‘It is inconsistent with National Dignity to adapt our place-names to suit foreigners or those who ape them’

Tá raic ann faoi láthair faoi ainm chathair Dhoire. Ó Kingstown go Charleville go Navan go Dingle, ní hé an chéad uair a chothaigh logainmneacha na hÉireann aighneas

 

Derry2

Bhí raic ann i gcathair Londaindoire/Londonderry/Derry/Doire Cholm Cille Chaglaigh an tseachtain seo caite nuair a ritheadh rún i gcomhairle na cathrach go n-athainmneofaí an chathair go dtí ‘Derry’. Níorbh é seo an chéad uair go raibh achrann agus díospóireacht ann faoi logainmneacha na tíre seo.

Tá a fhios ag an saol Fodhlach gurbh iad na Sasanaigh a chuir litriú aisteach ar logainmneacha dúchais Gaeilge nuair a chuaigh an Ordanáis Suirbhéireachta i mbun oibre sa bhliain 1846. In ainneoin an tslada a rinneadh ar theanga dhúchais na tíre agus ar an oidhreacht a bhain leis na logainmneacha – feall a bhfuil a rian fós ann  – éacht a bhí in obair an Ordanáis agus, murach é, ní bheadh na léarscáileanna cruinne cearta againn is atá inniu.

Ar ndóigh, cuireadh Béarla ar chuid mhaith de na logainmneacha i bhfad roimh theacht lucht déanta na léarscáile ach deimhníodh a n-áit mar leaganacha údarásacha nuair a chuir fir Arm na Breataine i gcló iad.

Is ceist íogair í ceist na logainmneacha, ach an oiread le ceist ainm nó sloinne, agus is minic a bhíonn croí duine san ábhar agus go n-airítear ceangal láidir le háit dúchais agus leis an ainm atá uirthi.

Mar sin, ní haon iontas é go gcuirtear an lasóg sa bharrach nuair a dhéantar logainmneacha a athrú – go háirithe i gcás Dhoire, áit a bhfuil baint ollmhór ag an bpolaitíocht, ní áirím an oidhreacht, leis an logainm.

De réir mo chuid taighde féin, ba é Biorra i gContae Uíbh Fhailí (nó King’s County mar a thugtaí air ag an am) an chéad bhaile a rinne an t-athrú ó ainm Gallda go hainm leath-Ghaelach sa mhéid is gur baisteadh ‘Birr’ air. Parsonstown a bhíodh ar Birr, mar a thugtar anois air, go dtí na 1890idí. Ní léir cén fáth nó cén chaoi a ndearnadh an t-athrú sin ach is beag caint a bhí sna nuachtáin faoi ag an am.

Tá tagairtí go leor do bheairic Bhiorra, nó Birr Barracks, ó lár na naoú haoise déag ar aghaidh ach níor tugadh Birr ar an mbaile féin go dtí deireadh an chéid. Is beag duine a d’aithneodh Parsontown sa lá atá inniu ann.

Ba iad comhairleoirí Shinn Féin agus an SDLP a chuir an rún ar aghaidh i gcomhairle Dhoire an tseachtain seo caite. Ba iad Sinn Féin agus poblachtánaigh eile a rinne go leor de na hathruithe eile ag tús an chéid seo caite.

Gan Biorra a chur san áireamh, rinneadh ar a laghad trí logainm déag, idir bhailte agus chontaetha, ar fud na tíre a ath-Ghaelú ó tionóladh an chéad Dáil i mí Eanáir na bliana 1919. Tá cuid acu fós ann agus dearmad nach mór déanta ag an bpobal ar na seanleaganacha Gallda a bhíodh ann níos lú ná céad bliain ó shin. Cé a déarfadh anois gur i Maryborough sa Queen’s County atá an t-aon phríosún ardslándála sa tír?

