‘Tá sé in am ag imreoirí Chorcaí féachaint orthu féin’ – Tomás Ó Sé (LE FÍSEÁN)

Deir Ó Sé le Tuairisc.ie chomh maith go bhfuil sé in am aghaidh a thabhairt ar athrú córais toisc a oiread ‘cluichí aontaobhacha’ atá ann

Munster GAA Football Senior Championship Final Replay, Fitzgerald Stadium, Killarney, Kerry 18/7/2015  Kerry vs Cork Cork's Donncha O'Connor reacts after missing a chance Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Donncha O’Connor. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Ráineodh go raibh an ceart sa deireadh ag Tomás Ó Sé faoi pheileadóirí Chorcaí a bheith “gan stiúir” agus gann ar “cheannairí”, ach má bhí ní thugann sé puinn sásaimh don Chiarraíoch atá buailte fé ar an dtaobh eile den teorainn.

“Bhí a lán daoine ag rá liom go raibh an ceart agam is na haon rud, ach ní bheinn chomh sásta sin mar gheall air, mar is dóigh liom go bhfuil foireann níos fearr ag Corcaigh ná mar atá daoine ag rá. Tá foirne fé aois maithe acu le blianta fada, ach tá fadhb éigin acu le déanaí, le trí nó ceithre bliana anuas: ní féidir leo cluichí móra a bhuachtaint.

“Tá fearg orthu agus táid díomách ach ba cheart go mbeadh Corcaigh níos fearr leis na himreoirí atá acu faoi aois, sin é an pointe a bheadh agam. An bhfuil an freagra i mbainiseoir nua, n’fheadar. B’fhéidir gur cheart dos na himreoirí féachaint orthu féin seachas a bheith ag caint ar bhainisteoirí nó pé ní eile,” a dúirt Ó Sé, a bhfuil cúig cinn de bhoinn Uile-Éireann aige, le Tuairisc.ie.

Chuaigh fear na Gaeltachta an-dhian ar na comharsain roimh chluiche ceannais na Mumhan an mhí seo caite agus cé gur thug na Corcaígh taispeántas maith uathu sa chluiche sin, nochtaíodh cuid de na fadhbanna céanna a raibh Ó Sé ag tagairt dóibh sa dá chluiche a bhí acu ina dhiaidh sin.

Chuir an ráiteas a d’eisigh Bord Contae Chorcaí iontas ar Ó Sé chomh maith. Sa ráiteas sin inar ghabh an Bord buíochas le Brian Cuthbert as an méid a bhain sé amach le linn a thréimhse mar bhainisteoir, dúradh gurbh é is dóichí ná go mbeadh peileadóirí Chorcaí anois ag ullmhú do chluiche leathcheannais na hÉireann murach droch-chinneadh réiteoireachta sa chluiche comhscóir in aghaidh Chiarraí.

“An rud a bhí againne i gcónaí i gCiarraí, is cuma dá gcaillfeá nó dá mbuafá cluiche, bhíodh an Bord agus an fhoireann i gcónaí ar aon fhocal. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ann i gCorcaigh fé láthair.

“Dá mbuafadh Corcaigh an chéad lá i gCill Airne ní déarfadh éinne i gCiarraí nach raibh sé tuillte acu, ach caitheann tú díriú ar an gcéad chluiche eile i gcónaí. Nuair a bhíos-sa ag imirt, sna blianta a bhuamar agus a chailleamar, ghlacas leis i gcónaí go mbláthaíonn na foirne is fearr sa deireadh i gcónaí.”

Dúirt Ó Sé le Tuairisc.ie chomh maith go bhfuil sé in am aghaidh a thabhairt ar athrú a dhéanamh ar leagan amach an chraobhchomórtais toisc a oiread “cluichí aontaobhacha” atá ann. Dúirt sé gur cheart do CLG coiste a bhunú láithreach chun féachaint ar na múnlaí éagsúla atá tagtha chun cinn mar mhalairt ar an gcóras atá faoi láthair ann. Mhol sé go roghnódh an coiste an múnla is fearr agus go mbainfí triail as ar feadh tréimhse trí bliana.