AGALLAMH: Máirtín Tom Sheáinín le díriú ar an adhlacóireacht agus ar a theach ósta nuair a éireoidh sé as RnaG

‘Ní fear mé a bheas ag imirt gailf mar níl a fhios agam cén taobh den mhaide a mbéarfadh mé air’ a deir láithreoir 'Ardtráthnóna' a rachaidh ar scor ón obair mí na Samhna

AGALLAMH: Máirtín Tom Sheáinín le díriú ar an adhlacóireacht agus ar a theach ósta nuair a éireoidh sé as RnaG

Mar adhlacóir agus tábhairneoir a bheas an craoltóir aitheanta Máirtín Tom Sheáinín ag caitheamh a chuid ama nuair a éiríonn sé as a phost le RTÉ Raidió na Gaeltachta i mí na Samhna.

Deir Máirtín Tom Sheáinín, atá ag obair leis an stáisiún raidió Gaeltachta le breis agus 30 bliain, gur bhreá leis coinneáil air i mbun na craoltóireachta ach go bhfuil a chuid “ama caite, de réir rialacha RTÉ”.

Beidh sé ag díriú a chuid fuinnimh ar an adhlacóireacht, lena mhac Máirtín Óg, agus ar a theach ósta The Hooker Bar, in Eanach Mheáin i gConamara, atá ar cíos ag an chraoltóir le seacht mbliana anuas.

“Ag an bpointe seo níl le déanamh agam nuair a éirím as an obair le Raidió na Gaeltachta ach cúpla lá sa bpub agus a bheith ag plé leis an adhlacóireacht. Ní fear mé a bheas ag imirt gailf mar níl a fhios agam cén taobh den mhaide a mbéarfadh mé air,” a dúirt Máirtín Tom Sheáinín le Tuairisc.ie.

Beidh sé fós le feiceáil i mbun láithreoireachta ar an tsraith Comhrá ar TG4, áit a mbíonn an craoltóir aitheanta i mbun cainte le haoi amháin i ngach clár.

Ag trácht dó ar a shaol craoltóireachta le Raidió na Gaeltachta, dúirt Máirtín Tom Sheáinín, arb as Ceantar na nOileán dó i gConamara, gurb iadsan a chuir “oideachas” air is mó a chuaigh i bhfeidhm air.

“Thaitin sé liom a bheith ag cur aithne ar dhaoine, iadsan a chuir oideachas orm faoi shean-nósanna an tsaoil, agus iadsan a raibh na seanfhocla agus na seanráitis acu.

“Bhí mé sna luath-thríochaidí nuair a thosaigh mé ag obair leis an raidió agus thaitin sé liom a bheith ag dul ar cuairt ar dhaoine. Tuigim féin go maith go mbíonn daoine i bhfad níos compordaí nuair a bhíonn siad istigh ar a dteallach féin le haghaidh píosa cainte a dhéanamh seachas a bheith istigh i stiúideo,” a dúirt sé.

I 1989, a chuir Máirtín Tom Sheáinín tús lena shaol craoltóireachta, agus an tsraith amhránaíochta ar an tsean-nós Casadh an tSúgáin á cur i láthair aige. Amhránaí aitheanta ar an sean-nós é chomh maith, agus thug sé leis Corn Uí Riada don dara babhta an bhliain roimhe sin, comórtas a chuireann sé i láthair do RnaG ó Oireachtas na Samhna go rialta.

“Is fríd na hamhráin a tharla sé seo ar fad. Rinne mé sraith cláracha le Meaití Joe Shéamuis. Ní raibh aon taithí agam ar an gcineál sin oibre roimhe, ag tiomáint leoraí ó Leitir Mór go Longfort chuile tráthnóna a bhínn an t-am sin,” a dúirt Máirtín.

Faoi dheireadh na bliana 1989, bhí sé ag obair go lánaimseartha i Raidió na Gaeltachta i gCasla i gConamara.

Bhí an clár Togha agus Rogha, atá ar an aer go fóill, ar cheann de na chéad chláir a bhí faoi chúram an chraoltóra nuacheaptha.

I samhradh na bliana 1998, thosaigh sé i mbun an chláir Maidin Samhraidh, clár a thug deis dó den chéad uair daoine a thabhairt isteach sa stiúideo agus iad “a chur ag caint faoi gach ábhar faoin spéir”.

I mí Mheán Fómhair na bliana sin, cuireadh é i mbun an chláir Ardtráthnóna, clár a bhfuil sé ina bhun le 22 bliain anuas.

Is é Máirtín Tom Sheainín féin a bhí ina láithreoir, léiritheoir agus i mbun taighde ar an chlár.

Deir sé go bhfuil sé ag súil go mór le filleadh ar Ardtráthnóna ag tús na míosa seo chugainn i ndiaidh briseadh fada.

I mí an Mhárta seo caite a craoladh an clár deireanach de Ardtráthnóna, tráth ar tháinig na srianta dianghlasála i bhfeidhm.

Dúnadh a theach ósta an t-am sin freisin ach tá sé oscailte arís le trí seachtaine anuas.

“Tá muid réitithe amach le haghaidh an Covid agus áit istigh sa bpub do 57 duine le suí síos ag boird ann. Tá cúig cinn d’ovens anseo againn agus cáil ar an bpizza a dhéantar sa bpub seo le dhá bhliain déag anuas.”

Dúirt Máirtín Tom go bhfuil na srianta Covid-19  “dian ar chuile dhream” ach go bhfuil an dream ar bhásaigh duine éicint leo le linn na géarchéime “ag fulaingt go mór”.

“Tá sé thar a bheith go dona nuair a chaithfidh an chlann a rá le gaolta nach féidir leo dul isteach ag teach an phobail lá na sochraide. Tá an bás sách dona ach tá sé i bhfad níos measa nuair nach féidir le do mhuintir a bheith leat ar uair do bháis nó ag an uair a bhfuil tú le cur sa talamh,” a dúirt Máirtín Tom Sheáinín.

Ní rachaidh scileanna cumarsáide an chraoltóra amú ar MTS agus é ina thábhairneoir agus ina adhlacóir.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: Máirtín Tom Sheáinín le díriú ar an adhlacóireacht agus ar a theach ósta nuair a éireoidh sé as RnaG'

  • Séamas Mac Coitir.

    A chara. Guím gach rath agus séan ar Mháirtín, sna blianta atá amach roimhe. Aireoimid uainn é mar gheall ar a chumas mar chraoltóir, agus an bealach réchúiseach, tuisceanach, a bhí aige chun aíonna a bhí agallamh aige a chur ar a suaimhneas. Ar ndóigh, ba fonnadóir den chéadscoth é, agus go deimhin, bhí sé i gcónaí os cionn a bhuille, ba chuma cé acu ar an raidió nó ar an teilifís a bhí sé ag
    craoladh.

    Go gcuire Dia an t-ádh agus an t-amhantar ar Mháirtín, agus é i mbun gnó mar adhlacóir, agus mar thábhairneoir!

    Séamas Mac Coitir.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Bail ó Dhia air, by dad! Aireoidh mé féin uaim é mar dhuine do bhí an-mhaith ar TG4 i measc iomaí clár – Comhrá ach go háirithe, agus an tOireachtas.

  • Poraic o'hEipicín

    Go n-éirí Leat, a Mháirtín.

  • Siobhán

    “Deir Máirtín Tom Sheáinín… gur bhreá leis coinneáil air i mbun na craoltóireachta ach go bhfuil a chuid “ama caite, de réir rialacha RTÉ”. Ní thuigim. Cén fáth go díreach?