Níor éirigh chomh maith sin leis na logainmneacha nua (nó athbheoite is cirte a rá) in áiteanna eile. Thuigfeadh cainteoir Gaeilge láithreach cén áit go díreach a bheadh faoi chaibidil dá gcloisfeadh sé an t-ainm ‘Contae Thír Chonaill’ ach is beag cainteoir Béarla sa lá atá inniu ann a thuigfeadh gur ‘County Tir Conaill’ a bhí ar Donegal i ‘mBéarla’ sna blianta idir 1922 agus 1927.

B’fhéidir gurbh fhearr an chuimhne atá againn ar chás na hUaimhe i gContae na Mí, nó Rath Luirc i gContae Chorcaí. Athraíodh na hainmneacha sin nuair a bunaíodh an Saorstát sna 1920idí ach, de réir mhianta a bpobal, athraíodh arís iad go Navan, atá cineál Gaelach, agus Charleville, nach bhfuil Gaelach ar chor ar bith ach a bhfuil stair fhada ag baint leis.

Nuair a fógraíodh go n-athrófaí ainm Londonderry go Derry an tseachtain seo caite, bhíothas ann a cheap nár leor an t-athrú sin ó ainm fíor-Ghallda go hainm a bhí ábhairín níos Gaelaí.

Ba iad comhairleoirí Shinn Féin a d’athraigh ainm an bhaile Kingstown i ndeisceart Átha Cliath go Dún Laoghaire ar an 24 Iúil 1924. Ní gan achrann a rinneadh an t-athrú céanna. Níos luaithe an bhliain sin, ag Tionól na gComhairleoirí, labhair Seán Ó hUadhaigh (SF) amach ar son an athraithe agus de réir na dtuairiscí i Misneach (comharba An Claidheamh Soluis), “mheas lucht an Ghalldachais cos a chur leis, ach ní dhéanfadh an tUachtarán rud orthu”. Is cosúil gur labhair Ó hUadhaigh i nGaeilge i dtosach ach gur iompaigh sé ar an mBéarla in a dhiaidh sin.

Ag scríobh dó sa Freeman’s Journal tamall i ndiaidh an athraithe, d’impigh Ó hUadhaigh ar mhuintir na háite cloí leis an leagan ceart Gaeilge den logainm agus gan an t-ainm athraithe a Ghalldú in athuair.

“Permit me to appeal to the public and to the Press to preserve the proper spelling of the name of the town. I would not personally like to be responsible for altering the name ‘Kingstown’; objectionable as it is to our National Pride, if it, which is at least good English, were to be substituted by an incorrect form of the Irish name. The Council have not renamed the town ‘Dunleary’ which represents the half-hearted effort of some planter to vocalise the old name, but ‘Dún Laoghaire’. It is inconsistent with National Dignity for us Irish to adapt our place-names and our National system of phonetics to suit foreigners or those who ape them at home,” a scríobh Seán Ó hUadhaigh.

Cé gur chuir aontachtóirí in aghaidh an athraithe, is cosúil gur ghlac na comhairleoirí aontachtacha leis ar an mórchuid nuair a vótáladh ar a shon i mí Iúil na bliana 1920. Nuair a cruthaíodh clár na dtoghchán níos deireanaí sa bhliain, cuireadh ‘late Kingstown’ i lúibíní tar éis ‘Dún Laoghaire’ ionas nach mbeadh mearbhall ar an bpobal faoi ainm an bhaile. Leanadh leis an nós seo ar feadh cúpla bliain i ndiaidh an athraithe go dtí gur glanadh Kingstown ar fad ó chaint na ndaoine. Athraíodh an t-ainm ‘Dunleary’ go ‘Kingstown’ sa bhliain 1821 nuair a d’fhág an Rí Seoirse Éire tríd an gcalafort sin.

Níor éirigh chomh maith céanna leis An Uaimh ná le Ráth Luirc agus a d’éirigh le Dún Laoghaire agus Cóbh mar logainmneacha, agus tar éis mórán conspóide, shocraigh muintir na mbailte sin filleadh ar na leaganacha Gallda dá mbailte.

