Tá idir éiginnteacht agus imní á spreagadh ag Uachtarán na Stát Aontaithe ó chuir sé tús lena chogadh trádála. Cogadh a bhagair sé uaireanta, a chuir sé i bhfeidhm uaireanta eile, nó a chuir sé ar ceal nó ar leathcheal gan choinne.
Ainneoin phlámás an Taoisigh sa Teach Bán Dé Céadaoin, ba léir go moch Déardaoin go raibh an tUachtarán meáite ar bhabhta troda eile. D’fhógair sé taraif 200% ar earraí alcólacha ón Aontas Eorpach.
Cuirfear an taraif nua bhfeidhm, a dúirt sé, mura gcuirfear taraifí an AE (a fógraíodh mar fhreagra ar tharaif Mheiriceánach eile) ar ceal “ar an toirt”.
Tá taraifí an AE fós i bhfeidhm ar ndóigh cé go bhfuil súil ag Micheál Martin go reáchtálfar cainteanna idir an dá thaobh chun teacht ar chomhréiteach sara dtéann an t-aighneas i dtreise arís. Ní léir faoi láthair aon chúis dóchais áfach.
Thug Pat Rigney, úinéir an Shed Distillery i gcontae Liatroma, sampla den dochar a dhéanfadh an taraif Mheiriceánach nua dá ngearrfaí í. Easpórtálann an comhlacht 35 faoin gcéad dá dtáirgí chun na Stát Aontaithe, a dúirt sé. Chiallódh an taraif nua go mbeadh an praghas Meiriceánach chomh hard sin nach mbeadh Drumshambo Gin agus táirgí eile an chomhlachta ar an margadh níos mó sna Stáit.
Is léir drochthoradh eile abhus ar an taraif nua a bhagair an t-uachtarán. (Maith dhom é a léitheoir mura gcuirim i gcló ainm an té atá ár gcrá gach lá beagnach ó chuaigh sé in oifig arís.)
Abair go dtabharfaidh tú cuairt ar Nua-Eabhrac tar éis teacht i bhfeidhm na taraife nua agus abair gur mhaith leat gloine Bushmills a ordú i dteach tábhairne thall.
Deir an lipéad ar gach buidéal Bushmills gur ‘Irish Whiskey’ atá ann – cur síos a dhúisíonn ceist thábhachtach nach léir a réiteach faoi láthair.
Is i Muileann na Buaise i gContae Aontroma atá drioglann Bushmills suite. De réir Fráma nó Creat Windsor – an comhaontú iarBhreatimeachta a rinne an Ríocht Aontaithe leis an AE in 2023 – díoltar Bushmills agus earraí eile ón Tuaisceart gan cuimse ná taraif ar fud an AE.
Shocraigh an Fráma freisin go ndíolfaí earraí ón Tuaisceart sa Ríocht Aontaithe mar tháirge Breataineach.
An cheist: an mbeidh an ghloine Bushmills a ordóidh tú i Nua-Eabhrac saor ón taraif 200 faoin gcéad toisc gur táirge é ón Ríocht Aontaithe, atá slán faoi láthair ón taraif?
Nó an rialóidh na húdaráis thall gur táirge Eorpach é agus go ngearrfar an taraif nua air? Dheimhneodh an dara cinneadh gur ar éigean a d’easpórtálfaí Bushmills in aon chor chun na Stát toisc go mbeadh an praghas chomh hard dá bharr?
Níor athraigh plásántacht an Taoisigh ná a thost agus an tAontas Eorpach á cháineadh sa Teach Bán Dé Céadaoin an taraif chrua a d’fhógair an t-uachtarán an lá dár gcionn. Ní dhearna a chuairt aon dochar áfach don iarrracht a chaithfear a dhéanamh amach anseo chun deireadh a chur leis an gcogadh trádála trasatlantach.
Is ar éigean a chuidigh baghcat Chéad-Aire an Tuaiscirt, Michelle O’Neill, ar chaidreamh leis an uachtarán in Washington le cosaint gheilleagar an Tuaiscirt ó thionchar an chogaidh. Go háirithe toisc gur casta agus gur achrannaí an cás mar gheall ar stádas eacnamaíochta an Tuaiscirt faoi Fhráma Windsor.
D’fhógair Sinn Féin an baghcat mar gheall ar thacaíocht an Uachtaráin do chinedhíothú Israel i nGaza. Léirigh eachtraí na seachtaine seo in Washington áfach an difríocht idir baghcat cheannaire an fhreasúra i mBaile Átha Cliath agus baghcat polaiteora atá i gcomhcheannas ar an bhFeidhmeannas i mBéal Feirste.
Bhí comhrá gairid leis an uachtarán ag LeasChéad-Aire an Fheidhmeannais, Emma Little-Pengelly ón DUP. Casadh comhaltaí den Seanad agus de Theach na nIonadaithe uirthi freisin ach ba léir d’iriseoirí in Washington nár tugadh aird uirthi mar a tugadh ar a cuairt in éineacht leis an gCéad-Aire O’Neill anuraidh.
Dúirt Pengelly leis an Irish Times nach mbeadh smacht ag an Tuaisceart ar thoradh an chogaidh ach gur féidir tuiscint a chothú ar dheacrachtaí casta an Tuaiscirt agus ar an gcontúirt go ndéanfadh an t-aighneas dochar mór i réigiún beag.
Is fearr caidreamh ná baghcat i gcás ceannaire rialtais. Tuairim a mhol Mary Lou McDonald agus cuairt an Taoisigh ar an Teach Bán á cosaint aici. Ní hionann ceannasaíocht rialtais, a dúirt sí, agus ceannasaíocht an fhreasúra.
Tuairim ar léir níos mó anois a neart maidir leis an gCéad-Aire a bhí as láthair agus cúrsaí na hÉireann, thuaidh agus theas, á bplé i Washington.
WTF
‘pacemaker’ nó ‘peacemaker’ a bhí i gceist ag MM?