Aerstráice Chonamara Thuaidh le hoscailt go sealadach do Cheiliúradh Alcock agus Brown

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil súil aige gur féidir leas a bhaint as na haerstráicí i gConamara amach anseo le haghaidh eitiltí in eitleáin phríobháideacha

Aerstráice Chonamara Thuaidh le hoscailt go sealadach do Cheiliúradh Alcock agus Brown

Chuile sheans go mbeidh an t-aerstráice atá gar don Chloigeann i dtuaisceart Chonamara oscailte go hoifigiúil ar feadh cúpla lá, ar a laghad, an mhí seo chugainn. Beidh sé seo ar an gcéad uair a mbeidh fáil ar an aerstráice ag lucht eitleán príobháideach agus d’fhéadfadh sé múnla a leagan síos le tuilleadh úsáide a bhaint as an aerstráice seo agus as ceann Inis Bó Finne amach anseo.

Tá comhráite ar bun le tamall le súil agus go mbeadh aitheantas oifigiúil eitleoireachta ag an aerstráice i mbaile fearainn Chluain Leacht an Aba – gar don bhóthar idir an CLochán agus an Cloigeann – mar chuid de cheiliúradh Alcock agus Brown a bheidh ar bun idir an 12 agus an 16 Meitheamh.

Baineann an ceiliúradh seo leis an gcéad eitilt riamh gan aon stopadh a rinneadh as Meiriceá Thuaidh go dtí an Eoraip 100 bliain ó shin ar an 14ú agus 15ú Meitheamh 1919.

Beart ollmhór domhanda a bhí ann. Thuirling John Alcock agus Arthur Whitten Brown i bportach leath bealaigh idir an Clochán agus Baile Conaola. Bhí na spéartha os cionn an Atlantaigh sáraithe acu agus bhí an chéad mhúnla leagtha síos acu le haghaidh an taistil atá chomh coitianta sin anois, lá agus oíche idir tíortha na hEorpa agus Meiriceá Thuaidh.

Is díol spéise anois é go bhféadfadh an ceiliúradh ar an éacht sin sna spéartha tús a chur le gníomhaíocht aerthaistil ar na haerstráicí i gCluan Leacht an Aba agus ar Inis Bó Finne amach ó chósta thuaidh Chonamara.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta agus Príomh-Aoire an Rialtais, Seán Kyne inné go bhfuil súil aige féin gur féidir leas a bhaint as na haerstráicí amach anseo le haghaidh eitiltí in eitleáin phríobháideacha. “Ba mhaith liom go mbeadh deis ag daoine eitilt isteach agus amach as an gceantar,” a deir an tAire Stáit Kyne. “Chuideodh sé leis an turasóireacht agus le heacnamaíocht Chonamara.”

Níl na rialacha chomh géar i dtaobh eitiltí príobháideacha agus a bhíonn i gcás seirbhísí poiblí ach is faoi stiúir na n-údarás eitleoireachta a thagann siad araon.

Tuigtear go bhfuil Údarás Eitleoireachta na hÉireann sásta go mbeadh ceadúnas sealadach i bhfeidhm don aerstráice i gCluain Leacht an Aba le haghaidh na hócáide ceiliúrtha an mhí seo chugainn. Níl ag teastáil anois ach cead na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus tá an coiste atá ag plé leis an gceiliúradh dóchasach go mbeadh sin le fáil.

Léas dóchais a bheadh in oscailt shealadach an aerstráice in aice an Chloiginn ag an gcomhlacht pobail a chuir borradh faoin bhfeachtas go mbeadh aerstráice nó aerfort in iarthar Chonamara. Cuireadh tús leis an iarracht sin os cionn 30 bliain ó shin ach diúltaíodh cead pleanála dó, rud a tharraing raic i dtuaisceart Chonamara. Tar éis blianta fada idirbheartaíochta agus pleananna éagsúla nár oibrigh, tógadh dhá aerstráice, ceann i gCluain Leacht an Aba agus ceann eile in Inis Bó Finne agus é mar phríomhaidhm leo go mbeadh seirbhís aerthaistil ar fáil do mhuintir an oileáin. Ba é Éamon Ó Cuív a bhí ina Aire Gaeltachta ag an am.