Nuair a rinneadh an t-athrú ó An Uaimh go Navan, bhí an Language Freedom Movement i mbarr a réime agus litreacha acu sna nuachtáin áitiúla agus náisiúnta ag clamhsán faoi cheist na logainmneacha. An chloch ba mhó ar phaidrín na gclamhsánaithe an t-am sin ná go raibh na logainmneacha oifigiúla ag cur mearbhaill ar ghnólachtaí thar sáile a bhí i mbun gnó le comhlachtaí abhus nach raibh na logainmneacha oifigiúla in úsáid acu. Bhí na glaonna gutháin a dhéantaí ag tús na seachtóidí ag brath go mór ar na hoibrithe fói. De réir tuairiscí áirithe dá nglaofaí ó Londain ag an am ag iarraidh glaoch a chur tríd chuig ‘Navan’, ní bhfaighfí mar fhreagra ach ‘ní hann do bhaile darb ainm Navan’.

Ach an oiread le bailte eile in Éirinn, ní rabhthas ar aon fhocal faoin leagan ceart Gaeilge a bheadh ar Navan an Bhéarla. Go deimhin, bhí sé ina bhriatharchath dearg idir bheirt áirithe – Séamus Mac Eoin agus S. Ó Cinnéide – ar leathanaigh na litreacha ar na nuachtáin, idir Ghaeilge agus Bhéarla, an t-am sin. Bhí Mac Eoin ag iarraidh a chur ina luí ar an bpobal gurbh fhearr glacadh le ‘Navan’ mar litriú nua ar an bhfocal ‘n-abhann’ agus gur ó ‘Áth na nAbhann’ a tháinig ainm an bhaile. Bhí an Cinnéideach uasal ag maíomh go mba cheart ‘An Uaimh’ a thabhairt ar an mbaile.

Faoi na híocóirí rátaí a fágadh an cinneadh deiridh agus vótáil a bhformhór acu do ‘Navan’. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, tháinig na hOrduithe Logainmneacha isteach a shocraigh ainm oifigiúil Gaeilge agus Béarla do gach baile in Éirinn.

Níor leor na horduithe sin le ceist ‘Baile na gCeithre Ainm’ a chur ina cheart. Athraíodh Charleville go Rathluirc ar an 9 Lúnasa 1920, ach nuair a tugadh na horduithe isteach san seachtóidí, maíodh go mba cheart ‘An Ráth’ thabhairt ar an mbaile. I gcaitheamh an ama, ní raibh ag lucht gnó an bhaile ach Charleville agus leis an gcás a chur chun donais ar fad, bhí ainm eile Gaeilge ar an mbaile ag cuid de sheanfhondúirí an cheantair – Ráth Cogain. Socraíodh le vóta an phobail go dtabharfaí ‘An Ráth’ ar an mbaile i nGaeilge agus go gcuirfí ‘Charleville’ in áit in athuair mar ainm oifigiúil Béarla.

Lean roinnt mhaith bailte eile nós seo na pobalbhreithe agus athraíodh Ceanannas agus Meathas Troim go Kells agus Edgeworthstown faoi seach. I measc na n-áiteanna eile a choinnigh an t-ainm Gaeilge nó leath-Ghaeilge, tá Offaly, Laois agus Ballydesmond (a d’athraigh ó Kingwilliamstown).

Dingle-An_Daingean_graffiti

An chonspóid is deireanaí a bhain le logainmneacha Gaeilge agus Béarla ná scéal an Daingin, nó Daingean Uí Chúis, i gCorca Dhuibhne. Nuair a tugadh isteach ordú logainmneacha eile faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla  i 2005, fágadh nach raibh stádas oifigiúil reachtúil ach amháin ag ainmneacha Gaeilge i gcás bhailte na Gaeltachta.

Ní raibh muintir an Daingin, nó muintir Chorca Dhuibhne, ar aon fhocal faoin athrú a thug Aire Gaeltachta na linne, Éamon Ó Cuív (FF), isteach. De réir na reachtaíochta nua ní bheadh le feiceáil ar chomharthaí bóthair sa cheantar ach an leagan Gaeilge ‘An Daingean’. Fearacht scéal na hUaimhe, bhí sé ina chogadh dearg faoi logainm an bhaile agus bhí dream amháin ar son ‘An Daingean’ agus an dream eile ar son ‘Dingle/Daingean Uí Chúis’.

