AGALLAMH le ROB KEARNEY: ‘Táimid mar a bhfuilimid agus caithfimid fuine de réir na mine’

Agus Cúige Laighean ag tabhairt aghaidh ar Chúige Uladh anocht labhair Tuairisc.ie le Rob Kearney faoin gcaitheamh anuas atá á dhéanamh orthu

Imreoir Chúige Laighean, Rob Kearney. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Imreoir Chúige Laighean, Rob Kearney. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tar éis gach aon chailliúint bíonn an scrúdú iarbháis ann.

Tá an scrúdú sin sé faoi lánseol anois ag Cúige Laighean tar éis do Toulon iad a ruaigeadh as Corn na gCuradh. Nuair a tháinig Steffon Armitage den pháirc cuireadh stop leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag Laighin sa chlibirt agus ag an mbriseadh síos.

Mhaígh tosaí Chúige Laighean Sean O’Brien nach raibh iompar Armitage de réir na rialacha trí huaire ar a laghad agus nár gearradh aon phionós air.

Cuireadh ceist ar O’Brien ar éirigh leis na himreoirí iompar Armitage a chur ar a shúile don réiteoir Wayne Barnes.

“Ní féidir leat aon ní a rá leis an fear sin,” a dúirt Sean O’Brien.

“Ní fiú é. Níl bhíonn aon fháilte aige roimh aiseolas ar bith.Tuigimid é sin le fada an lá. Ach leanann tú ort agus déanann tú do dhícheall tú féin rudaí a chur ina gceart. A luaithe agus a thosaíonn an cluiche, bíonn a aigne déanta suas aige.  Mar sin a bhíonn ag réiteoirí, is cuma cad a deirtear leo.

“Tá fhios aige cé atá go maith i mbun póitseála agus cé nach bhfuil. Tá pictiúr ina cheann aige den méid atá ag tarlú ar an bpáirc, agus b’fhéidir nach n-éirionn leis calaois a thabhairt faoi ndeara ar an gcéad fhéachaint.”

Ar pháirc na himeartha tráthnóna tabharfaidh Cúige Laighean aghaidh ar Chúige Uladh agus cáineadh go leor á dhéanamh ar fhoireann Matt O’Connor. Ní ghlacann lán-chúlaí Rob Kearney leis an gcáineadh sin agus deir sé gurb iad foireann O’Connor an fhoireann is fearr lasmuigh den Fhrainc faoi láthair. Maidir leo siúd a chuireann foireann O’Connor i gcomórtas le foireann Joe Schmidt a bhain dhá Corn Heineken amach i 2011 agus 2012, deir Kearney gur fánach ag duine a leithéid de chomparáid a dhéanamh. 

“Ceann de na fadhbanna atá ann ná go mbítear i gcónaí i mbun comparáide le foirne a bhí chomh fada siar le 2012 agus 201. Táimidne éagsúil. Timpeallacht iomlán difriúil atá ann, tá imreoirí nua ann, tá bainistíocht nua ann. Da bharr ní fiú dúinn a bheith de shíor ag féachaint siar. Táimid mar a bhfuilimid agus caithfimid fuine de réir na mine.  

“Cinnte táimid feasach ar an dearcadh atá ag daoine amuigh ansin fúinn. Nuair a bhíonn daoine ár n-ionsaí, cúbann tú chugat féin agus is lú do bheann air. An cáineadh a dhéantar ar an stíl imeartha againn, uaireanta téann sé thar fóir. Go dtí an tseachtain seo caite, níor chailleamar ach cluiche amháin san Eoraip. Bhí cluiche baile againn sa bhabhta ceathrú ceannais. Sa mhéid sin, sea, tá sé thar fóir.”

Fág freagra ar 'AGALLAMH le ROB KEARNEY: ‘Táimid mar a bhfuilimid agus caithfimid fuine de réir na mine’'