Ag na Gaeil atá an lámh in uachtar ar chuile bhealach sa PRO 12

Seans maith dá bhrí sin go mbeidh trí nó ceithre chúige fiú ag imirt i gCorn na gCuradh an chéad séasúr eile

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

Níl le n-imirt anois ach ceithre chluiche réamhbhabhtaí i gcomórtas an Pro 12 agus is ag na Gaeil atá an lámh in uachtar ar chuile bhealach. Tá na Connachtaigh ar bharr na sraithe, ceithre phointe chun cinn ar na Laighnigh, aon phointe déag agus dhá pointe déag chun tosaigh ar Chúige Mumhan agus Chúige Uladh, na foirne atá sa gceathrú agus sa gcúigiú háit ar an tábla. Na Scarlets an t-aon fhoireann eachtrannach atá i measc na gceithre foirne atá ar bharr an chomórtais faoi láthair.

Seans maith dá bhrí sin go mbeidh trí nó ceithre chúige fiú ag imirt i gCorn na gCuradh an chéad séasúr eile. Sin más féidir leo an brú deireanach atá ag teacht le cúpla cluiche anuas ó Ghlaschú, curaidh an chomórtais, a sheasamh. Seo foireann atá sa séú háit agus cluiche amháin le spáráil acu ar chuile fhoireann ón tír seo.

In aghaidh a chéile a bheas na cúigí Éireannacha an deireadh seachtaine seo. Ar an Aoine, beidh na Connachtaigh i mBéal Feirste agus iad ag iarraidh cur leis an mbua iontach a bhí acu ar Chúige Laighean an deireadh seachtaine seo caite. Malairt scéil atá ag na hUltaigh, foireann a chaill an Aoine seo caite i gcoinne Ghlaschú. Seans gur sólás beag do fhir Les Kiss gur as baile a d’imir siad an cluiche sin agus go bhfuil curiarracht iontach acu i gcoinne Chonnacht agus iad á n-mirt sa mbaile. Níor éirigh le fir an Iarthair an lámh in uachtar a fháil ar Chúige Uladh i mBéal Feirste le ós cionn leathchéad bliain.

Mar sin féin is cinnte ón gcur chuige atá á léiriú ag foireann Chonnacht i mbliana go mbeidh siad ag taisteal agus an bua mar sprioc acu. Seans go mbeidh Pat Lam sásta pointe amháin nó péire fiú a thabhairt abhaile leis ón gcoimhlint seo, go háirithe agus dhá chluiche baile fós le n-imirt acu agus ceann amháin as baile i gcoinne Treviso, foireann atá ar íochtar an tábla.

Ar an Satharn a bheas cluiche an deireadh seachtaine á imirt san Aviva idir Cúige Laighean atá sa dara háit agus Cúige Mumhan atá seacht bpointe taobh thiar díobh sa gceathrú háit. Níl aon amhras ach go mbeidh Leo Cullen ag iarraidh Cúige Laighean a chur ar bhóthar a leasa arís tar éis dóibh dhá chluiche as a chéile a chailliúint, cluichí a raibh a lucht leanta cinnte dearfa den bhua rompu.

Beidh na Muimhnigh ag iarraidh tógáil ar an mbua pointe bónais a bhí acu an Aoine seo caite, ach is i gcoinne Zebre, dream atá san aonú háit déag a bhí siad an uair sin agus bhí buntáiste imirt sa mbaile acu. Ní hionann an cás an Satharn beag seo, de réir cosúlachta ar aon chaoi. Tá chuile bhuntáiste le Cúige Laighean ach an mbeidh siad in ann teacht i dtír orthu nó an mbeidh Axel Foley in ann iad a stopadh?

An iontas ar bith é gur díoladh breis is tríocha míle ticéad cúig lá roimh an gcluiche?

Fág freagra ar 'Ag na Gaeil atá an lámh in uachtar ar chuile bhealach sa PRO 12'