Agus Fine Gael i rialtas anois le deich mbliana anuas tá daoine ag éirí mífhoighneach

Tá sé i gceist go mbeadh Leo Varadkar ina Thaoiseach arís bliain ón lá inniu ach tá deacrachtaí ag a pháirtí agus níl an gean céanna ag daoine air féin

Agus Fine Gael i rialtas anois le deich mbliana anuas tá daoine ag éirí mífhoighneach

Bliain ó inniu beidh Leo Varadkar ina Thaoiseach in athuair. Nuair a chuir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas clár rialtais le chéile i mí an Mheithimh anuraidh cinneadh go mbeadh ról an Taoisigh á mhalartú idir Fianna Fáil agus Fine Gael ar an 15 Nollaig an bhliain seo chugainn.

Nach tráthúil do Varadkar go mbeidh Fine Gael ag filleadh ar oifig an Taoisigh taca an ama gur bunaíodh an Stát i 1922.

An cheist atá le cur anois ná an éireoidh leis an rialtas agus Fine Gael, go háirithe, an sprioc eile a bhaint amach. Cén sprioc eile? An 25 Feabhra 2025 an dáta is déanaí go gcaithfear an chéad olltoghchán eile a reáchtáil. Is léir ón gcaint a rinne an tAire Airgeadais Pascal Donohue an tseachtain seo go bhfeiceann Fine Gael go mbeidh a ndóthain le déanamh acu agus a bheith buacach sa toghchán sin.

Tá siad ag breathnú ar sheifteanna leis an bpobal a choinneáil leo nó a mhealladh ar ais, rud is gá más fíor don tsraith pobalbhreitheanna atá foilsithe le cúpla seachtain anuas. Tá Fine Gael agus Fianna Fáil gob ar ghob in athuair, rud nach raibh le fada. Tá siad ag sodar ag iarraidh coinneáil le tacaíocht Shinn Féin. Cén chaoi a ndéanfaidh siad sin? Trí liúntas breosla a thabhairt do chuile líon tí sa tír? Trí chiorruithe cánach mar atá á thuairisciú? Nó trí dhul os comhair an phobail – na trí pháirtí rialtais le chéile – in iarracht Sinn Féin a cheansú. Tá diúltaithe ag Leo Varadkar don mholadh sin. Beidh Fine Gael ag dul os comhair an phobail mar pháirtí neamhspleách, ar sé.

Caithfidh Fine Gael a aithint go bhfuil a dtacaíocht ag sleamhnú le scaitheamh anois. Níl an oiread gean ar an Tánaiste agus a bhíodh ach an oiread. Agus tá Fine Gael i rialtas anois le deich mbliana anuas. Seo an tríú téarma as a chéile acu i gcumhacht. Éiríonn an pobal mífhoighdeach le páirtí a bhíonn blianta fada as a chéile i rialtas, go háirithe mura bhfeictear aon toradh ar na geallúintí a rinne siad. Tuigeann Fianna Fáil an méid sin cheana féin.

Ní léir go bhfuil fonn ar pháirtithe móra an rialtais seo toghchán a ghairm go luath. Caithfidh siad seift a aimsiú le teacht roimh bhorradh Shinn Féin. Ainneoin teannas follasach a bheith ina measc go minic, tá ag éirí leo an cúrsa a choinneáil. Tá go leor den teannas sin ag tarlú mar gheall ar chlaonadh an Tánaiste é féin a chur chun cinn mar urlabhraí rialtais, beag beann ar an Taoiseach.

Tá tacaíocht Fhine Gael go háirithe ag fulaingt le linn an chleamhnais seo ach beidh siad ag súil nuair a bheidh Leo ina Thaoiseach in athuair an bhliain seo chugainn go mbeidh athrú air sin.

Fág freagra ar 'Agus Fine Gael i rialtas anois le deich mbliana anuas tá daoine ag éirí mífhoighneach'

  • An Teanga Bheo

    Daonflathas nó nós Rialtas atá i gceist………………. postanna sealadacha is cosuil