‘Rachel Wyse, glaoigh orm!’ – buachaillí báire na Ceathrún Rua agus spéirbhean Sky

Cé gur chaill peileadóirí an chontae, d’éirigh le seachtar fear as Conamara aird na meán a tharraingt orthu féin le beagán samhlaíochta agus go leor áidh nuair a chas siad le láithreoir Sky Sports, Rachel Wyse

capture-20150801-202704

Cé gur chaill peileadóirí na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo caite, tá seachtar as Conamara fós ag baint sásaimh an rath a bhí orthu féín an lá céanna i gceannáras CLG.

Tharraing na fir óga as Conamara – Kevin Kelly, Eoghan Ó Cadhain, Seán Breathnach, PJ Folan, Iarfhlaith Ó Conchubhair, Seán Mháire Ó Flatharta, as an gCeathrú Rua, agus Mark Folan as Indreabhán – aird orthu féin nuair a d’éirigh leo bratach mhór leis na focail ‘Rachel Wyse, glaoigh orm,’ a thabhairt isteach go Páirc an Chrócaigh. Ní hamháin gur taispeánadh ar an teilifís iad ach d’éirigh leo casadh le láithreoir Sky féin agus pictiúir a ghlacadh ina teannta chomh maith.

Dar le duine de bhaicle na bratach, Mark Folan, ní raibh d’aidhm leo ach “píosa spraoi” a bheith acu agus leathshúil acu go mb’fhéidir go bhfeicfí ar an teilifís iad. “Bhí muid ag suí thart cúpla lá roimh an gcluiche ag smaoineamh ar céard a bheadh muid in ann a dhéanamh. Bhí muid ag iarraidh rud eicínt difriúil a dhéanamh agus smaoinigh muid ar bhratach a thabhairt linn agus chum mise an mana, ‘Rachel Wyse, glaoigh orm’.”

Níorbh fhiú an tairiscint a dhéanamh gan uimhir a chur ar fáil do Rachel agus cé nach raibh duine ar bith de na Gaillimhigh ag iarraidh a n-uimhreacha féin a chur ar an mbratach, bhí plean acu. “Chuir muid uimhir fir as an gCeathrú Rua, a bhfuil aithne ag na lads air, ar an mbratach. Tá seisean ag cur faoi i Londain faoi láthair agus ní raibh tuairim ar bith aigesean faoin méid a bhí ar bun a’ainn,” a deir Mark.

Rachel Wyse

Tar éis dóibh €15 an duine a íoc chun an bhratach a réiteach, suas leo chuig Baile Átha Ciath agus níor thóg sé i bhfad orthu aird a tharraingt orthu féin. Níor thúisce iad imithe den bhus nó gur tógadh pictiúr díobh ar Shráid Uí Chonaill a scaipeadh ar na meáin shóisialta agus ar foilsíodh scéal faoi ar Joe.ie.

“Nuair a thosaigh na glaonna, ní raibh a fhios ag mo dhuine i Londain céard a bhí ag tarlú ach, de réir a chéile, chonaic sé an scéal ar Twitter agus thuig sé céard a bhí déanta againn. Bhí sé ag fáil glaonna gan choinne ag a cúig agus a sé ar maidin ach cheap sé fhéin gur píosa craic a bhí ann agus ní dóigh liom go gcuireann sé isteach ná amach air.”

Choinnigh siad an bhratach faoi cheilt ar feadh cuid den chéad leath i bPáirc an Chrócaigh, iad á crochadh nuair a scóráil Gaillimh, ach is beag nár bhain tubaiste dóibh ag leath ama nuair a d’fhág fir Chonamara a suíocháin, ag fágáil na brataí ina ndiaidh. Tháinig maor chun é a bhaint díobh ach nuair a chonaic duine de lucht tacaíochta Dhún na nGall, a bhí ina shuí timpeall orthu, céard a bhí ag tarlú, d’éirigh leis intinn an mhaoir a athrú.

Taispeánadh an bhratach ar fud na cruinne ar Sky Sports i rith an chluiche ach nuair a d’éirigh leo an méid sin a bhaint amach, dúirt siad go gcaithfidís iarracht a dhéanamh casadh le Rachel Wyse í féin.

Níor éirigh ach seisear den seachtar é sin a dhéanamh, áfach. “Bhí ticéid agamsa d’Ardán Uí Ógáin agus bhí an chuid eile trasna uaim in Ardán Uí Chíosóg. Chlis ar an an bhfón agam i rith an chluiche agus chaill mé amach ar dheireadh an scéil. Tá mé croíbhriste,” a deir Mark.

Nuair a bhí an cluiche thart agus an slua ag fágáil Pháirc an Chrócaigh, luigh an seisear amach orthu féin chun an láithreoir a bhaint amach. “Thosaigh siad ag cnagadh ar fhuinneoga agus doirse go dtí gur lig glantóir isteach i halla eicínt iad. Cé go raibh daoine ag breathnú orthu, d’inis siad a scéal le duine d’oibrithe Sky; thaitin sé leis, agus dúirt sé leo fanacht ag an mbeár.”

Tar éis dóibh tamall a chaitheamh ag an mbeár, ní raibh tásc ná tuairisc fós ar Wyse agus bhí na lads réidh a hata a chaitheamh leis mar chúram agus bóthar a bhualadh. “Bhí siad ag déanamh ar an doras ach ansin ghlaoigh duine eicínt ar ais iad agus cé a bhí ann ach Rachel Wyse.”

Bhí Wyse lánsásta pictiúr a ghlacadh le fir na Ceathrún Rua agus é a scaipeadh ar Twitter í féin ach bhí fear amháin nár thaitin deireadh an scéil an oiread sin leis. “Bhí mise ag suí tigh Quinn ag ól liom fhéin agus nuair a tháinig na lads ar ais ag taispeáint na bpictiúr dhom agus ag insint an scéil dhom.Bhris sé mo chroí arís,” a deir Mark.

Fág freagra ar '‘Rachel Wyse, glaoigh orm!’ – buachaillí báire na Ceathrún Rua agus spéirbhean Sky'