Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations

I bPáirc an Chrócaigh a bheidh Pádraic Ó Ciardha seo againne an deireadh seachtaine seo agus tuairiscí aige ar na cluichí móra peile agus iomána. Bíodh súil in airde agat leis an méid sin, más ea, agus le roinnt colúin shuimiúla eile ar Tuairisc.ie ó pheann leithéidí Phóilín Uí Chiaráin, Mártan Ó Ciardha, agus John Allen.

Idir an dá linn, ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh linn faoi aon ghné d’obair Tuairisc.ie ag nuacht@tuairisc.ie nó ar Facebook nó Twitter.

Sraith peile fantaisíochta na nGael! Duaiseanna le buachan!

Glac páirt i sraith peile fantaisíochta sacair Tuairisc.ie!

Tá sraith peile fantaisíochta cruthaithe ag Tuairisc.ie agus cuireadh á thabhairt againn dár léitheoirí páirt a ghlacadh ann. Beidh duais bhreá againn do bhuaiteoir na sraithe agus bronnfar duaiseanna eile ó thráth go chéile le linn an tséasúir ar dhaoine a dhéanann gaisce.

Mar sin, má cheapann tú go bhfuil ábhar bainisteora ionat nó gur tú an saineolaí sacair is eolaí i measc na nGael, ní gá ach na treoracha seo a leanúint:

1. Téigh go dtí fantasy.premierleague.com

2. Cláraigh d’fhoireann

3. Úsáid an cód 1870355-428962 chun páirt a ghlacadh i sraith Tuairisc.ie

Má tá foireann cláraithe cheana agat, oibríonn an cód céanna chun clárú le sraith Tuairisc.ie

Go n-éirí go geal leat, agus scaip an scéal!

Na scéalta is mó a léadh an tseachtain seo

1. ‘Rachel Wyse, glaoigh orm!’ – buachaillí báire na Ceathrún Rua agus spéirbhean Sky

Cé gur chaill peileadóirí an chontae, d’éirigh le seachtar fear as Conamara aird na meán a tharraingt orthu féin le beagán samhlaíochta agus go leor áidh nuair a chas siad le láithreoir Sky Sports, Rachel Wyse

 


2. ‘It is inconsistent with National Dignity to adapt our place-names to suit foreigners or those who ape them’
Tá raic ann faoi láthair faoi ainm chathair Dhoire. Ó Kingstown go Charleville go Navan go Dingle, ní hé an chéad uair a chothaigh logainmneacha na hÉireann aighneas

 

3. Camchuairt na hÉireann (i maslaí)

Is beag cearn d’Éirinn nach ndearnadh moladh agus dímholadh air, a deir ár gcolúnaí

 

4. An Ghaeilge ar lár ó thaighde ar straoiseoga  

Ní raibh an Ghaeilge san áireamh san anailís a rinne SwiftKey ar nósanna úsáide na straoiseog níos túisce i mbliana

 

5. Nach deas é? ‘Tá na Seacht nDeabhail Ort!’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga


Pictiúr na seachtaine…  

Bhí an-éileamh freisin an tseachtain seo ar na pictiúir a thóg Seán Ó Mainnín le linn stoirm an Spidéil..


A ndúirt siad…  

 

…an féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil na cinntí morálta cearta á ndéanamh ag dreamanna arb é an brabús a bpríomhchuspóir? Agus an bhfuil an baol ann go bhfuil tús á chur le próiseas a rachaidh ó smacht?

Céard a tharlóidh, mar shampla, nuair a éireoidh intleacht shaorga níos cliste ná sinne?      

Alex Hijmans

Is ceist íogair í ceist na logainmneacha, ach an oiread le ceist ainm nó sloinne, agus is minic a bhíonn croí duine san ábhar agus go n-airítear ceangal láidir le háit dúchais agus leis an ainm atá uirthi.

Maitiú Ó Coimín

An rud a bhí againne i gcónaí i gCiarraí, is cuma dá gcaillfeá nó dá mbuafá cluiche, bhíodh an Bord agus an fhoireann i gcónaí ar aon fhocal. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ann i gCorcaigh fé láthair.

Tomás Ó Sé

Tá a fhios agam go gcaithfidh siad Béarla a fhoghlaim. Ach roimhe seo, ba é an plean a bhí againn ná go dtabharfadh muide aire don Ghaeilge sa mbaile is go dtabharfadh an saol mór aire don Bhéarla.

 

Bridget Breathnach


Sin é ár mbuille tugtha an tseachtain seo.

KH