Oíche fhuar fhliuch dhorcha agus tá grúpa de lucht canbhasála Mhairéad Farrell amuigh, hataí teolaí is veisteanna lonracha orthu agus bleaist bileoga toghcháin acu.
In eastát i gCnoc na Cathrach, i gcathair na Gaillimhe, atá siad bailithe agus an uile dhuine acu ag bogadh breá bríomhar ó theach go teach.
Cosáin bheaga chúnga atá sleamhain in amanna a thugann chuig na doirse iad. Taobh istigh de dheich mbomaite, tá duine den ghrúpa canbhasála leagtha chun talaimh.
“Tá mé i gceart, tá mé i gceart, leanaigí oraibh,” a deir sé.
Ní fada go bhfuil sé ina sheasamh arís.
Athair Mhairéad Farrell a leagadh, fear a bhfuil seantaithí aige a bheith ag cnagadh ar na doirse. Bhí Mairéad Farrell féin, a d’fhás aníos i gceantar Mervue ar an taobh thoir de chathair na Gaillimhe, ag canbhasáil do Shinn Féin ó bhí sí 14 bliana déag d’aois.
“Is breá liom a bheith ag canbhasáil ach ní chomh mór sin nuair atá mise ag rith. Tá sé níos fusa nuair atá tú ag stocaireacht ar son duine eile ceapaim. Caithfidh tú a bheith an-láidir sa chloigeann,” a deir Farrell.
Éiríonn leis an lucht canbhasála labhairt le duine in thart ar theach amháin as gach cúig cinn. Am gnóthach den oíche atá ann, páistí le cur a luí, dinnéar le réiteach agus daoine ag filleadh ón obair.
Tá teachtaireacht Sinn Féin ag bharr a dteanga ag an lucht canbhasála: “Mura bhfuil tú sásta leis an rialtas atá againn faoi láthair, Sinn Féin an t-aon dream atá in ann cúrsaí a athrú. Vótáil uimhir a haon do Mhairéad Farrell.”
Ceantar meánaicmeach den chuid is mó é Cnoc na Cathrach ach tá daoine ó chúlraí éagsúla san eastát áirithe ina bhfuil muid: teaghlaigh óga, úinéirí tí, daoine a bhfuil teach ar cíos acu, mic léinn, daoine aosta agus daoine as tíortha eile.
22,000 duine atá ina gcónaí i gCnoc na Cathrach, atá ina cheantar Gaeltachta go hoifigiúil ach a bhfuil fíorbheagán Gaeilge le cloisteáil ann i bhfírinne. Gaeilgeoir amháin a casadh orainn ag na doirse le linn na hoíche stocaireachta.
Tagann fear amháin a fhad le Mairéad agus muid ag siúl na sráide, tá ceist aige faoi chás na Palaistíne.
“An dtig liom ceist a chur ort? Cén fáth nach bhfuil níos mó déanta ó thaobh smachtbhannaí de i gcoinne Iosrael. Tá sé náireach.”
“Níl a fhios agam” a deir Mairéad, “tá mise sa fhreasúra ach aontaím leat. Tá sé uafásach. Tá cinedhíothú ar bun.
“Tóg mar shampla an Bille um Chríocha Faoi Fhorghabháil, thug muid am breise don rialtas le go bhféadfadh siad an bille sin a thabhairt isteach ach rinne an rialtas cinneadh gan é sin a dhéanamh.”
Tá bealach maith ag Farrell agus í ag caint le daoine. Tá sí tuisceanach agus líofa agus ábalta labhairt faoi aon ábhar imní, an slad sa Phalaistín, múscán nó caonach liath i dtithe, easpa busanna i gCnoc na Cathrach, páistí fásta atá thall san Astráil nach bhfuil sásta filleadh mar gheall ar an ghéarchéim tithíochta, an t-ardchostas maireachtála, teipeanna sa chóras sláinte nó cúrsaí aeráide.
“Údar díomá é dom go bhfuil ceist na haeráide ligthe i ndearmad i bhfeachtas olltoghcháin 2024,” a deir duine amháin.
“Teastaíonn i bhfad níos mó tithe sa tír seo, ach caithfear a chinntiú go bhfuil na tithe tógtha go maith, tá cuid acu a tógadh le 30 bliain anuas loite ag an múscán,” an t-ábhar imní ag duine eile.
Cúrsaí iompair atá ag dó na geirbe ag bean eile, atá ar cuairt ar a máthair nach bhfuil fáil aici ar bhusanna sa cheantar.
“Tá Gaillimh go dona. Tá dhá bhus san uair ag dul ó Chnoc na Cathrach isteach sa chathair agus tá na mílte duine ina gcónaí anseo. Tá mo mháthair 70 bliain d’aois agus ní fhéadfainn ligint di dul amach lá fliuch mar seo ag brath ar bhus nach dtagann in am nó atá lán agus nach stopfaidh di.”
Freagra Farrell ar na ceisteanna seo ná vótáil do Shinn Féin atá, a deir sí, ag iarraidh deireadh a chur leis an phríobháidiú atá déanta ar sheirbhísí bus i gCnoc na Cathrach, na mílte tithe sóisialta ar ardchaighdeán a thógáil agus airgead a chur ar fáil do dhaoine le haisfheistiú a dhéanamh ar a gcuid tithe.
“Tá an córas atá ann faoi láthair chun deontas a fháil le do theach a aisfheistiú leagtha amach do dhaoine ar féidir leo íoc as. Níl fáil ag daoine ar ioncam íseal air agus níl sé mealltach mar bíonn moill mhór roinnt míonna i gceist le hairgead a fháil ar ais ón stát. Tá Sinn Féin ag iarraidh an córas a leasú ó bhonn,” a deir sí.
Chuir fear eile síos ar an mhíshástacht atá air faoin chóras sláinte, córas atá ‘plúchta agus mí-éifeachtach’, dar leis.
“Bhí deacrachtaí sláinte agam a bhain le mo chroí nuair a bhí mé ag obair sa tSlóivéin i mbliana agus fuair mé cúram iontach san ospidéal sa tír sin.
“Bhí mé isteach agus amach taobh istigh d’uair an chloig, sin a éifeachtaí is a bhí an córas ag obair sa tSlóivéin ach a mhalairt atá fíor anseo faraor in ainneoin an oiread airgid atá sa tír,” a dúirt sé.
Maidir leis an tacaíocht a bhí le brath i gCnoc na Cathrach do Shinn Féin, tá sé deacair a rá. Bhí daoine a labhair le hiarrthóir Shinn Féin do Gaillimh Thiar an-deas, fáilteach agus dearfach fiú, ach cá bhfios cad a chiallaíonn sin ó thaobh vótaí de?
Seachas duine amháin, níor casadh aon duine orainn ag na doirse a gheall go dtabharfaidís vóta céadrogha do Shinn Féin.
Ach níor casadh aon duine orainn ach oiread a dúirt go raibh siad iomlán dílis do cheachtar de na páirtithe móra a bhí sa chomhrialtas deireanach.
Concubhar Ó Liatháin
Ana dheas. Níl aon rian de chanbhasálaithe SF anseo i nGaeltacht Mhúscraí. Fuaireamar bileog Bhéarla tríd an phost, sin uile.
POR
Treise leat a Mhaighréid.