Cuireadh go leor ceisteanna anonn agus anall faoin €9 milliún a caitheadh ar na haerstráicí. Ní fhéadfaí na haerstráicí a úsáid gan deontas láidir reáchtála ón Rialtas, mar a chuirtear ar fáil don tseirbhís aeir ar oileáin Árann, agus an glas atá ar na geataí ó shin i gCluain Leacht an Aba.

In 2012, d’fhógair Dinny McGinley a bhí ina aire stáit na Gaeltachta ag an tráth sin, go raibh an Roinn ag iarraidh scaradh leis na haerstráicí agus go scaoilfí leo ar an margadh oscailte nó ar léas ach is beag suim a cuireadh sa tairiscint.

Fágann caint Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne an dá lá seo go bhfuil lagan ar an bpolasaí sin, na haerstráicí a dhíol, faoi láthair. Tá Kyne ag súil gur féidir forbairt a dhéanamh ar an aerthaisteal príobháideach ar na haerstráicí.

Idir an dá linn, tá dealbh stairiúil de laochra na spéartha, John Alcock agus Arthur Whitten Brown, tugtha anall go dtí an Clochán ó Aerfort Heathrow i Londain. I 1954 a cuireadh an dealbh stairiúil cloch aoil seo taobh amuigh d’Aerfort Heathrow. Rialtas na Breataine a d’íoc as agus bhí sé ar an gcéad chuimhneacháin ar Alcock agus Brown agus ar an éacht a rinneadar.

Labhair ionadaí sinsearach as Ambasáid na Breataine in Éirinn sa gClochán an tseachtain seo nuair a nochtadh an dealbh ansin. Tuigtear go raibh rún ag Ambasadóir na Breataine a bheith ag an ócáid ann ach bhain cruóg eile dó agus imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach á phlé.

I 1954 a cuireadh an dealbh stairiúil cloch aoil seo taobh amuigh d’Aerfort Heathrow. Rialtas na Breataine a d’íoc as agus bhí sé ar an gcéad chuimhneacháin ar Alcock agus Brown agus ar an éacht a rinneadar.

Bhí obair mhór ag baint le hiompar an deilbh as Heathrow go dtí Óstán an Abbeyglen sa gClochán – an áit ina mbeidh sé le feiceáil as seo go ceann ocht seachtaine. Tá neart den aimsir faighte ag an dealbh agus b’éigean cás mór speisialta a dhéanamh i Londain leis an dealbh a iompar. Ceithre troithe déag ar airde atá sé agus é tonna meáchain. Bhí sé cúig lá ar bóthar sular shroich sé iarthar Chonamara.

Tuige nach bhfuil aitheantas tugtha do Alcock agus Brown ag ceann de phríomh-aerfoirt na hÉireann? Sin ceist atá á cur i gConamara de bharr na hócáide ceiliúrtha agus dealbh Heathrow a bheith leaindeáilte sa gClochán.

Níl a fhios go baileach cén t-údar atá leis sin ach san am a ndearna Alcock agus Brown a n-éacht san aer ba iad rialtas na Breataine a bhí i gceannas na tíre seo agus ba é nuachtáin an Daily Mail a chuir suas an duais mhór don turas – £10,000 i 1919.

Ba as an mBreatain Alcock agus Brown agus bhí cúlra san arm acu. Éacht de chuid na Breataine a bhí san aistear anróiteach, dar le muintir na tíre sin.

Ach in 2019, d’fhéadfadh sé – i mbealaí casta an tsaoil – go gcuirfeadh éacht na beirte cróga sin tús le córas aerthaistil gar don áit sin inar thuirling siad sa bportach fadó.

Fág freagra ar 'Aerstráice Chonamara Thuaidh le hoscailt go sealadach do Cheiliúradh Alcock agus Brown'

  • michael boyle

    Silim go bhfuil se sin suimiuil.
    Bi fiorchinnte go bhfuil do chuid sonrai ceart
    Mar shampla–D’fhag Alcock agus Brown as LESTER’S FIELD
    Naomh Eoin(Baile Sheain) i dTalamh an Eisc i gCeanda.
    Idir an da linn.
    Micheal O’Baoill
    Naomh Eoin
    .https://www.boyletours.com/walkingonair.html