhaith ar fad i mí na Bealtaine, nuair a chuir údaráis na Bealarúise iallach ar eitleán de chuid Ryanair, a bhí ar a bhealach idir an Ghréig agus an Liotuáin, tuirlingt ag aerfort Minsk. Gabhadh an t-iriseoir agus gníomhaí de chuid an fhreasúra ón mBealarúis, Roman Protasevich, agus a chailín, a bhí ar bord.
I ngéire a chuaigh na smachtbhannaí a bhí i bhfeidhm ar an mBealarúis cheana féin agus an chéad rud eile bhí na scórtha míle teifeach ón Meánoirthear agus ón Afraic á mbrú thar theorainn thoir an Aontais Eorpaigh ag Lukashenko – isteach sa Laitvia, sa Liotuáin agus sa Pholainn. Gan dabht níl tíortha an Aontais Eorpaigh gan locht sa ghéarchéim sin agus teifigh á mbrú ar ais thar teorainn na Bealarúise ag an bPolainn agus an Liotuáin agus, níos faide ó dheas (agus isteach sa Tuirc) ag an nGréig agus ag an mBulgáir.
Bhris cogaíocht amach arís i Stráice Gaza i mí na Bealtaine agus fuair gar do 300 duine bás sa Phalaistín agus in Iosrael in ionsaithe a lean ar feadh 11 lá; cáineadh go géar ruathar aeir a rinne fórsaí armtha Iosrael ar fhoirgneamh ina raibh oifigí an Associated Press, Al Jazeera, agus meán eile lonnaithe. Go gairid tar éis deireadh a theacht leis an tréimhse áirithe sin sa choimhlint leanúnach sin chuir comhrialtas nuabhunaithe in Iosrael an ruaig ar Benjamin Netanyahu, a bhí ina Phríomh-Aire le 12 bliain anuas.
Tá Netanyahu i gceannas ar an bhfreasúra ach tá slán fágtha ar fad leis an saol polaitiúil, de réir chuile chosúlachta, ag seanfhondúir eile: Angela Merkel. Tháinig deireadh lena réimeas 16 bliain sa Ghearmáin i mí na Samhna; an daonlathaí sóisialta Olaf Scholz a tháinig i gcomharbacht uirthi. Cronófar go mór stuaim agus daonnacht Merkel, ach tá beirt cheannairí bhan óga ag tarraingt airde orthu féin ar an stáitse idirnáisiúnta de bharr an chaoi stuama, den chuid is mó, a ndeachaigh siad i ngleic leis an bpaindéim: tá go leor le foghlaim ag ceannairí domhanda seanbhunaithe ó Jacinda Ardern na Nua-Shéalainne agus ó Sanna Marin na Fionlainne. Ag caint ar cheannairí ban: den chéad uair riamh tá bean, Magdalena Andersson, ina príomh-aire sa tSualainn agus níl Eilís II ina banríon ar Bharbadós a thuilleadh; poblacht atá san oileán sin anois.
Eagraíodh go leor imeachtaí i mbliana a cuireadh ar ceal in 2020: Cluichí Oilimpeacha Thóiceo, an Comórtas Eoraifíse (a bhuaigh an Iodáil), Corn na hEorpa sa Sacar (a bhuaigh an Iodáil freisin) agus, ar ndóigh, an Chomhdháil COP26. ‘Blah blah blah’ an tátal a bhain an gníomhaí óg iomráiteach ón tSualainn Greta Thunberg as an ollchruinniú aeráide sin i nGlaschú; faraor géar bhí cuid mhór den cheart aici agus beartais ar gá iad a chur i bhfeidhm ar an bpointe boise curtha ar an méar fhada arís eile.
Idir an dá linn, bhí an domhan ag téamh agus ag dó leis, agus é á bhá ag an am céanna: tonn teasa a mharaigh 600 duine in iarthar Mheiriceá Thuaidh, teocht 48.8 gcéim Celsius sa tSicil, falscaithe sa Ghréig, tuilte sa Ghearmáin, sa Bheilg agus san Ísiltír.
Faraor géar ba mhó an tsuim, más fianaise ar bith líon na méimeanna ar na meáin shóisialta, a bhí ag mórchuid daoine sa long lastais Ever Given a chuaigh i bhfostú i gCanáil Shuais agus a chuir moill ar na bréagáin a d’ordaigh siad dóibh féin ón tSín.
Fág freagra ar 'Aibítir na Gréigise á múineadh ag an gcoróinvíreas dúinn agus an domhan ag dó leis'