D’éirigh le feachtasóirí ‘Dingle/Daingean Uí Chúis’ sa deireadh, agus tugadh cead do mhuintir an bhaile an dá ainm a bheith acu ar na comharthaí.

Fág freagra ar '‘It is inconsistent with National Dignity to adapt our place-names to suit foreigners or those who ape them’'

  • seán

    ‘It is inconsistent with National Dignity for us Irish to adapt our place-names and our National system of phonetics to suit foreigners or those who ape them at home,” a scríobh Seán Ó hUadhaigh. Ní mór a d’athraigh cúrsaí ó dúradh an chaint sin. Táthar fós á saobhadh agus á n-oiriúnú do lucht an Ghalldachais. Táim sa Bheilg ar saoire le mo theaghlach, i bhFlóndras is i bPléimeannais amháin atá na comharthaí ar fad, fiú in áiteanna mórthurasóireachta ar nós Brugge agus is i bhFraincis amháin ata siad ó dheas i Wallonia. Níl aon umhlú ná lútáil á dhéanamh anseo do lucht labhartha teangacha eile agus ní chuireann sé isteach ná amach ar éinne againn ..tar éis tamaill. Níor stop cúrsaí gnó ná níl aon laghdú ar líon na dturasóirí dá dheasca ach a mhalairt. Chuirfeadh sé alltacht agus olc ar na Pléimeannaigh etc dá n-iarrfaí orthu comharthaí datheangacha a chur in airde.Tá rud eile níos doimhne i gceist le crúbáil agus le humhlaíocht sin na n-Éireannach agus ní miste díriú air sin agus é a anailísiú.

  • Darragh O'Keeffe

    Alt an-suimiúil go deo…… Tá seanchomartha taobh amuigh de “Knightstown” in Oileán Dairbhre, Uíbh Ráthach, ar a bhfuil “Baile an Ridire” tugtha mar aistriúchán ar “Knighstown”. Ar na comharthaí nua-aimseartha , áfach , tugtar “An Chois” mar an leagan Gaeilge ar “Knightstown”. Is cosúil gur tharla athrú meoin sa chás san.

  • AMGC

    Maidir leis an athrú ó Parsonstown go Birr sna 1890í, féach an tagairt seo a leanas:

    1643
    “The ô Relys … spoke of lawes to be made … that all the [English] names given to Lands or places should be abolished, & the ancient names restored: The Earle of Fingall asked the deponent what was the ancient name of Virginia: He answered Aghanure (as he remembreth). The Earle then said that must be the name againe.”
    (Teistíochtaí 1641, Co. an Chabháin).

    Fianaise ar logainm gallda á chur ina cheart ag an údarás áitiúil 250 roimis sin! ;)

  • Stilla Mellis

    Alt breá! Ar mo ghabháil dom siar cúpla lá ó shin thug mé faoi deara go bhfuil nós nua á chleachtadh ag údaráis áitiúla maidir le comharthaí bóthair: gan Béarla ná Gaeilge a chur orthu ach uimhreacha. In ionad ainmneacha na mbailte fearainn a chur i nGaeilge ar bhóithre tuaithe ní chuirtear ach cibé uimhreacha a ghabhann leo ar léarscáil, a leithéid seo L123456 Ní maith liom é mar nós. Ba chóir na hainmneacha Gaeilge a thaispeáint agus iad a litriú i gceart. Ceist chonspóideach eile is ea giorrúchán na logainmneacha …

  • Glór í Eo

    Do chomóradh 1916 nach mbeadh sé go deas logainmeacha Gaeilge a thabhairt ar ais- go hárithe ainmeacha atá an-chosúil lena chéile? m.sh Cill Mór in ionad Kilmore, Tuairín in ionad Tooreen, Cill Alla in ionad Kilalla, Bheadh an fuaimniú céanna ann don lucht labhartha. Is amhlaidh atá sé in áiteanna in Albain. B’féidir go mbeadh an CLG in ann cabhrú lena leithéid d’fheachtas.