Ní ar thóir na Gaeilge a théann daoine as an nGaeltacht don Chlochán; ollmhargaí an bhaile mhóir sin is mo a thugann orthu a n-aghaidh a thabhairt siar aduaidh. Meastar go bhfuil margadh maith le fáil ar earraí áiríthe sna hollmhargaí sin. An fhaid agus a mhairfidh na margaí sin beidh daoine ag dul siar ann, sin mura bhfaighidh siad margadh níos fearr in áit eicínt eile. Táthar ag treabhadh an chosáin chun an Chlocháin níos minicí le cúpla bliain ó lonnaigh Aldi agus Lidl ar imeall thoir an bhaile mhóir – agus tá ollmhargadh mór go maith freisin ag Supervalu ag ceann thiar an bhaile. Is minic a chloisfea cómhrá i nGaeilge sna hollmhargaí sin anois; tá Aldi agus Lidl ag neartú na teangan!
Taobh amuigh de sin uilig, is baile seirbhísí don Ghaeltacht in iarthar Chonamara é an Clochán le fada an lá; Gardaí, dlíodóirí, ospidéal, bancanna srl. Tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leagtha anois ar stádas mar ‘Bhaile Seirbhíse Gaeltachta’ a thabhairt don Chlochán, mar chuid den chóras pleanála teanga a bhaineann leis an Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Snámh in aghaidh sruth na staire a bheidh ann.
Bhí ceann d’ócáidí móra poiblí Dhónail Uí Chonaill sa gClochán 172 bliain ó shin. Ní achar fíorfhada ó shin é i stair na tíre. Béarla a labhair Ó Conaill leis an slua mór a tháinig amach ag fáiltiú roimhe ansin i mí Mheán Fómhair, 1843. Ach ní raibh ach corrdhuine ann a thuig an chaint.
Céad bliain ina dhiaidh sin, tháinig Éamon de Valera chun an Chlocháin. Tháinig slua mór ann. Gaeilge a labhair de Valera ar feadh tamaill. Bhí cuimse daoine ann nár thuig an chaint. Bhí rothaí na staire gaibhte thimpeall agus bhí meirg tagtha ar rothaí na Gaeilge ar fud na tíre; mar sin a bhí sé sa gClochán agus sa gcuid sin de Chonamara freisin.
Níor fhan mórán de lorg na Gaeilge sa gClochán; baile Garustúin a bhí ann freisin. Bhí bunáit ag na Sasanaigh ann. Go deimhin, chuirtí i leith an Chlocháin scaití gur baile Gallda a bhí ann. Ach tá rothaí móra an tsaoil ag dul thimpeall i gcónaí agus tá an Stát ag iarraidh an Clochán a thabhairt ar ais i dteaghlach na Gaeilge – beidh sé ina ‘Bhaile Seirbhísí Gaeltachta’, sin má chuirtear coinníollacha áirithe atá sa bplean ag Roinn na Gaeltachta i bhfeidhm.
Tá roinnt bailte ar fud na tíre aitheanta ag Roinn na Gaeltachta mar ‘Bhailte Seirbhíse Gaeltachta’; is iad cathair na Gaillimhe agus baile mór an Chlocháin an péire atá luaite le Gaeltacht na Gaillimhe. Tá ‘critéir’ leagtha síos ag an Roinn do Bhailte Seirbhísí Gaeltachta. Seo a leanas ceann acu atá i gcóras eolais na Roinne sin: “An líon de daonra arb í an Ghaeilge an teanga labhartha atá ach sa bhaile iomchuí, ag féachaint do thionchar tosca deimeagrafacha, eacnamaíocht agus sóisialta sa bhaile iomchuí”. Sa gClochán, bheadh coiste ann a bheadh i dteagmháil le Foras na Gaeilge agus plean dá leagan amach le blas na Gaeilge a chur ar an mbaile ‘iomchuí’. Níl aon dochar anseo, ach an bhfuil aon mhaith ann?
Tá roinnt seirbhísí a thugann a n-ainmneacha trí Ghaeilge sa gClochán ar nós muintir Scannaill – ‘An Siopa Deas’ – agus an tseirbhís súl atá ag Ailbhe Ní Ráinne. Ní hé amháin go bhfuil an t-ainm i nGaeilge ach tá an Ghaeilge ag chaon dream acu freisin. Is dóigh ná a mhalairt go bhfuil buntáiste gnó ag baint leis – tá daoine ann, más mionlach féin iad, a ghabhfadh isteach chucu de bharr an aitheantais a thugann siad don Ghaeilge. Leis an gceart a dhéanamh, tá comharthaí i nGaeilge ag ollmhargadh Lidl anois freisin.
Tá na comharthaí togha ach má tá iarracht dháiríre á dhéanamh, níor mhór a bheith in ann cur leis an gcomhartha.
Ar ais chuig an gceist faoi fheachtas pleananna Gaeilge ar pháipéar i mbaile ar nós an Chlocháin. Bheadh go leor obair pháipéarachas le déanamh agus go leor meáchain ar choiste deonach, mar is obair dheonach a bheadh i gceist. D’fhéadfadh sé gur mo den pháipéar ná den teanga a bheadh ann. Dá mbeadh cúnamh ó Roinn na Gaeltachta le duine a fhostú ar bhonn páirtaimseartha féin le fanacht i dteagmháil le comhlachtaí, eagraíochtaí agus leis an bpobal faoi bheartais phraiticiúla a chuideodh leis an nGaeilge, nach mbeadh sé níos fearr? Ina dhiaidh sin féin, tugtar cúnamh don eagraíocht ‘Gaillimh le Gaeilge’ sa gcathair – agus is maith an aghaidh orthu é sin. Ar fiú roinnt airgid a chur ar fáil ar an gcaoi sin don ‘Bhaile Seirbhísí Gaeltachta’ eile atá ainmnithe do Ghaeltacht na Gaillimhe – an Clochán? Mar a deir an teanga eile sin, “Money talks”. Tuigeann na custaiméirí a théann chun an Chlocháin an dá fhocal sin freisin.
Brid
Feictear dom féin go bhfuil Gaeilge ag scata mór daoine ar an gClochán (agus i mBearna féin) ach Gaeilge a labhairt leo.
padraig o donnchu
Aontaim le Brid, eirionn liom fein raidhse Gaeilge a labhairt nuair a bhim ar na bolai sin, daoine baidhiuil lei ar an morchoir, dar liom. Ach ni mor duit a fhaifrai diobh ar dtuis ‘An bhfuil aon Ghaeilge agat’. ‘Beagainin’ an gnathfhreagra ach bionn nios mo na sin acu de ghnath. Leabhar iontach ag Antaine O Duibhir ar ‘Donall O Conaill’ le ceannach ar line. Bhi fhios aige na tuigfi e dar ndoigh ach fos lean se air, murab ionann agus De Valera. Nach bhfuil se i am an niamhru a bhaint den Chonallach agus an diobhail thar meon a rinne se don teanga a thabhairt chun solais. Ni raibh ann ach Caitiliceach gustalach a shanntaigh stadas a aicme fein mar thiarna talun a choimead. Leighi an leabhar.